|
+Airteagal 325az 2. |
Airteagal 325az 2.Tar éis dóibh a fhíorú gur chomhlíon na hinstitiúidí na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 325bh, 325bi agus 325bj, ceadóidh údaráis inniúla d'institiúidí a gceanglais cistí dílse féin do phunann na suíomhanna go léir arna sannadh do dheasca trádála a ríomh trí úsáid a bhaint as a samhlacha inmheánacha i gcomhréir le hAirteagal 325ba, ar choinníoll go gcomhlíonfar na ceanglais uile seo a leanas:
(a)
bunaíodh na deasca trádála i gcomhréir le hAirteagal 104b;
(b)
tá sé mínithe ag an institiúid don údarás inniúil cad chuige ar chuimsigh sí deasca trádála i raon feidhme chur chuige na samhla inmheánaí malartaí;
(c)
tá na ceanglais chúltástála dá dtagraítear in Airteagal 325bf(3) á gcomhlíonadh ag na deasca trádála;
(d)
tá na ceanglais sannta brabúis agus caillteanais (“sannadh B&C”) dá dtagraítear in Airteagal 325bg á gcomhlíonadh ag na deasca trádála;
(e)
maidir le deasca trádála ar sannadh ceann amháin de na suíomhanna leabhair trádála dá dtagraítear in Airteagal 325bl, comhlíonann na deasca trádála na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 325bm maidir leis an tsamhail phriacail mainneachtana inmheánach;
(f)
níor sannadh aon suíomhanna urrúsúcháin ná aon suíomhanna ath-urrúsúcháin do na deasca trádála;
(g)
níl aon suíomh i ngnóthais chomhinfheistíochta a chomhlíonann an coinníoll a leagtar amach in Airteagal 104(8), pointe (b), sannta do na deasca trádála. Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo, ní bheidh sé ina dhreasacht gan deasca trádála a chuimsiú i raon feidhme chur chuige na samhla inmheánaí malartaí go mbeadh an ceanglas cistí dílse arna ríomh faoin gcur chuige malartach caighdeánaithe a leagtar amach i bpointe (a) d'Airteagal 325(3) níos ísle ná an ceanglas cistí dílse arna ríomh faoi chur chuige na samhla inmheánaí malartaí; 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|