+113. Ba cheart d’údaráis inniúla an méid seo a leanas ar a laghad a mheasúnú: a. cibé acu atá nó …

113. Ba cheart d’údaráis inniúla an méid seo a leanas ar a laghad a mheasúnú: a. cibé acu atá nó …

Ba cheart d’údaráis inniúla an méid seo a leanas ar a laghad a mheasúnú:

  • a. cibé acu atá nó nach bhfuil an beartas luacha saothair don fhoireann ar fad comhsheasmhach le straitéisí gnó agus riosca an ghnólachta infheistíochta, leasanna fadtéarmacha an ghnólachta infheistíochta agus na bearta a glacadh chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint, neodrach ó thaobh inscne de agus nach spreagann sé glacadh riosca iomarcach agus go bhfuil sé á chothabháil, á fhormheas agus á mhaoirsiú ag an gcomhlacht bainistíochta;
  • b. cibé acu atá nó nach bhfuil comhaltaí foirne a bhfuil tionchar ábhartha ag a ngníomhaíochtaí gairmiúla ar phróifíl riosca nó sócmhainní an ghnólachta riosca 37 atá á mbainistiú sainaitheanta go cuí agus de réir an chaighdeáin theicniúil rialála faoi Airteagal 30(4) de Threoir (AE) 2019/2034;
  • c. cibé acu atá nó nach bhfuil tionchar ag luach saothair athraitheach ar chumas an ghnólachta infheistíochta bonn caipitil fhónta a áirithiú agus go bhfuil ceanglais Airteagal 32 de Threoir (AE) 2019/2034 á gcomhlíonadh;
  • d. cibé acu atá nó nach bhfuil luach saothair na bhfeidhmeanna rialaithe inmheánaigh, sa chás go bhfuil a leithéid bunaithe, nasctha le feidhmiú na ngníomhaíochtaí a dhéanann na feidhmeanna rialaithe a mhonatóiriú agus a rialú agus nach bhfuil tionchar aige ar shlí ar bith eile ar a n-oibiachtúlacht;
  • e. cibé acu atá nó nach bhfuil gnólachtaí infheistíochta bunaithe, más cuí, coiste luacha saothair chun comhairle a chur ar an gcomhlacht bainistíochta maidir lena fheidhm mhaoirseachta agus na cinntí atá le déanamh ag an gcomhlacht seo a ullmhú. Sa chás nach gá coiste luacha saothair a chur ar bun, ba cheart na forálacha a bhaineann leis na gcoiste luacha saothair a fhorléiriú mar fhorálacha a bhaineann le feidhm mhaoirseachta an chomhlachta bainistíochta; agus
  • f. tá an beartas luacha saothair faoi réir athbhreithniú inmheánach neamhspleách a bheidh á dhéanamh ag na feidhmeanna rialaithe inmheánaigh.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/