+Airteagal 14 Measúnú ar leordhóthanacht teorainneacha trádála
---+Airteagal 14 (a)
---+Airteagal 14 (b)
---+Airteagal 14 (c)
---+Airteagal 14 (d)
---+Airteagal 14 (e)
---+Airteagal 14 (f)
---+Airteagal 14 (g)
---+Airteagal 14 2
|
Airteagal 14 Measúnú ar leordhóthanacht teorainneacha trádála
Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar leordhóthanacht teorainneacha trádála dá dtagraítear in Airteagal 103(2), pointe (b)(ii), Airteagal 104b(2), pointí (c) agus (f), agus Airteagal 325bi(1), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh na húdaráis inniúla cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh an méid seo a leanas:
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 14 (a)
|
tá miondealú soiléir ar theorainneacha trádála ag an institiúid atá comhsheasmhach leis an leibhéal riosca inghlactha a shocraigh an institiúid agus le buiséad gach deisce trádála;
|
|
Airteagal 14 (b)
|
tugann an rogha teorainneacha trádála léiriú ar straitéis trádála na deisce trádála agus ar chineál na rioscaí foluiteacha;
|
|
Airteagal 14 (c)
|
áirítear ar na teorainneacha trádála na nithe seo a leanas:
|
(i)
|
teorainn luacha faoi riosca don uasleibhéal comhiomlánaithe punainne ar a gcuirtear an tsamhail inmheánach i bhfeidhm;
|
|
(ii)
|
teorainn luacha faoi riosca le haghaidh gach deasc thrádála ar ina leith a úsáideann an institiúid an tsamhail tomhais riosca inmheánach chun a ceanglas cistí dílse le haghaidh riosca margaidh a ríomh;
|
|
|
Airteagal 14 (d)
|
tá miondealú breise ag an institiúid ar na teorainneacha luacha faoi riosca, atá comhréireach le straitéisí trádála na hinstitiúide;
|
|
Airteagal 14 (e)
|
tá na teorainneacha inmheánacha uile, lena n-áirítear iad siúd dá dtagraítear i bpointe (c), doiciméadaithe go cuí agus formheasta go foirmiúil;
|
|
Airteagal 14 (f)
|
mar chuid den phróiseas chun teorainn a fhormheas agus a thabhairt cothrom le dáta, déanann an t-aonad rialaithe riosca measúnú agus doiciméadú ar an gcomhsheasmhacht agus an chomhoiriúnacht idir na teorainneacha luacha faoi riosca a fhormheasann an comhlacht bainistíochta agus ar an gcuid eile de na teorainneacha inmheánacha nach bhfuil bunaithe ar luach faoi riosca, lena n-áirítear íogaireachtaí nó truicear caillteanais;
|
|
Airteagal 14 (g)
|
déanann an institiúid doiciméadú cuí agus formheas foirmiúil ar fhardal ionstraimí údaraithe agus suíomhanna riosca fholuitigh a fhéadann trádálaithe a iontráil.
|
|
Airteagal 14 2
|
Chun críocha phointe (c)(i), is é a bheidh sa teorainn luacha faoi riosca suim na dteorainneacha aonair luacha faoi riosca i gcás nár deonaíodh an cead chun cur chuige na samhlacha inmheánacha a úsáid, dá dtagraítear in Airteagal 325(1), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|