+Airteagal 509 3.

Airteagal 509 3.

Tabharfaidh ÚBE, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM agus BCE, agus faoin 31 Nollaig 2013, tuarascáil don Choimisiún ar shainmhínithe aonfhoirmeacha iomchuí ar leachtacht ard agus fíor-ard agus ar cháilíocht chreidmheasa sócmhainní inaistrithe chun chríocha Airteagal 416 agus caolchorrlaigh iomchuí do shócmhainní a cháileodh mar shócmhainní leachtacha chun críochta Airteagal 416, cé is moite de na sócmhainní dá dtagraítear i bpointe (a), (b) agus (c) d'Airteagal 416(1).

Tabharfar an deis do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle a gcuid tuairimí a chur in iúl maidir leis an tuarascáil sin.

Ba cheart go ndéanfaí an méid a leanas a mheas sa tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

(a) 

catagóirí eile de shócmhainní incháilithe, go háirithe urrúis chónaithe le taca morgáistí ar cháilíocht ard leachtach agus creidmheasa,

(b) 

catagóirí eile d'urrúis nó iasachtaí incháilithe bainc cheannais, mar shampla bannaí rialtais áítiúil, agus páipéar tráchtála agus

(c) 

sócmhainní nach bhfuil incháilithe don bhanc ceannais ach sócmhainní intrádála amhail cothromais a liostaítear ar mhalartán aitheanta, ór, ionstraimí cothromais mórinnéacs, bannaí atá ráthaithe, bannaí faoi chumhdach, agus bannaí agus cistí corparáideacha bunaithe ar na sócmhainní sin, a mheas sa tuarascáil freisin.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas