+Airteagal 32 Luach saothair inathraithe
---+Airteagal 32 1.
---+Airteagal 32 2.
---+Airteagal 32 3.
---+Airteagal 32 4.
---+Airteagal 32 5.
---+Airteagal 32 6.
---+Airteagal 32 7.
---+Airteagal 32 8.
---+Airteagal 32 9.
|
Airteagal 32 Luach saothair inathraithe
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 32 1.
|
Maidir le haon luach saothair inathraithe a bhronnfaidh agus a íocfaidh gnólacht infheistíochta le catagóirí foirne dá dtagraítear in Airteagal 30(1), áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh sé gach ceann de na ceanglais seo a leanas faoi na coinníollacha céanna a leagtar amach in Airteagal 30(3):
(a)
i gcás ina mbaineann an luach saothair inathraithe le feidhmíocht, tá méid iomlán an luacha saothair inathraithe bunaithe ar mheascán den mheasúnú ar fheidhmíocht an duine aonair, den mheasúnú ar fheidhmíocht an aonaid gnó lena mbaineann agus den mheasúnú ar thorthaí foriomlána an ghnólachta infheistíochta;
(b)
agus measúnú á dhéanamh ar fheidhmíocht an duine aonair, cuirtear critéir airgeadais agus critéir neamhairgeadais araon san áireamh;
(c)
tá an measúnú ar an bhfeidhmíocht dá dtagraítear i bpointe (a) bunaithe ar thréimhse ilbhliantúil, agus cuirfear san áireamh timthriall gnó an ghnólachta infheistíochta agus a rioscaí gnó;
(d)
ní imríonn an luach saothair inathraithe tionchar ar chumas an ghnólachta infheistíochta bonn caipitil fónta a áirithiú;
(e)
níl aon luach saothair inathraithe ráthaithe ann cé is moite den luach saothair do bhaill foirne nua, agus, sa chás sin, le linn na chéad bhliana fostaíochta ag na baill foirne sin, agus le linn na bliana sin amháin, agus i gcás ina mbíonn bonn láidir caipitil ag an ngnólacht infheistíochta;
(f)
tá na híocaíochtaí a bhaineann le foirceannadh luath conartha fostaíochta ina léiriú ar an bhfeidhmíocht a bhain an duine aonair amach leis an aimsir agus ní chúitíonn siad loiceadh ná mí-iompar;
(g)
na pacáistí luacha saothair a bhaineann le cúiteamh nó ceannach amach as conarthaí i bhfostaíocht roimhe sin, tá siad i gcomhréir le leasanna fadtéarmacha an ghnólachta infheistíochta;
(h)
sa tomhas ar fheidhmíocht a úsáidfear mar bhonn do ríomh na gcomhthiomsuithe de luach saothair inathraithe, cuirtear san áireamh gach cineál riosca atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo agus costas an chaipitil agus na leachtachta a cheanglaítear i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2019/2033;
(i)
i leithdháileadh na gcomhpháirteanna luacha saothair inathraithe laistigh den ghnólacht infheistíochta, cuirtear san áireamh gach cineál riosca atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo;
(j)
aon cheann de na hionstraimí seo a leanas atá i 50 % ar a laghad den luach saothair inathraithe:
(i)
scaireanna nó leasanna úinéireachta coibhéiseacha, faoi réir struchtúr dlíthiúil an ghnólachta infheistíochta lena mbaineann;
(ii)
ionstraimí atá nasctha le scaireanna nó ionstraimí neamhairgid coibhéiseacha, faoi réir struchtúr dlíthiúil an ghnólachta infheistíochta lena mbaineann;
(iii)
ionstraimí Breise Leibhéal 1 nó ionstraimí Leibhéal 2 nó ionstraimí eile is féidir a thiontú ina n‐iomláine go hionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 nó a dhíluacháil agus a léiríonn go hiomchuí cáilíocht chreidmheasa an ghnólachta infheistíochta mar ghnóthas leantach;
(iv)
ionstraimí neamhairgid lena léirítear ionstraimí na bpunann arna mbainistiú;
(k)
de mhaolú ar phointe (j), i gcás nach n‐eisíonn an gnólacht infheistíochta aon cheann de na hionstraimí dá dtagraítear sa phointe sin, féadfaidh na húdaráis inniúla úsáid socruithe malartacha lena gcomhlíonfaí na cuspóirí céanna a fhormheas;
(l)
cuirtear siar 40 % ar a laghad den luach saothair inathraithe le linn tréimhse trí bliana go cúig bliana mar is iomchuí, de réir thimthriall gnó an ghnólachta infheistíochta, chineál a ghnó, a rioscaí agus ghníomhaíochtaí an duine aonair i gceist, ach amháin i gcás luach saothair inathraithe de mhéid an-mhór más é 60 % ar a laghad an sciar den luach saothair inathraithe atá iarchurtha;
(m)
ceaptar suas le 100 % den luach saothair inathraithe i gcás ina mbeidh feidhmíocht airgeadais an ghnólachta infheistíochta marbhánta nó diúltach, lena n‐áirítear le socruithe malus nó aisghlámtha faoi réir critéir arna leagan síos ag na gnólachtaí infheistíochta lena gcumhdaítear, go háirithe, cásanna inar fíor an méid seo a leanas maidir leis an duine aonair i gceist:
(i)
ghlac sé nó sí in iompar as ar thabhaigh an gnólacht infheistíochta caillteanais mhóra nó bhí sé nó sí freagrach as iompar den sórt sin;
(ii)
ní mheastar go bhfuil sé nó sí cuí cóir a thuilleadh;
(n)
tá na sochair phinsin lánroghnacha i gcomhréir le straitéis ghnó, cuspóirí, luachanna agus leasanna fadtéarmacha an ghnólachta infheistíochta.
|
|
Airteagal 32 2.
|
Chun críocha mhír 1, áiritheoidh na Ballstáit an méid seo a leanas:
(a)
ní úsáideann na daoine aonair dá dtagraítear in Airteagal 30(1) straitéisí imfhálaithe pearsanta ná árachas luacha saothair ná árachas a bhaineann le dliteanais chun dul i gcoinne na bprionsabal dá dtagraítear i mír 1;
(b)
ní íoctar luach saothair inathraithe trí mheáin airgeadais ná modhanna lena n‐éascófar neamh-chomhlíonadh na Treorach seo nó Rialachán (AE) Uimh. 2019/2033.
|
|
Airteagal 32 3.
|
Chun críocha phointe (j) de mhír 1, beidh na hionstraimí dá dtagraítear sa phointe sin faoi réir beartas coinneála iomchuí a bheidh ceaptha chun dreasachtaí an duine aonair a chur in oiriúint do leasanna fadtéarmacha an ghnólachta infheistíochta, a chreidiúnaithe agus a chliaint. Féadfaidh na Ballstáit nó a n‐údaráis inniúla srianta a chur le cineál agus ceapadh na n‐ionstraimí sin nó toirmeasc a chur ar ionstraimí áirithe a úsáid le haghaidh luach saothair inathraithe. Chun críocha phointe (l) de mhír 1, ní dhílseoidh iarchur an luacha saothair inathraithe níos tapa ná bonn pro rata. Chun críocha phointe (n) de mhír 1, i gcás ina bhfágfaidh an fostaí an gnólacht infheistíochta roimh aois scoir, coinneofar sochair phinsin lánroghnacha i seilbh an ghnólachta infheistíochta ar feadh cúig bliana i bhfoirm ionstraimí dá dtagraítear i bpointe (j). I gcás ina mbaineann an fostaí aois scoir amach agus ina dtéann sé nó sí ar scor, íocfar sochair phinsin lánroghnacha leis an bhfostaí i bhfoirm ionstraimí dá dtagraítear i bpointe (j), faoi réir tréimhse choinneála cúig bliana ag an bhfostaí sin.
|
|
Airteagal 32 4.
|
Ní bheidh feidhm ag pointí (j) agus (l) de mhír 1 ná an tríú fomhír de mhír 3 maidir leo seo a leanas:
(a)
gnólacht infheistíochta, i gcás ina bhfuil luach a sócmhainní laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe, ar an meán, cothrom le EUR 100 milliún, nó níos lú ná sin, ar feadh na tréimhse ceithre bliana díreach roimh an mbliain airgeadais áirithe;
(b)
duine aonair nach mó ná EUR 50 000 a luach saothair inathraithe bliantúil agus nach mó é ná aon cheathrú amháin de luach saothair bliantúil iomlán an duine aonair sin.
|
|
Airteagal 32 5.
|
De mhaolú ar phointe (a) de mhír 4, féadfaidh Ballstát an tairseach dá dtagraítear sa phointe sin a mhéadú ar choinníoll go gcomhlíonann an gnólacht infheistíochta na critéir seo a leanas:
(a)
níl an gnólacht infheistíochta ar cheann de na trí ghnólacht infheistíochta is mó ó thaobh luach iomlán sócmhainní sa Bhallstát sin ina bhfuil siad bunaithe;
(b)
níl an gnólacht infheistíochta faoi réir oibleagáidí nó tá sé faoi réir oibleagáidí simplithe i ndáil leis an bpleanáil téarnaimh agus réitigh i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir 2014/59/AE;
(c)
is ionann méid ghnó leabhair trádála an ghnólachta infheistíochta laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe agus EUR 150 milliún nó is lú ná sin é;
(d)
is ionann méid ghnó díorthach an ghnólachta infheistíochta laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe agus EUR 100 milliún nó is lú ná sin é;
(e)
ní mó ná EUR 300 milliún an tairseach; agus
(f)
is iomchuí an tairseach a mhéadú, agus aird á tabhairt ar chineál agus raon feidhme ghníomhaíochtaí an ghnólachta infheistíochta, ar a eagar inmheánach, agus, i gcás inarb infheidhme, ar shaintréithe an ghrúpa lena mbaineann sé.
|
|
Airteagal 32 6.
|
De mhaolú ar phointe (a) de mhír 4, féadfaidh an Ballstát an tairseach dá dtagraítear sa phointe sin a laghdú ar choinníoll gurb iomchuí sin a dhéanamh, agus aird á tabhairt ar chineál agus raon feidhme ghníomhaíochtaí an ghnólachta infheistíochta, ar a eagar inmheánach, agus, i gcás inarb infheidhme, ar shaintréithe an ghrúpa lena mbaineann sé.
|
|
Airteagal 32 7.
|
De mhaolú ar phointe (b) de mhír 4, féadfaidh Ballstát a chinneadh maidir le baill foirne a bhíonn i dteideal luach saothair inathraithe bliantúil is ísle ná an tairseach agus an sciar dá dtagraítear sa phointe sin a fháil, nach mbeidh siad faoi réir na díolúine a leagtar amach ann i ngeall ar shonraíochtaí an mhargaidh náisiúnta i dtéarmaí cleachtas luacha saothair nó mar gheall ar chineál na bhfreagrachtaí nó ar phróifíl an phoist atá ag na baill foirne sin.
|
|
Airteagal 32 8.
|
Forbróidh ÚBE, i gcomhairle le ÚEUM, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na haicmí ionstraimí a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (j)(iii) de mhír 1 a shonrú agus chun socruithe malartacha féideartha a leagtar amach i bpointe (k) de mhír 1 a shonrú.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 26 Meitheamh 2021.
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
|
|
Airteagal 32 9.
|
Glacfaidh ÚBE, i gcomhairle le ÚEUM, treoirlínte lena n‐éascófar cur chun feidhme mhíreanna 4, 5 agus 6 agus áiritheoidh sé go gcuirfear i bhfeidhm go comhsheasmhach iad.
|
,
1.1 Tagairtí
- 112. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil beartais agus …
- 113. Ba cheart d’údaráis inniúla an méid seo a leanas ar a laghad a mheasúnú: a. cibé acu atá nó …
- 34. I ndáil leis an gcleachtadh bailithe sonraí maidir le lucht ardioncaim, ba cheart lucht …
- 14. Ba cheart d’údaráis inniúla sonraí faoin bhearna phá idir na hinscní a bhailiú agus a chur faoi …
- 27. Chun críocha Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III, is éard atá i bhfoireann shainaitheanta an …
- 35. Chun foireann a leithdháileadh ar réimsí gnó agus catagóirí foirne, ba cheart do ghnólachtaí …
- 25. Gan dochar do na cúraimí agus freagrachtaí a shanntar don chomhlacht bainistíochta faoi Threoir …
- 82. Ba cheart don mháthairghnóthas de chuid an Aontais a áirithiú go mbeidh socruithe, próisis agus …
- 5. Sonraítear leis na treoirlínte seo freisin, i gcomhréir le hAirteagal 26(4) agus le hAirteagal …
- 18. I gcás go ndámhtar luach saothair inathraithe, ba cheart go mbeadh dámhachtainí dá leithéid …
- 22. I gcás go gcuirtear beartais luach saothair nó grúpbheartais luach saothair chun feidhme i …
- 74. Agus na ceanglais á gcur i bhfeidhm ar bhonn comhdhlúite, beidh feidhm ag na ceanglais maidir …
- 83. Chun na gcríoch thuas, ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta agus d’údaráis inniúla na …
- 124. Faoi Threoir (AE) 2019/2034, is ionann luach saothair agus luach saothair seasta nó luach …
- 143. Is luach saothair inathraithe iad bónais choinneála agus dá bhrí sin má dhámhtar iad ar bhaill …
- 166. Ba cheart scaoilíocaíochtaí a mheas mar luach saothair inathraithe agus mar phrionsabal …
- 181. I gcás go n-úsáideann gnólachtaí infheistíochta conarthaí gearrthéarmacha (e.g. bliain amháin) …
- 88. When determining the sufficient number of independent members, the principle of proportionality …
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|