+Airteagal 8 11.

Airteagal 8 11.

Déanfaidh an plean réitigh grúpa:

▼M1

(a) 

na gníomhaíochtaí réitigh dá bhforáiltear a leagan amach i ndáil le heintitis réitigh sna cásanna dá bhforáiltear i mír 6 agus impleachtaí na ngníomhaíochtaí réitigh i dtaca le grúpeintitis eile, an máthairghnóthas agus na fo-institiúidí dá dtagraítear i mír 1;

(aa) 

i gcás ina bhfuil níos mó ná grúpa réitigh amháin i ngrúpa dá dtagraítear i mír 1, gníomhaíochtaí réitigh dá bhforáiltear a leagan amach i ndáil le heintitis réitigh gach grúpa réitigh agus impleachtaí na ngníomhaíochtaí sin i gcás an dá phointe seo a leanas:

(i) 

grúpeintitis eile a bhaineann leis an ngrúpa réitigh chéanna;

(ii) 

grúpaí réitigh eile;

(b) 

scrúdú a dhéanamh ar a mhéid a bhféadfaí na huirlisí réitigh a chur i bhfeidhm agus na cumhachtaí réitigh a fheidhmiú maidir le heintitis réitigh atá bunaithe san Aontas ar bhealach comhordaithe, lena n-áirítear bearta ionas gur féidir le tríú páirtí an grúpa ina iomláine a cheannach, nó línte nó gníomhaíochtaí gnó ar leith a sheachadann roinnt grúpeintiteas, nó grúpeintitis nó grúpaí réitigh ar leith, agus aon bhacainní ionchasacha ar réiteach comhordaithe a shainaithint;

▼B

(c) 

tuairisc mhionsonraithe a bheith san áireamh ar an measúnú ar inréiteacht arna déanamh i gcomhréir le hAirteagal 10;

(d) 

i gcás ina n-áireoidh grúpa eintitis arna n-ionchorprú i dtríú tíortha, socruithe iomchuí le haghaidh comhair agus comhordú le húdaráis ábhartha na dtríú tíortha sin agus na himpleachtaí chun réiteach laistigh den Aontas a shainaithint;

(e) 

na bearta, lena n-airítear deighilt dhlíthiúil agus eacnamaíoch feidhmeanna nó línte gnó ar leith is gá chun réiteach grúpa a éascú nuair i gcás ina mbeidh na coinníollacha maidir le réiteach comhlíonta a shainaithint;

(f) 

sainaithint conas a d'fheadfaí na gníomhaíochtaí réitigh grúpa a mhaoiniú agus, i gcás ina n-éileofaí na socruithe Ciste agus maoiniúcháin ó Bhallstáit neamh-rannpháirteacha arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 100 de Threoir 2014/59/AE, na prionsabail chun roinnt a dhéanamh ar an bhfreagracht don mhaoiniú sin idir na foinsí cistiúcháin sna Ballstáit rannpháirteacha agus neamh-rannpháirteacha éagsúla a leagan amach. Ní thoimhdeofar sa phlean aon cheann de na nithe seo a leanas:

(i) 

aon tacaíocht airgeadais urghnách poiblí seachas úsáid an Chiste arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 67 den Rialachán seo agus na socruithe maoinithe ó Bhallstáit neamh-rannpháirteacha arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 100 de Threoir 2014/59/AE;

(ii) 

aon chúnamh leachtachta éigeandála ó thaobh an bhainc ceannais de; nó

(iii) 

aon chúnamh leachtachta ó thaobh an bhainc ceannais de a sholáthraítear faoi chomhthaobhacht neamhchaighdeánach, faoi aibíocht agus faoi théarmaí rátaí úis.

Déanfar na prionsabail sin a leagan amach ar bhonn critéar atá cothrom agus cothromúil agus cuirfear i gcuntas leo, go háirithe Airteagal 107(5) de Threoir 2014/59/AE agus an tionchar ar chobhsaíocht airgeadais sna Ballstáit uile lena mbaineann.

Ní bheidh tionchar díréireach ag an bplean réitigh grúpa ar aon Bhallstát.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas