+Airteagal 11 1

Airteagal 11 1

1.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil bailíochtú leordhóthanach déanta ar aon samhail tomhais riosca inmheánach, dá dtagraítear in Airteagal 325bj de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh na húdaráis inniúla cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh an méid seo a leanas:

(a)

déantar an próiseas bailíochtaithe le foireann nach bhfuil baint aici, ná nach raibh baint aici, ar bhealach ar bith le forbairt na samhla inmheánaí atá faoi réir bailíochtú;

(b)

déantar an próiseas bailíochtaithe le hacmhainní leordhóthanacha, lena n-áirítear foireann cháilithe a bhfuil taithí aici;

(c)

níl luach saothair athraitheach na foirne agus na n-ardbhainisteoirí atá freagrach as an bpróiseas bailíochtaithe ag brath ar fheidhmíocht na gcúraimí a bhaineann le réimsí gnó nó rialaithe riosca na hinstitiúide ar bhealach a chuireann bac nó a chuireann isteach ar a neamhspleáchas;

(d)

tugtar léiriú sa tuarascáil bailíochtaithe dá dtagraítear i mír 2 ar na bearta ceartaitheacha riachtanacha uile a leanann as an bpróiseas bailíochtaithe, agus cuirtear chun feidhme go tráthúil iad;

(e)

tá próiseas cinnteoireachta i bhfeidhm chun a áirithiú go gcuireann ardbhainistíocht na hinstitiúide na torthaí agus na moltaí a leanann as an bpróiseas bailíochtaithe san áireamh;

(f)

déanann an t-athbhreithneoir dá dtagraítear in Airteagal 10(1), pointe (a), measúnú tráthrialta ar chomhlíonadh na gcoinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 10(1), pointí (e) agus (f).

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas