+Contractual Clauses

Contractual Clauses

Secure rights for continuous performance monitoring, including unrestricted rights to access, inspection, and audit. This encompasses alternative assurance levels, cooperation with regulator inspections, and full disclosure of audit scope, procedures, and frequency. Include a mandatory transition period upon termination, allowing the service provider to continue services during migration, affording the entity time to transition to another provider or in-house solutions based on service complexity. Mandate the implementation and testing of business contingency plans and the establishment of a security management system by the service provider. 

When negotiating contractual arrangements, consider the use of standard contractual clauses developed by public authorities for specific services.

Require the service provider's participation in the entity's (advanced) testing program (TLPT), where required. Where participation of an ICT third-party service provider in TLPT may adversely impact services or data confidentiality for customers outside the scope of DORA, it may be agreed in writing to perform a pooled TLPT.

1. Forbhreathnú

Teideal Caighdeán

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Rialacháin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Rialacháin ghaolmhara

Rialacháin
Foinse Rialáil
EULAW Airteagal 26 4

4.   Gan dochar do mhír 2, an chéad agus an dara fomhír, i gcás ina mbeifear ag súil go réasúnach leis go mbeidh drochthionchar ag rannpháirtíocht soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí in TLPT, dá dtagraítear i mír 3, ar cháilíocht nó slándáil na seirbhísí a sholáthraíonn soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí do chustaiméirí ar eintitis iad nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, nó ar rúndacht na sonraí a bhaineann le seirbhísí den sórt sin, féadfaidh an t-eintiteas airgeadais agus soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí a chomhaontú i scríbhinn go ndéanfaidh soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí socruithe conarthacha go díreach le tástálaí seachtrach, chun TLPT comhchruinnithe a dhéanamh, faoi stiúir eintiteas airgeadais ainmnithe amháin, ina bhfuil roinnt eintiteas airgeadais páirteach (tástáil chomhthiomsaithe) a sholáthraíonn soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí seirbhísí TFC dóibh.

Cumhdófar leis an tástáil chomhthiomsaithe sin an raon ábhartha seirbhísí TFC lena dtacaítear leis na feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha atá curtha faoi cheangal conartha do sholáthraí seirbhísí TFC tríú páirtí faoi seach ag na heintitis airgeadais. Measfar an tástáil chomhthiomsaithe a bheith ina TLPT arna déanamh ag na heintitis airgeadais atá rannpháirteach sa tástáil chomhthiomsaithe.

Déanfar líon na n-eintiteas airgeadais atá rannpháirteach sa tástáil chomhthiomsaithe a chalabrú go cuí agus castacht agus cineálacha na seirbhísí lena mbaineann á gcur san áireamh.

EULAW Airteagal 30 3

3.   Áireofar sna socruithe conarthacha maidir le seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha a úsáid, de bhreis ar na gnéithe dá dtagraítear i mír 2, iad seo a leanas ar a laghad:

(a)

tuairiscí iomlána ar leibhéal seirbhíse, lena n-áirítear nuashonruithe agus athbhreithnithe orthu sin, agus spriocanna feidhmíochta beachta cainníochtúla agus cáilíochtúla laistigh de na leibhéil seirbhíse chomhaontaithe ag gabháil leo chun gur féidir leis an eintiteas airgeadais faireachán éifeachtach a dhéanamh ar sheirbhísí TFC agus chun gur féidir gníomhaíochtaí ceartaitheacha iomchuí a dhéanamh gan moill mhíchuí i gcás nach gcomhlíonfar leibhéil seirbhíse chomhaontaithe;

(b)

tréimhsí fógra agus oibleagáidí tuairiscithe an tsoláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí don eintiteas airgeadais, lena n-áirítear fógra faoi aon fhorbairt a d’fhéadfadh tionchar ábhartha a imirt ar chumas an tsoláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí na seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha a sholáthar go héifeachtach i gcomhréir le leibhéil seirbhíse chomhaontaithe;

(c)

ceanglais ar an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí pleananna teagmhasacha gnó a chur chun feidhme agus a thástáil agus bearta, uirlisí agus beartais slándála TFC a bheith i bhfeidhm aige lena soláthraítear leibhéal iomchuí slándála lena bhféadfadh an t-eintiteas airgeadais seirbhísí a sholáthar i gcomhréir lena chreat rialála;

(d)

oibleagáid an tsoláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí a bheith rannpháirteach agus comhoibriú go hiomlán in TLPT an eintitis airgeadais dá dtagraítear in Airteagail 26 agus 27;

(e)

an ceart chun faireachán a dhéanamh ar bhonn leanúnach ar fheidhmíocht an tsoláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí, a mbíonn an méid a leanas i gceist:

(i)

cearta rochtana, cigireachta agus iniúchóireachta gan srian a bheith ag an eintiteas airgeadais nó ag tríú páirtí arna cheapadh, agus ag an údarás inniúil, agus an ceart chun cóipeanna de dhoiciméadacht ábhartha a dhéanamh ar an láthair má tá siad ríthábhachtach d’oibríochtaí an tsoláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí, ar ceart é nach mbeidh a fheidhmiú éifeachtach faoi bhac ná faoi theorainn socruithe conarthacha eile ná faoi theorainn bheartas cur chun feidhme eile;

(ii)

an ceart chun teacht ar chomhaontú maidir le leibhéil dearbhaithe mhalartacha má dhéantar difear do chearta cliant eile;

(iii)

an oibleagáid ar an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí comhoibriú go hiomlán le linn na gcigireachtaí agus na n-iniúchtaí ar an láthair arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla, ag an bPríomh-Fhormhaoirseoir, ag eintiteas airgeadais nó ag tríú páirtí ceaptha; agus

(iv)

an oibleagáid sonraí a sholáthar maidir leis an raon feidhme, na nósanna imeachta atá le leanúint agus minicíocht na gcigireachtaí agus na n-iniúchtaí sin;

(f)

straitéisí scoir, go háirithe idirthréimhse leordhóthanach éigeantach a bhunú:

(i)

leanfaidh an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí de na feidhmeanna nó seirbhísí TFC faoi seach a sholáthar lena linn d’fhonn an riosca suaitheadh ag an eintiteas airgeadais a laghdú nó d’fhonn a réiteach agus a athstruchtúrú éifeachtach a áirithiú;

(ii)

rud lena bhfágfaidh go mbeidh an t-eintiteas airgeadais in ann aistriú chuig soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí eile nó athrú chuig réitigh inmheánacha i gcomhréir le castacht na seirbhíse arna soláthar.

Féadfaidh an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí agus an t-eintiteas ar micrifhiontar é a chomhaontú, de mhaolú ar phointe (e), go bhféadfar cearta rochtana, cigireachta agus iniúchóireachta an eintitis airgeadais a tharmligean chuig tríú páirtí neamhspleách, arna cheapadh ag an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí, agus go bhféadfaidh an t-eintiteas airgeadais faisnéis agus dearbhú maidir le feidhmíocht an tsoláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí a iarraidh ar an tríú páirtí am ar bith.

EULAW Airteagal 30 4

4.   Agus idirbheartaíocht á déanamh i leith socruithe conarthacha, measfaidh eintitis airgeadais agus soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí úsáid a bhaint as clásail chonarthacha chaighdeánacha a fhorbróidh údaráis phoiblí le haghaidh seirbhísí sonracha.