+Airteagal 10 1

Airteagal 10 1

1.   Ní bheidh soláthraí rátála ESG atá bunaithe lasmuigh den Aontas agus ar mian leis oibriú san Aontas de bhun Airteagal 2(1), pointe (b), in ann déanamh amhlaidh ach amháin i gcás ina bhfuil sé san áireamh sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 14 agus ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

go bhfuil an soláthraí rátála ESG atá bunaithe lasmuigh den Aontas údaraithe nó cláraithe mar sholáthraí rátála ESG sa tríú tír lena mbaineann agus go bhfuil sé faoi réir maoirseacht sa tríú tír sin;

(b)

go bhfuil fógra tugtha ag an soláthraí rátála ESG atá bunaithe lasmuigh den Aontas do ESMA gur mian leis oibriú san Aontas agus go ndearna sé cruthúnas ar a údarú nó ar a chlárú mar sholáthraí rátála ESG, na doiciméid is gá le haghaidh údarú nó clárú den sórt sin sa tríú tír lena mbaineann a chur faoi bhráid ESMA, chomh maith le hainm an údaráis inniúil tríú tír atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh air, agus go bhfuil deimhniú faighte aige ó ESMA a mhéid a bhaineann le hiomláine na faisnéise a soláthraíodh;

(c)

go bhfuil cinneadh coibhéise glactha ag an gCoimisiún de bhun mhír 2;

(d)

go bhfuil na socruithe comhair dá dtagraítear i mír 4 i bhfeidhm.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas