3. Cinnfidh na húdaráis réitigh nach gnóthas idirlinne a thuilleadh eintiteas in aon cheann de na cásanna seo a leanas, cibé acu is túisce a tharlaíonn:
|
(a)
|
cumascfaidh an gnóthas idirlinne le heintiteas eile;
|
|
(b)
|
scoirfidh an gnóthas idirlinne de cheanglais Airteagal 32(2) a chomhlíonadh;
|
|
(c)
|
díolfar sócmhainní, cearta nó dliteanais uile an ghnóthais idirlinne, nó nach mór iad uile, le ceannaitheoir tríú páirtí;
|
|
(d)
|
déanfar sócmhainní an ghnóthais idirlinne a fhoirceannadh go hiomlán agus déanfar a chuid dliteanas a urscaoileadh go hiomlán.
|