7. I gcás ina gcuirfear ceann amháin de na huirlisí cobhsaíochta rialtais i bhfeidhm, feidhmeoidh an t-údarás réitigh an chumhacht chun ionstraimí úinéireachta agus ionstraimí fiachais nó dliteanais neamhurraithe eile a dhíluacháil agus a chomhshó sula gcuirfear an uirlis cobhsaíochta rialtais i bhfeidhm nó go comhuaineach lena cur i bhfeidhm.
I gcás ina mbeidh caillteanais airgeadais le seasamh ag comhaltaí imréitigh de thoradh uirlis réitigh seachas an uirlis díluachála agus chomhshó a úsáid, feidhmeoidh an t-údarás réitigh an chumhacht chun ionstraimí úinéireachta agus ionstraimí fiachais nó dliteanais neamhurraithe eile a dhíluacháil agus a chomhshó díreach sula gcuirfear an uirlis réitigh i bhfeidhm nó go comhuaineach lena chur i bhfeidhm, mura rud é go bhfágfadh cur i bhfeidhm oird eile go ndéanfaí íoslaghdú ar an diall ón bprionsabal “gan creidiúnaí ar bith a bheith níos measa as” a leagtar amach in Airteagal 60, agus gurbh fhearr a bhainfí amach na cuspóirí réitigh.