+Airteagal 39
---+Airteagal 39 1.
---+Airteagal 39 2.
---+Airteagal 39 3.
---+Airteagal 39 4.
---+Airteagal 39 5.
---+Airteagal 39 6.
---+Airteagal 39 7.
---+Airteagal 39 8.
---+Airteagal 39 9.

Airteagal 39

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 39 1.
Chun tacú le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus le faireachán a dhéanamh ar a chur i bhfeidhm, agus ar bhonn na faisnéise staidrimh dá dtagraítear i míreanna 5 agus 6, foilseoidh eu-LISA staidreamh gach ráithe maidir le feidhmiú an ródaire agus maidir le comhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo ag aeriompróirí. Ní bheifear in ann daoine aonair a shainaithint leis an staidreamh sin.
Airteagal 39 2.
Chun na gcríoch a leagtar amach i mír 1, déanfaidh an ródaire na sonraí a liostaítear i míreanna 5 agus 6 a tharchur go huathoibríoch chuig CRRS.
Airteagal 39 3.
Chun tacú le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus le faireachán a dhéanamh ar a chur i bhfeidhm, ag deireadh gach bliana, tiomsóidh eu-LISA sonraí staidrimh i dtuarascáil bhliantúil don bhliain sin. Foilseoidh sé an tuarascáil bhliantúil sin agus tarchuirfidh sé í chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, chuig an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus chuig na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta API dá dtagraítear in Airteagal 37. Ní nochtfar sa tuarascáil bhliantúil modhanna oibre rúnda ná ní chuirfear imscrúduithe leanúnacha údaráis inniúla na mBallstát i mbaol léi.
Airteagal 39 4.
Arna iarraidh sin don Choimisiún, soláthróidh eu-LISA dó staidreamh maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo maille le staidreamh de bhun mhír 3.
Airteagal 39 5.

Soláthróidh CRRS do eu-LISA an fhaisnéis staidrimh seo a leanas is gá don tuairisciú dá dtagraítear in Airteagal 44 agus chun staidreamh a ghiniúint i gcomhréir leis an Airteagal seo, ach gan bheith in ann na paisinéirí lena mbaineann a shainaithint le staidreamh den sórt sin maidir le sonraí API:

(a) 

i dtaobh an mbaineann na sonraí le paisinéir nó le duine den chriú;

(b) 

náisiúntacht, inscne agus bliain bhreithe an phaisinéara nó an duine den chriú;

(c) 

an dáta bordála agus an pointe bordála tosaigh, an dáta imeachta agus an t-aerfort imeachta, agus an dáta teacht isteach agus an t-aerfort teacht isteach;

(d) 

an cineál doiciméid taistil, cód trí litir na tíre eisiúna agus dáta éaga bhailíocht an doiciméid taistil;

(e) 

líon na bpaisinéirí a seiceáladh isteach ar an eitilt chéanna;

(f) 

cód an aeriompróra a oibríonn an eitilt;

(g) 

i dtaobh an eitilt sceidealaithe nó eitilt neamhsceidealaithe í an eitilt;

(h) 

i dtaobh ar aistríodh sonraí API díreach tar éis dhúnadh na heitilte;

(i) 

i dtaobh an bhfuil sonraí pearsanta an phaisinéara cruinn, iomlán agus cothrom le dáta;

(j) 

na modhanna teicniúla a úsáidtear chun na sonraí API a ghabháil.

Airteagal 39 6.

Soláthróidh CRRS do eu-LISA an fhaisnéis staidrimh seo a leanas is gá don tuairisciú dá dtagraítear in Airteagal 44 agus chun staidreamh a ghiniúint i gcomhréir leis an Airteagal seo, ach gan a bheith in ann na paisinéirí lena mbaineann a shainaithint le staidreamh den sórt sin maidir le sonraí eile PNR:

(a) 

an dáta agus an t-am a fuair an ródaire an teachtaireacht PNR;

(b) 

faisnéis eitilte atá sa chúrsa taistil sa teachtaireacht shonrach PNR;

(c) 

faisnéis chomhroinnte cód atá sa teachtaireacht shonrach PNR.

Airteagal 39 7.
Chun críocha an tuairiscithe dá dtagraítear in Airteagal 44 agus chun staidreamh a ghiniúint i gcomhréir leis an Airteagal seo, déanfaidh eu-LISA na sonraí dá dtagraítear i míreanna 5 agus 6 den Airteagal seo a stóráil in CRRS. Déanfaidh sé sonraí den sórt sin a stóráil ar feadh tréimhse 5 bliana i gcomhréir le mír 2, á áirithiú ag an am céanna nach mbeifear in ann na paisinéirí lena mbaineann a shainaithint leis na sonraí. Soláthróidh CRRS d’fhoireann chuí-údaraithe na PIUnna agus d’údaráis ábhartha eile de chuid na mBallstát tuarascálacha agus staidreamh inoiriúnaithe maidir le sonraí API dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo agus sonraí eile PNR dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo chun an Rialachán seo a chur chun feidhme agus chun faireachán a dhéanamh ar a chur i bhfeidhm.
Airteagal 39 8.
Ní bheidh de thoradh ar úsáid na sonraí dá dtagraítear i míreanna 5 agus 6 den Airteagal seo próifíliú daoine aonair dá dtagraítear in Airteagal 11(3) de Threoir (AE) 2016/680 nó idirdhealú in aghaidh daoine ar na forais a liostaítear in Airteagal 21 den Chairt. Ní úsáidfear na sonraí dá dtagraítear i míreanna 5 agus 6 den Airteagal seo chun iad a chur i gcomparáid ná chun iad a mheaitseáil le sonraí pearsanta ná chun iad a chomhcheangal le sonraí pearsanta.
Airteagal 39 9.
Áireofar leis na nósanna imeachta arna gcur ar bun ag eu-LISA chun faireachán a dhéanamh ar fhorbairt agus feidhmiú an ródaire dá dtagraítear in Airteagal 39(2) de Rialachán (AE) 2019/818 an fhéidearthacht staidreamh tráthrialta a sholáthar chun an faireachán sin a áirithiú.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas