+Airteagal 12g 1.

Airteagal 12g 1.

Comhlíonfaidh institiúidí ar fochuideachtaí d'eintiteas réitigh nó d'eintiteas tríú tír iad, ach nach eintitis iad féin, na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 12d ar bhonn aonair.

Féadfaidh an Bord, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla, lena n-áirítear BCE, a chinneadh an ceanglas a leagtar síos san Airteagal sin a chur i bhfeidhm maidir le heintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (b), nó maidir le hinstitiúid airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (c), ar fochuideachta d’eintiteas réitigh é ach nach eintiteas réitigh ann féin é.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, déanfaidh máthairghnóthais de chuid an Aontais nach eintitis réitigh iad féin ach is fochuideachtaí de chuid eintiteas tríú tír iad, na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 12d agus 12e a chomhlíonadh ar bhonn comhdhlúite.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír agus ar an dara fomhír, féadfaidh an Bord a chinneadh an ceanglas a leagtar síos in Airteagal 12d a chinneadh ar bhonn comhdhlúite i leith fochuideachta dá dtagraítear sa mhír seo i gcás ina gcinneann an Bord go bhfuil gach ceann de na coinníollacha seo a leanas á gcomhlíonadh:

(a) 

comhlíonann an fhochuideachta ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(i) 

tá an fhochuideachta i seilbh dhíreach an eintitis réitigh agus:

— 
is máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais de chuid an Aontais nó máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha de chuid an Aontais é an t-eintiteas réitigh;
— 
tá an fhochuideachta agus an t-eintiteas réitigh araon bunaithe sa Bhallstát rannpháirteach céanna agus is cuid den ghrúpa réitigh céanna iad;
— 
níl aon fho-institiúid dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (a), de Threoir 2014/59/AE, ná aon fho-eintiteas, dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), (c) nó (d), den Treoir sin, i gcás ina bhfuil an t-eintiteas sin faoi réir an cheanglais dá dtagraítear in Airteagal 45c nó 45f den Treoir sin nó in Airteagal 12d nó in Airteagal 12g den Rialachán seo, i seilbh dhíreach an eintitis réitigh, seachas an fhochuideachta lena mbaineann;
— 
dhéanfadh na hasbhaintí is gá de bhun Airteagal 72e(5) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 difear díréireach don fhochuideachta;
(ii) 

tá an fhochuideachta faoi réir an cheanglais dá dtagraítear in Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE ar bhonn comhdhlúite agus ar an mbonn sin amháin agus ní bheadh mar thoradh ar an gceanglas a leagtar síos in Airteagal 12d den Rialachán seo a chinneadh ar bhonn comhdhlúite go mbeadh rómheastachán ar riachtanais athchaipitliúcháin, chun críocha Airteagal 45c(1), pointe (b), den Treoir seo, an fhoghrúpa ina bhfuil eintitis laistigh den imlíne comhdhlúthaithe lena mbaineann chun críocha phointe (b) den fhomhír seo, go háirithe i gcás ina bhfuil leitheadúlacht eintiteas leachtaithe laistigh den imlíne comhdhlúthaithe chéanna;

(b) 

ní dhéantar, tríd an gceanglas a leagtar síos in Airteagal 12d a chomhlíonadh ar bhonn comhdhlúite seachas an ceanglas sin a chomhlíonadh ar bhonn aonair, dochar, ar bhealach ábhartha, daon cheann de na nithe seo a leanas:

(i) 

creidiúnacht agus indéantacht straitéis réitigh an ghrúpa;

(ii) 

acmhainneacht na fochuideachta a ceanglas cistí dílse a chomhlíonadh tar éis na cumhachtaí díluachála agus comhshó a fheidhmiú; agus

(iii) 

leordhóthanacht an tsásra aistrithe caillteanais agus athchaipitliúcháin inmheánaigh, lena n-áirítear díluacháil nó comhshó, i gcomhréir le hAirteagal 21, ionstraimí caipitil ábhartha agus dliteanas incháilithe de chuid na fochuideachta lena mbaineann nó de chuid eintitis eile sa ghrúpa réitigh.

I dtaca le grúpaí réitigh arna sainaithint i gcomhréir le pointe (24b) d'Airteagal 3(1), leis na hinstitiúidí creidmheasa sin atá buanchleamhnaithe le comhlacht lárnach, ach nach eintitis réitigh iad féin, agus le haon eintitis réitigh nach bhfuil faoi réir ceanglais faoi Airteagal 12f(3), comhlíonfaidh siad Airteagal 12d(6) ar bhonn aonair.

An ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 12a(1) ar eintitis dá dtagraítear sa mhír seo, cinnfear é ar bhonn na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 12d.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas