+Airteagal 430 9.

Airteagal 430 9.

Rachaidh údaráis inniúla i gcomhairle le ÚBE chun a shocrú ar cheart d'institiúidí, seachas iad siúd dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 4, tuairisciú ar fhaisnéis airgeadais ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir le mír 3, ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

níl na hinstitiúidí ábhartha ag tuairisciú cheana féin ar bhonn comhdhlúite;

(b) 

tá na hinstitiúidí ábhartha faoi réir creat cuntasaíochta i gcomhréir le Treoir 86/635/CEE;

(c) 

meastar go bhfuil an tuairisciú airgeadais riachtanach chun léargas cuimsitheach a thabhairt ar phróifíl ►C12  riosca ◄ a bhaineann le gníomhaíochtaí na n-institiúidí sin agus ar na ►C12  riosca ◄ shistéamacha a chuirfidh siad ar an earnáil airgeadais nó ar an bhfíorgheilleagar mar a leagtar amach iad i Rialachán (CE) Uimh. 1093/2010.

Cuirfidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme i dtoll a chéile chun na formáidí agus na teimpléid a shonrú a mbainfidh na hinstitiúidí dá dtagraítear sa chéad fhomhír úsáid astu chun na gcríoch sin a leagtar amach san fhomhír sin.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa dara fomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas