|
+Airteagal 215 2. |
Airteagal 215 2.I gcás ráthaíochtaí arna soláthar i gcomhthéacs comhscéimeanna ráthaíochta nó arna soláthar nó arna bhfrithráthú ag na heintitis a liostaítear in Airteagal 214(2), measfar go mbeidh na ceanglais i mír 1, pointe (a), den Airteagal seo agus in Airteagal 213(1), pointe (c)(iii), comhlíonta i gcás ina gcomhlíonfar ceachtar de na coinníollacha seo a leanas:
(a)
de bhun mhainneachtain cháilitheach an oibleagáideora bunaidh nó an méid dlite gan a bheith íoctha aige, tá sé de cheart ag an institiúid iasachtaí íocaíocht shealadach a fháil go tráthúil ón ráthóir, ar íocaíocht í a chomhlíonann an dá choinníoll seo a leanas:
(i)
léiríonn an íocaíocht shealadach meastachán stóinsithe ar an gcaillteanas, ar caillteanas é is dócha a thabhóidh an institiúid iasachtaí, lena n-áirítear caillteanais a thagann ó ús gan íoc agus cineálacha eile íocaíochta a bhfuil oibleagáid ar an iasachtaí iad a dhéanamh;
(ii)
tá an íocaíocht shealadach comhréireach le cumhdach na ráthaíochta;
(b)
is féidir leis an institiúid iasachtaí a léiriú chun sástachta an údaráis inniúil go dtugann éifeachtaí na ráthaíochta, a chumhdóidh caillteanais a thagann ó ús gan a bheith íoctha agus cineálacha íocaíochta eile a bhfuil oibleagáid ar an iasachtaí iad a dhéanamh freisin, go dtugann siad údar leis an láimhseáil sin; déanfar an t-údarú sin a dhoiciméadú i gceart agus beidh sé faoi réir faomhadh tiomnaithe inmheánach agus nósanna imeachta iniúchóireachta. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|