|
+Airteagal 215 1. |
Airteagal 215 1.Cáileoidh ráthaíochtaí mar chosaint neamhchistithe creidmheasa incháilithe i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha ar fad in Airteagal 213 agus na coinníollacha seo a leanas ar fad:
(a)
ar mhainneachtain cháilitheach an oibleagáideora, nó ar an méid dlite gan a bheith íoctha aige, tá sé de cheart ag an institiúid iasachtaí an ráthóir a thóraíocht go tráthúil i leith airgead ar bith atá dlite faoin éileamh a bhfuil an chosaint á soláthar ina leith;
(b)
is oibleagáid atá doiciméadaithe go sainráite arna gabháil ag an ráthóir atá sa ráthaíocht;
(c)
comhlíontar ceachtar de na coinníollacha seo a leanas:
(i)
cumhdaítear gach cineál íocaíochta atáthar ag súil go ndéanfadh an oibleagáideoir maidir leis an éileamh faoin ráthaíocht;
(ii)
i gcás ina ndéantar cineálacha faoi leith íocaíochta a eisiamh ón ráthóir, tá luach na ráthaíochta coigeartaithe ag an institiúid iasachtaí chun an cumhdach teoranta a léiriú. Ní bheidh íocaíocht an ráthóra faoi réir an institiúid iasachtaí a bheith ag tóraíocht an oibleagáideora ar dtús. I gcás cosaint creidmheasa neamhchistithe lena gcuimsítear iasachtaí morgáiste cónaithe, ní cheanglófar na ceanglais in Airteagal 213(1), pointe (c)(iii), agus sa chéad fhomhír, pointe (a), den mhír seo, a chomhlíonadh ach laistigh de 24 mhí. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|