+Airteagal 429e 7.

Airteagal 429e 7.

I gcás ina ngníomhaíonn institiúid mar ghníomhaire idir dhá pháirtí i leith idirbhirt um maoiniú urrús, lena n-áirítear idirbheart um maoiniú urrús lasmuigh den chlár comhardaithe, beidh feidhm ag na forálacha seo leanas maidir le tomhas na ►C12  neamhchosainta ◄ iomláine ar an institiúid a ríomh:

(a) 

I gcás ina soláthraíonn institiúid slánaíocht nó ráthaíocht do cheann amháin de na páirtithe i leith an idirbhirt um maoiniú urrús agus ina bhfuil an tslánaíocht nó an ráthaíocht teoranta d'aon difríocht idir luach an urrúis nó an airgid a thug an páirtí ar iasacht agus luach na comhthaobhachta a sholáthair an t-iasachtaí, ní áireoidh an institiúid ach an forlíontán arna ríomh i gcomhréir le mír 2 nó le mír 3 mar is infheidhme, i dtomhas na ►C12  neamhchosainta ◄ iomláine;

(b) 

i gcás nach soláthraíonn an institiúid slánaíocht nó ráthaíocht d'aon cheann de na páirtithe lena mbaineann, ní áireofar an t-idirbheart sa tomhas ►C12  neamhchosainta ◄ iomlán;

(c) 

i gcás ina bhfuil an institiúid ar ris ó thaobh an gheilleagair de ar an urrús foluiteach nó ar airgead an idirbhirt go dtí méid níos mó ná an ►C12  neamhchosainta ◄ atá cumhdaithe ag an bhforlíontán, áireoidh sí sa tomhas ►C12  neamhchosainta ◄ iomlán méid iomlán an urrúis nó an airgid a bhfuil sí ar ris air;

(d) 

i gcás ina soláthraíonn an institiúid, agus í ag gníomhú ina gníomhaire, slánaíocht nó ráthaíocht don dá pháirtí a bhaineann leis an idirbheart um maoiniú urrús, ríomhfaidh an institiúid a tomhas ►C12  neamhchosainta ◄ iomlán i gcomhréir le pointe (a), pointe (b) agus pointe (c) ar leithligh do gach páirtí a bhaineann leis an idirbheart.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas