+Airteagal 27
---+Airteagal 27 1.
---+Airteagal 27 2.
---+Airteagal 27 3.
---+Airteagal 27 4.
---+Airteagal 27 5.
---+Airteagal 27 6.
---+Airteagal 27 7.
---+Airteagal 27 8.

Airteagal 27

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 27 1.
Más rud é, le linn a dhualgais faoin Rialachán seo a chur i gcrích, go bhfionnann an tÚdarás go bhfuil tásca tromchúiseacha ann a léiríonn go bhféadfadh sé gurbh ann d’fhíorais ar dóigh maidir leo gurb ionann iad agus ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn II, ceapfaidh an tÚdarás foireann neamhspleách imscrúdúcháin laistigh den Údarás chun an t-ábhar a imscrúdú. Ní bheidh an fhoireann imscrúdúcháin rannpháirteach ná tar éis a bheith rannpháirteach i maoirseacht dhíreach ar an eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid lena mbaineann, agus comhlíonfaidh sí a cuid feidhmeanna go neamhspleách ar an mBord Feidhmiúcháin. Forbróidh an tÚdarás nósanna imeachta inmheánacha chun na rialacha a chinneadh lena rialófar roghnú bhaill na foirne imscrúdúcháin neamhspleáiche, go háirithe maidir le heolas, cúlra, saineolas agus taithí na mball sin.
Airteagal 27 2.
Déanfaidh an fhoireann imscrúdúcháin na sáruithe líomhnaithe a imscrúdú, agus aon bharúil arna dtíolacadh ag daoine atá faoi réir a n-imscrúdaithe á gcur san áireamh, agus déanfaidh sí comhad iomlán ina mbeidh a cuid fionnachtana a chur faoi bhráid an Bhoird Feidhmiúcháin.

Chun a cuid cúraimí a chur i gcrích, féadfaidh an fhoireann imscrúdúcháin faisnéis a éileamh i gcomhréir le hAirteagal 17 agus imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagail 18 agus 19.

Nuair atá a cuid cúraimí á gcur i gcrích aici, beidh rochtain ag an bhfoireann imscrúdúcháin ar gach doiciméad agus ar an bhfaisnéis uile a bhailíonn an chomhfhoireann maoirseachta trína gníomhaíochtaí maoirseachta.

Airteagal 27 3.
Tar éis don fhoireann imscrúdúcháin a himscrúdú a chríochnú agus sula ndéanfaidh sí an comhad ina bhfuil a cuid fionnachtana a chur faoi bhráid Bhord Feidhmiúcháin an Údaráis, tabharfaidh sí deis do na daoine atá faoi réir imscrúdaithe éisteacht a fháil maidir leis na hábhair atá á n-imscrúdú. Ní dhéanfaidh an fhoireann imscrúdúcháin a cuid fionnachtana a bhunú ach amháin ar fhíorais a raibh deis ag na daoine a bhí faoi réir imscrúdaithe barúil a thabhairt ina leith.

Déanfar cearta cosanta na ndaoine lena mbaineann a urramú go hiomlán le linn imscrúduithe faoin Airteagal seo.

Airteagal 27 4.
Nuair a bheidh an comhad ina bhfuil a cuid fionnachtana á chur faoi bhráid an Bhoird Feidhmiúchán ag an bhfoireann imscrúdúcháin, tabharfaidh sí fógra faoin méid sin do na daoine atá faoi réir imscrúdaithe. Beidh na daoine atá faoi réir imscrúdaithe i dteideal rochtain a bheith acu ar an gcomhad, ach sin faoi réir an leasa dhlisteanaigh atá ag daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní leathnófar an ceart rochtana ar an gcomhad chun faisnéis rúnda a chumhdach, faisnéis a dhéanann difear do thríú páirtithe.
Airteagal 27 5.
Ar bhonn an chomhaid ina bhfuil fionnachtana na foirne imscrúdúcháin agus, arna iarraidh sin do na daoine lena mbaineann, déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin, tar éis éisteacht a thabhairt do na daoine atá faoi réir imscrúdaithe i gcomhréir le hAirteagal 24(1), a chinneadh an bhfuil ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn II déanta ag na daoine a bhí faoi réir imscrúdaithe, agus más amhlaidh an cás, déanfaidh sé smachtbhanna airgid a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 22 agus beart riaracháin a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 21 i dteannta, nó in ionad, smachtbhanna airgid a fhorchur.
Airteagal 27 6.
Ní bheidh an fhoireann imscrúdúcháin rannpháirteach i bpléití an Bhoird Feidhmiúcháin ná ní dhéanfaidh sí idiragairt ar aon bhealach eile i bpróiseas cinnteoireachta an Bhoird Feidhmiúcháin.
Airteagal 27 7.
Déanfaidh an Coimisiún rialacha nós imeachta breise a ghlacadh maidir le feidhmiú na cumhachta chun smachtbhannaí airgid nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur, lena n-áirítear forálacha maidir le cearta cosanta, forálacha ama, agus smachtbhannaí airgid nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a bhailiú, agus déanfaidh sé rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir leis na tréimhsí teorann i dtaca le pionóis a fhorchur agus a fhorfheidhmiú.

Glacfar na rialacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír trí bhíthin gníomhartha tarmligthe lena bhforlíontar an Rialachán seo, i gcomhréir le hAirteagal 100.

Glacfaidh an Coimisiún na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa dara fomhír faoin 1 Eanáir 2027.

Airteagal 27 8.
Déanfaidh an tÚdarás ábhair i gcomhair ionchúiseamh coiriúil a tharchur chuig na húdaráis náisiúnta ábhartha i gcás ina bhfionnann sé, agus a dhualgais faoin Rialachán seo á ndéanamh aige, tásca tromchúiseacha gur féidir gur ann d’fhíorais a léireodh cionta coiriúla. Ina theannta sin, staonfaidh an tÚdarás ó smachtbhannaí airgid nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur más rud é, maidir le héigiontú nó le ciontú roimhe sin a éiríonn as fíorais chomhionanna nó as fíorais atá comhionann lena chéile go substaintiúil, go bhfuil feidhm res judicata bainte amach aige mar thoradh ar imeachtaí coiriúla faoin dlí náisiúnta.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas