+Airteagal 61 Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 909/2014
---+Airteagal 61 (1)
---+Airteagal 61 (2)
---+Airteagal 61 (3)
---+Airteagal 61 (4)
---+Airteagal 61 (5)

Airteagal 61 Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 909/2014

Leasaítear Airteagal 45 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 mar a leanas:

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 61 (1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Sainaithneoidh TLU na foinsí a bhaineann le riosca oibríochtúil, idir inmheánach agus seachtrach, agus íoslaghdóidh sí a dtionchar freisin trí úsáid a bhaint as uirlisí, próisis agus beartais TFC iomchuí arna gcur ar bun agus arna mbainistiú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3) , agus trí aon uirlisí, rialuithe agus nósanna imeachta iomchuí ábhartha eile maidir le cineálacha rioscaí oibríochtúla eile, lena n-áirítear le haghaidh na gcóras socraíochta urrús go léir a oibríonn sí.

(*3)  Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 909/2014 agus (AE) 2016/1011 (IO L 333, 27.12.2022, lch. 1).”;"

Airteagal 61 (2)

scriostar mír 2;

Airteagal 61 (3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 3 agus 4:

“3.   Le haghaidh na seirbhísí a sholáthraíonn sí agus le haghaidh gach córais socraíochta urrús a oibreoidh sí, déanfaidh TLU beartas leordhóthanach um leanúnachas gnó agus plean athshlánaithe i gcás tubaiste, lena n-áirítear beartas leanúnachais gnó TFC agus pleananna freagartha agus athshlánaithe TFC arna mbunú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/2554 , a bhunú, a chur chun feidhme agus a choinneáil, ionas go n-áiritheofar caomhnú a sheirbhísí, athshlánú tráthúil na n-oibríochtaí agus comhlíonadh oibleagáidí TLU i gcás imeachtaí lena mbainfeadh riosca suntasach go gcuirfí isteach ar oibríochtaí.

4.   Leis an bplean dá dtagraítear i mír 3, déanfar foráil maidir le hathshlánú gach idirbhirt agus gach seasaimh rannpháirtí tráth an chur isteach ionas go bhféadfaidh rannpháirtithe TLU leanúint orthu ag oibriú faoi chinnteacht agus socraíocht a dhéanamh ar an dáta sceidealta, lena n-áirítear trína áirithiú go mbeifear in ann córais TF chriticiúla a chur ag obair ó thráth an chur isteach dá bhforáiltear in Airteagal 12(5) agus (7) de Rialachán (AE) 2022/2554.”;

Airteagal 61 (4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

“6.   Sainaithneoidh agus bainisteoidh TLU na rioscaí ó thaobh a oibríochtaí a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil le príomh-rannpháirtithe sna córais socraíochta urrús a oibreoidh sé, agus le soláthraithe seirbhísí agus fóntais, le TLUnna eile nó le bonneagair eile mhargaidh agus déanfaidh sé faireachán orthu. Cuirfidh sé faisnéis ar fáil do na húdaráis inniúla agus ábhartha maidir le haon riosca den chineál sin a shainaithneofar, ach a n-iarrfar sin. Cuirfidh sé an t-údarás inniúil agus na húdaráis ábhartha ar an eolas freisin gan mhoill faoi aon imeacht oibríochtúil a eascróidh as rioscaí den chineál sin, seachas i ndáil le riosca TFC.”;

Airteagal 61 (5)

i mír 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“7.   Forbróidh ÚEUM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun go saineofar na rioscaí oibríochtúla dá dtagraítear i míreanna 1 agus 6, seachas riosca TFC, na modhanna chun na rioscaí sin a thástáil, chun aghaidh a thabhairt orthu nó chun iad a íoslaghdú, lena n-áirítear na beartais um leanúnachas gnó agus na pleananna athshlánaithe ó thubaiste dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 agus na modhanna chun measúnú a dhéanamh orthu.”.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas