+25. Gan dochar do na cúraimí agus freagrachtaí a shanntar don chomhlacht bainistíochta faoi Threoir …
|
25. Gan dochar do na cúraimí agus freagrachtaí a shanntar don chomhlacht bainistíochta faoi Threoir …
Gan dochar do na cúraimí agus freagrachtaí a shanntar don chomhlacht bainistíochta faoi Threoir (AE) 2014/65, ba cheart go n-áireofaí i measc fhreagrachtaí an chomhlachta bainistíochta cur chun feidhme na nithe seo a leanas a shocrú, a fhormheas agus a mhaoirsiú: - a. an straitéis fhoriomlán ghnó agus príomhbheartais an ghnólachta infheistíochta laistigh den chreat dlíthiúil agus rialála is infheidhme, agus leas airgeadais fadtéarmach agus sócmhainneacht fhadtéarmach an ghnólachta infheistíochta á gcur san áireamh;
- b. an straitéis riosca fhoriomlán, lena n-áirítear inghlacthacht riosca an ghnólachta infheistíochta agus a chreat bainistíochta riosca, lena n-áirítear beartais agus nósanna imeachta leordhóthanacha, agus an timpeallacht mhaicreacnamaíoch agus timthriall gnó an ghnólachta infheistíochta á gcur san áireamh agus bearta lena áirithiú go
| gcaithfidh | an comhlacht bainistíochta dóthain ama ag díriú ar shaincheisteanna a |
bhaineann le bainistíocht riosca; rialachas inmheánach agus creat rialaithe inmheánaigh leordhóthanach agus éifeachtach lena n-áirítear struchtúr eagraíochtúil soiléir agus sásraí rialaithe inmheánaigh dea-fheidhmiúla. Ba cheart feidhm chomhlíonta bhuan agus éifeachtach a áireamh sna sásraí sin agus, i gcás inarb iomchuí agus comhréireach i gcomhréir le Teideal I, tá stádas leordhóthanach agus acmhainní leordhóthanacha ag feidhmeanna bainistíochta riosca inmheánacha agus ag feidhmeanna iniúchóireachta inmheánaí chun a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh go neamhspleách, agus comhlíonadh leis na ceanglais rialála is infheidhme a áirithiú i gcomhthéacs sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc; agus spriocanna freisin le haghaidh bhainistiú leachtachta an ghnólachta infheistíochta; - c. beartas luacha saothair atá i gcomhréir leis na prionsabail luacha saothair a leagtar amach in Airteagal 26 agus in Airteagal 30 go hAirteagal 33 de Threoir (AE) 2019/2034 agus treoirlínte ÚBE maidir le beartais luacha saothair fhónta faoi Threoir (AE) 2019/20347 ;
- d. socruithe arb é is aidhm leo a áirithiú go ndéantar measúnuithe oiriúnachta aonair agus comhchoiteanna an chomhlachta bainistíochta go héifeachtach, go bhfuil comhdhéanamh agus pleanáil comharbais an chomhlachta bainistíochta iomchuí, agus go gcomhlíonann an comhlacht bainistíochta a fheidhmeanna go héifeachtach8 ;
- e. próiseas roghnúcháin agus measúnaithe oiriúnachta le haghaidh sealbhóirí eochairfheidhmeanna9 ;
- f. socruithe arb é is aidhm leo feidhmiú inmheánach gach coiste den chomhlacht bainistíochta a áirithiú, i gcás ina mbunaítear iad, ina sonraítear an méid seo a leanas:
| i. | ról, comhdhéanamh agus cúraimí gach ceann acu; | | ii. | sreafaí faisnéise iomchuí, lena n-áirítear doiciméadú moltaí agus conclúidí, agus línte tuairiscithe idir gach coiste agus an comhlacht bainistíochta, údaráis inniúla agus páirtithe eile; |
- g. cultúr riosca i gcomhréir le Roinn 8 de na treoirlínte sin a thugann aghaidh ar fheasacht riosca agus iompar dul i riosca an ghnólachta infheistíochta;
- h. cultúr corparáideach agus luachanna i gcomhréir le Roinn 9 lena gcothaítear iompar freagrach agus eiticiúil, lena n-áirítear cód iompair nó ionstraim dá shamhail;
- i. beartas um choinbhleacht leasa ag leibhéal an ghnólachta infheistíochta i gcomhréir le Roinn 10; agus don fhoireann i gcomhréir le Roinn 11; agus
- j. socruithe a bhfuil sé mar aidhm leo sláine na gcóras cuntasaíochta agus tuairiscithe
| airgeadais | a áirithiú, lena n-áirítear rialuithe airgeadais agus oibriúcháin agus |
comhlíonadh an dlí agus na gcaighdeán ábhartha.
7 Treoirlínte ÚBE maidir le beartais luacha saothair fhónta faoi IFD 8 Féach freisin ar threoirlínte comhpháirteacha ESMA agus ÚBE maidir le hoiriúnacht chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta agus sealbhóirí eochairfheidhmeanna a mheas. 9 Féach freisin ar threoirlínte comhpháirteacha ESMA agus ÚBE maidir le hoiriúnacht chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta agus sealbhóirí eochairfheidhmeanna a mheas.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|