+Airteagal 451 1.

Airteagal 451 1.

Institiúidí atá faoi réir Chuid a Seacht, nochtfaidh siad an fhaisnéis seo a leanas maidir lena gcóimheas luamhánaithe mar a ríomhtar é i gcomhréir le hAirteagal 429 agus an bhainistíocht a dhéanann siad ar an ►C12  riosca ◄ luamhánaithe iomarcaigh:

(a) 

an cóimheas luamhánaithe agus an chaoi a gcuireann na hinstitiúidí Airteagal 499(2) i bhfeidhm;

(b) 

miondealú ar thomhas na ►C12  neamhchosainta ◄ iomláine dá dtagraítear in Airteagal 429(4), mar aon le réiteach ar thomhas na ►C12  neamhchosainta ◄ iomláine leis an bhfaisnéis ábhartha a nochtar i ráitis airgeadais fhoilsithe;

(c) 

i gcás inarb infheidhme, méid na ►C12  neamhchosaint ◄ arna sainmhíniú i gcomhréir le hAirteagal 429(8) agus Airteagal 429a(1) agus an cóimheas coigeartaithe luamhánaithe mar a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 429a(7);

(d) 

tuairisc ar na próisis a úsáideadh chun an ►C12  riosca ◄ luamhánaithe iomarcaigh a bhainistiú;

(e) 

tuairisc ar na fachtóirí a raibh tionchar acu ar an gcóimheas luamhánaithe le linn na tréimhse a dtagraíonn an cóimheas luamhánaithe nochta dó;

▼M17

(f) 

méid na gceanglas cistí dílse breise atá bunaithe ar an bpróiseas athbhreithniúcháin maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 104(1), pointe (a), de Threoir 2013/36/AE chun aghaidh a thabhairt ar an riosca maidir le luamhánú iomarcach agus a chomhdhéanamh.

▼M8

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas