+83. Chun na gcríoch thuas, ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta agus d’údaráis inniúla na …
|
83. Chun na gcríoch thuas, ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta agus d’údaráis inniúla na …
Chun na gcríoch thuas, ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta agus d’údaráis inniúla na critéir seo a leanas ar a laghad a chur san áireamh: - a. sócmhainní an ghnólachta infheistíochta ar an gclár comhardaithe agus lasmuigh den chlár comhardaithe agus cé acu an gcomhlíonann an gnólacht infheistíochta na critéir agus na tairseacha atá leagtha amach i mír 4 d’Airteagal 32 de Threoir (AE) 2019/2034;
- b. má tá an gnólacht infheistíochta údaraithe airgead nó sócmhainní na gcliant a shealbhú;
- c. an cineál gníomhaíochtaí agus seirbhísí údaraithe (e.g. Cuid A agus Cuid B d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE) agus seirbhísí eile (e.g. seirbhísí imréitigh) a dhéanann an gnólacht infheistíochta;
- d. méid na sócmhainní atá á mbainistiú;
- e. na sócmhainní arna gcosaint agus arna riar;
- f. méid orduithe na gcliant arna láimhseáil;
- g. méid an tsreafa trádála laethúil
- h. láithreacht gheografach an ghnólachta infheistíochta agus méid na n-oibríochtaí i ngach dlínse, lena n-áirítear i dtríú tíortha;
- i. an fhoirm dhlíthiúil agus na hionstraimí cothromais agus fiachais atá ar fáil;
- j. na modhanna a úsáidtear chun na ceanglais chaipitil a chinneadh;
- k. cé acu an bhfuil an gnólacht infheistíochta ina chuid de ghrúpa agus, má tá, an measúnú comhréireachta a rinneadh don ghrúpa agus tréithe an ghrúpa lena mbaineann an gnólacht infheistíochta; EBA Public
- l. an straitéis bhunaidh ghnó;
- m. struchtúr na ngníomhaíochtaí gnó agus an tréimhse ama, intomhaisteacht agus intuarthacht rioscaí na ngníomhaíochtaí gnó;
- n. struchtúr cistiúcháin an ghnólachta infheistíochta;;
- o. eagrú inmheánach an ghnólachta infheistíochta, lena n-áirítear leibhéal an luach saothair inathraithe is féidir a íoc le baill foirne shainaitheanta;
- p. príomhfhoinsí agus struchtúr brabús agus caillteanas an ghnólachta infheistíochta;
- q. an cineál cliant (e.g. miondíol, corparáideach, gnólachtaí beaga, eintiteas poiblí);
- r. castacht na n-ionstraimí airgeadais nó na gconarthaí airgeadais;
- s. na feidhmeanna seachfhoinsithe agus na bealaí dáileacháin;
- t. na córais teicneolaíochta faisnéise (TF) atá ann, lena n-áirítear córais leanúnachais agus feidhmeanna seachfhoinsithe sa réimse seo.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|