+Airteagal 3 Sainmhínithe

Airteagal 3 Sainmhínithe

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn “innealra soghluaiste nach innealra bóthair é” aon inneall soghluaiste, trealamh iniompair nó feithicil le nó gan cabhalra nó rothaí, nach bhfuil ceaptha le húsáid chun paisinéirí nó earraí a iompar ar bhóithre agus áiríonn sé innealra atá suiteáilte ar chabhail feithiclí atá beartaithe chun paisinéirí nó earraí a iompar ar bhóithre;

(2) 

ciallaíonn “cineálcheadú AE” an nós imeachta faoina ndeimhníonn údarás ceadúcháin go gcomhlíonann cineál innill nó aicme inneall forálacha riaracháin agus ceanglais theicniúla ábhartha an Rialacháin seo;

(3) 

ciallaíonn “truailleáin ghásacha” na truailleáin seo a leanas ina staid ghásach a astaítear ó inneall: aonocsaíd charbóin (CO), hidreacarbóin iomlána (HC) agus ocsaídí nítrigine (NOx), arb ionann NOx agus ocsaíd nítreach (NO) agus dé-ocsaíd nítrigine (NO2), arna sloinneadh mar choibhéis NO);

(4) 

ciallaíonn “ábhar cáithníneach” nó “PM” mais aon ábhair sa ghás a astaítear ó inneall a bhailítear ar mheán sonraithe scagaire tar éis an gás a chaolú le haer glan scagtha ionas nach sáraíonn an teocht 325 K (52 °C);

(5) 

ciallaíonn “líon na gcáithníní” nó “PN” líon na gcáithníní soladacha a astaítear ó inneall a bhfuil trastomhas níos mó ná 23nm aige;

(6) 

ciallaíonn “truailleáin cháithníneacha” aon ábhar a astaítear ón inneall a dhéantar a thomhas mar PM nó PN;

(7) 

ciallaíonn “inneall dócháin inmheánaigh” nó “inneall” iompaitheoir fuinnimh, seachas tuirbín gáis, atá ceaptha chun fuinneamh ceimiceach (ionchuir) a thrasfhoirmiú go fuinneamh meicniúil (aschur) le próiseas dócháin inmheánaigh; áirítear ann, i gcás inar suiteáladh iad, córas rialaithe astaíochta agus comhéadan cumarsáide (crua-earra agus teachtaireachtaí) idir aonad rialaithe leictreonach an innill nó aonaid rialaithe leictreonacha an innill agus aon ghléasra cumhachta nó aonad rialaithe feithicle atá riachtanach le Caibidil II agus Caibidil III a chomhlíonadh;

(8) 

ciallaíonn “cineál innill” grúpa inneall nach bhfuil éagsúil ó thaobh shaintréithe riachtanacha an innill;

(9) 

ciallaíonn “aicme inneall” grúpáil cineálacha innill de chuid monaróra a bhfuil saintréithe comhchosúla astaíochta acu mar gheall ar a ndearadh, agus a urramaíonn teorainnluachanna astaíochtaí atá infheidhme;

(10) 

ciallaíonn “máthair-inneall” cineál innill atá roghnaithe as aicme inneall sa chaoi go bhfuil a shaintréithe astaíochta ionadaíoch don aicme inneall sin;

(11) 

ciallaíonn “inneall athsholáthair” inneall:

(a) 

a úsáidtear go heisiach chun inneall atá curtha ar an margadh cheana féin agus atá suiteáilte in innealra soghluaiste nach innealra bóthair é a athsholáthar; agus

(b) 

lena gcomhlíontar céim astaíochta atá níos ísle ná an chéim sin is infheidhme ar dháta athsholáthair an innill;

(12) 

ciallaíonn “inneall inseirbhíse” inneall a oibrítear in innealra soghluaiste nach innealra bóthair thar a ghnáthphatrúin oibriúcháin, a ghnáthchoinníollacha agus a ghnáth-phálastaí, agus a úsáidtear chun tástálacha faireacháin ar astaíochtaí amhail dá dtagraítear in Airteagal 19 a dhéanamh;

(13) 

ciallaíonn “inneall CI” inneall a oibríonn ar an bprionsabal adhainte comhbhrúite (“CI”);

(14) 

“inneall SI” inneall a oibríonn ar an bprionsabal spréachadhainte (“SI”);

(15) 

ciallaíonn “inneall SI láimhe” inneall SI a bhfuil cumhacht tagartha níos lú ná 19 kW aige, a úsáidtear i bpíosa trealaimh a chomhlíonann ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

iompraíonn an t-oibritheoir i rith fheidhmiú a fheidhme beartaithe nó a fheidhmeanna beartaithe é;

(b) 

oibríonn sé i níos mó ná staid amháin, ar nós bun os cionn nó go cliathánach, lena fheidhm bheartaithe nó lena fheidhmeanna beartaithe a fheidhmiú;

(c) 

is lú ná 20 kg a mheáchan tirim, an t-inneall san áireamh, agus comhlíonann sé ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha seo a leanas:

(i) 

soláthraíonn a oibritheoir tacaíocht fhisiciúil don trealamh ar feadh fheidhmiú a fheidhme beartaithe nó a fheidhmeanna beartaithe;

(ii) 

soláthraíonn a oibritheoir tacaíocht fhisiciúil nó rialú dearcaidh don trealamh -ar feadh fheidhmiú a fheidhme beartaithe nó a fheidhmeanna beartaithe;

(iii) 

úsáidtear é i ngineadóir nó i gcaidéal;

(16) 

ciallaíonn “breosla leachtach” breosla a bhíonn i riocht leachtach faoi choinníollacha caighdeánacha timpeallachta (298K, brú iomlán comhthimpeallach 101,3 kPa);

(17) 

ciallaíonn “breosla gásach” aon bhreosla a bhíonn gásach go hiomlán faoi choinníollacha caighdeánacha timpeallachta (298K, brú iomlán comhthimpeallach 101,3 kPa);

(18) 

ciallaíonn “inneall débhreosla” inneall a dearadh le hoibriú i gcomhthráth le breosla leachtach agus breosla gásach, agus méadrú ar leith don dá bhreosla, an méid de cheann amháin de na breoslaí i gcoibhneas leis an gceann eile in ann athrú ag brath ar an oibriú;

(19) 

ciallaíonn “inneall aonbhreosla” inneall nach inneall débhreosla é;

(20) 

ciallaíonn “GER” (an Cóimheas Gáis-Fuinnimh), i gcás inneall débhreosla, cóimheas chion fuinnimh an bhreosla ghásaigh thar cion fuinnimh an dá bhreosla; i gcás inneall aonbhreosla, sainmhínítear GER mar 1 nó 0 de réir an chineáil bhreosla;

(21) 

ciallaíonn “inneall faoi luas seasmhach” inneall a bhfuil a chineálcheadú AE teoranta d'oibríocht ar luas seasmhach, seachas innill a bhfuil a bhfeidhm rialtóra luas seasmhach bainte amach nó díchumasaithe; féadfaidh luas réchasta a bheith ag inneall ar luas seasmhach le húsáid le linn tosú nó múchadh agus féadfaidh rialtóir a bheith ar inneall ar luas seasmhach ar féidir é a shocrú ag luas malartach nuair a stoptar an t-inneall;

(22) 

ciallaíonn “inneall faoi luas inathraithe” inneall nach inneall faoi luas seasmhach é;

(23) 

ciallaíonn “oibríocht faoi luas seasmhach” oibríocht innill le rialtóir a dhéanann rialú uathoibríoch ar éileamh an oibritheora luas innill a chothabháil, fiú faoi ualach atá ag athrú;

(24) 

ciallaíonn “inneall cúnta” inneall atá suiteáilte nó atá ceaptha le bheith suiteáilte in innealra soghluaiste nach innealra bóthair é nach soláthraíonn tiomáint go díreach nó go hindíreach;

(25) 

ciallaíonn “glanchumhacht” an chumhacht innill in kW a fhaightear ar bhinse tástála ag deireadh na cromfhearsaide, nó a choibhéis, tomhaiste de réir modh tomhaiste cumhachta innill dócháin inmheánaigh sonraithe i Rialachán UNECE Uimh. 120 agus breosla tagartha nó teaglama breosla a leagtar amach in Airteagal 25(2) á úsáid;

(26) 

ciallaíonn “cumhacht tagartha” an ghlanchumhacht a úsáidtear leis na teorainnluachanna astaíochtaí is infheidhme don inneall a shocrú;

(27) 

ciallaíonn “glanchumhacht rátaithe” an ghlanchumhacht in kW mar atá rátaithe ag monaróir innill ag luas rátaithe;

(28) 

ciallaíonn “uas-ghlanchumhacht” an luach glanchumhachta is airde ar an gcuar cumhachta lánlóid don chineál innill;

(29) 

ciallaíonn “luas rátaithe” an t-uasluas faoin lánualach atá ceadaithe ag rialtóir de chuid innill, mar a dhear an monaróir, nó, mura bhfuil rialtóir den sórt sin ann, an luas ag a mbainfidh an t-inneall an uas-ghlanchumhacht amach, mar atá sainithe ag an monaróir;

(30) 

ciallaíonn “dáta táirgthe an innill” an dáta, arna shloinneadh mar mhí agus bliain, a phasálann an t-inneall an tseiceáil dheireanach, tar éis dó an líne tháirgeachta a fhágáil, agus é a bheith réidh le seachadadh nó le cur ar stoc;

(31) 

ciallaíonn “idirthréimhse” an chéad 24 mhí tar éis na dátaí a leagtar amach in Iarscríbhinn III chun innill de chuid Chéim V a chur ar an margadh;

(32) 

ciallaíonn “inneall idirthréimhseach” inneall a bhfuil dáta táirgeachta innill aige ar luaithe é ná an dáta a leagtar amach in Iarscríbhinn III le hinnill Chéim V a chur ar an margadh agus:

(a) 

a comhlíonann na teorainneacha astaíochtaí infheidhme is déanaí atá sainithe sa reachtaíocht ábhartha atá infheidhme ar an 5 Deireadh Fómhair 2016 nó;

(b) 

a thagann laistigh de raon cumhachta nó go n-úsáidtear nó go gceaptar go n-úsáidfear é i bhfeidhm nach raibh faoi réir teorainneacha astaíochtaí truailleán agus cineálcheadaithe ar leibhéal an Aontais ar an 5 Deireadh Fómhair 2016;

(33) 

ciallaíonn “dáta táirgthe mheaisín shoghluaiste nach meaisín bóthair é” an mhí agus an bhliain atá luaite ar mharcáil reachtach an mheaisín nó, mura bhfuil marcáil reachtúil ann, an mhí agus an bhliain ina bpasálann sé an tseiceáil dheireanach tar éis dó an líne tháirgthe a fhágáil;

(34) 

ciallaíonn “soitheach uiscebhealaí intíre” árthach a thagann faoi raon feidhme Threoir (AE) 2016/1629;

(35) 

ciallaíonn “foireann ginte” meaisín neamhspleách soghluaiste nach meaisín bóthair é agus nach cuid de ghléasra cumhachta é, atá ceaptha go príomha cumhacht leictreach a tháirgeadh;

(36) 

ciallaíonn “innealra do-aistrithe” innealra atá beartaithe a bheith suiteáilte go buan in aon ionad amháin ina chéad úsáid agus nach bhfuil sé beartaithe é a bhogadh, ar bhóthar nó ar bhealach eile, ach amháin le linn loingseoireachta ó áit a dhéanta go háit a chéadsuiteála;

(37) 

ciallaíonn “suiteáilte go buan” boltáilte, nó socruithe go héifeachtúil ar bhealach eile ionas nach féidir é a bhaint amach gan uirlisí nó trealamh a úsáid, le dúshraith nó srian malartach atá beartaithe ionas go n-oibreoidh an t-inneall in aon ionad amháin i bhfoirgneamh, struchtúr, áis nó suiteáil;

(38) 

ciallaíonn “mótar sneachta” meaisín féinghluaiste atá beartaithe le haghaidh taisteal easbhóthair go príomha ar shneachta, arna thiomáint le rianta atá i dteagmháil le sneachta agus arna stiúradh le scí nó scíonna atá i dteagmháil leis an sneachta, le huasmhais neamhualaithe, in ord reatha, 454 kg (lena n-áirítear trealamh caighdeánach, fuarthán, bealaí, breosla agus uirlisí ach gan oiriúintí roghnacha agus an tiománaí a áireamh);

(39) 

ciallaíonn “feithicil uile-thír-raoin” nó “ATV” feithicil mhótair, arna tiomáint le hinneall, atá beartaithe go príomha le taisteal ar dhromchlaí gan phábháil ar cheithre roth nó níos mó a bhfuil boinn ísealbhrú orthu, le suíochán atá deartha do thiománaí a shuíonn gabhalscartha, nó le suíochán atá deartha do thiománaí a shuíonn gabhalscartha agus suíochán do phaisinéir amháin eile ar a mhéid, agus hanla mar stiúir;

(40) 

ciallaíonn “feithicil taobh le taobh” nó “SbS” feithicil féinghluaiste, oibritheoir-rialaithe, neamhaltach atá ceaptha go príomha le taisteal ar dhromchlaí gan phábháil ar cheithre roth nó níos mó, le híosmhais neamhualaithe, in ord reatha, 300 kg (lena n-áirítear trealamh caighdeánach, fuarthán, bealaí, breosla agus uirlisí ach gan oiriúintí roghnacha agus an tiománaí a áireamh) agus uasluas deartha níos lú ná 25 km/u; tá feithicil den sórt sin deartha freisin le daoine agus/nó earraí agus/nó trealamh tarraingthe agus brú a iompar, tá sí stiúrtha le rialtán nach hanla é, tá sí deartha le haghaidh cuspóirí áineasa nó fóntais agus ní iompraíonn sí níos mó ná seisear agus an tiománaí san áireamh, ag suí taobh le taobh ar shuíochán neamh-ghabhalscartha amháin nó níos mó;

(41) 

ciallaíonn “feithicil iarnróid” innealra soghluaiste nach innealra bóthair é a oibríonn go heisiach ar ráillí iarnróid;

(42) 

ciallaíonn “inneall féinghluaiste” feithicil iarnróid atá deartha le cumhacht ghluaisne a sholáthar go díreach trína rothaí féin nó go hindíreach trí rothaí fheithiclí iarnróid eile, le hí féin agus feithiclí iarnróid eile a thiomáint atá deartha le lastas, paisinéirí agus trealamh eile a iompar, agus atá deartha nó beartaithe gan lastas ná paisinéirí, seachas iad siúd atá ag oibriú an innill fhéinghluaiste, a iompar í féin;

(43) 

ciallaíonn “carr iarnróid” feithicil iarnróid atá deartha le cumhacht ghluaisne a sholáthar, go díreach trína rothaí féin nó go hindíreach trí rothaí fheithiclí iarnróid eile, chun é féin a thiomáint, agus atá deartha go sonrach le hearraí nó paisinéirí a iompar, nó earraí agus paisinéirí araon, agus nach inneall féinghluaiste é;

(44) 

ciallaíonn “feithicil chúnta iarnróid” feithicil iarnróid nach carr iarnróid ná inneall féinghluaiste í, lena n-áirítear, feithicil iarnróid atá deartha go sonrach le hobair cothabhála nó obair fhoirgníochta nó oibríochta ardaithe a bhaineann leis an rian nó le bonneagar an iarnróid a dhéanamh, ach gan a bheith teoranta don mhéid sin;

(45) 

ciallaíonn “craein shoghluaiste” craein ghéige fhéinchumhachtaithe atá in ann taisteal ar bhóthar nó easbhóthair nó an dá rud, agus atá ag brath ar dhomhantarraingt le haghaidh cobhsaíochta agus a oibríonn ar bhoinn, ar chrios boinn nó le socruithe eile soghluaiste;

(46) 

ciallaíonn “caiteoir sneachta” meaisín féinchumhachtaithe atá deartha go heisiach chun sneachta a ghlanadh ó dhromchla cosáin pábháilte trí chainníocht sneachta a bhailiú agus a chaitheamh go láidir trí shiúit;

(47) 

ciallaíonn “cur ar fáil ar an margadh” aon soláthar innill nó innealra soghluaiste nach innealra bóthair é le dáileadh nó le húsáid ar mhargadh an Aontais le linn gníomhaíocht tráchtála, ar son íocaíochta nó saor in aisce;

(48) 

ciallaíonn “cur ar an margadh” an chéad uair a chuirtear inneall nó meaisín soghluaiste nach innealra bóthair é ar fáil ar mhargadh an Aontais;

(49) 

ciallaíonn “monaróir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach don údarás ceadúcháin as gach gné de chineálcheadú AE nó den phróiseas údaraithe agus as comhréireacht táirgthe innill a áirithiú, agus atá freagrach freisin as cúraimí a bhaineann le faireachas margaidh maidir leis na hinnill a tháirgtear, is cuma cé acu an bhfuil baint dhíreach aige le gach céim de cheapadh agus de thógáil an innill is ábhar do phróiseas cineálcheadú AE nó nach bhfuil;

(50) 

ciallaíonn “ionadaí an mhonaróra” nó “ionadaí” aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus atá ceaptha go hiomchuí ag an monaróir le sainordú i scríbhinn a bheith ina ionadaí thar a cheann in ábhair a bhaineann leis an údarás ceadúcháin nó leis an údarás um fhaireachas margaidh agus gníomhú thar a cheann in ábhair atá cumhdaithe faoin Rialachán seo;

(51) 

ciallaíonn “allmhaireoir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas a chuireann ar an margadh inneall ó thríú tír, cibé acu atá an t-inneall suiteáilte cheana féin in innealra soghluaiste nach innealra bóthair é, nó nach bhfuil;

(52) 

ciallaíonn “dáileoir” duine nádúrtha nó dlítheanach sa slabhra soláthair, seachas an monaróir nó an t-allmhaireoir, a chuireann inneall ar fáil ar an margadh;

(53) 

ciallaíonn “oibreoir eacnamaíoch” an monaróir, ionadaí an mhonaróra, an t-allmhaireoir nó an dáileoir;

(54) 

ciallaíonn “monaróir buntrealaimh” nó “OEM” aon duine nádurtha nó dlítheanach a mhonaraíonn innealra soghluaiste nach innealra bóthair é;

(55) 

ciallaíonn “údarás ceadúcháin” údarás Ballstáit arna bhunú nó arna cheapadh ag Ballstát, agus ar tugadh fógra don Choimisiún ina leith agus ag a bhfuil inniúlacht maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

gach gné den chineálcheadú AE do chineál innill ná d'aicme inneall;

(b) 

an próiseas údaraithe;

(c) 

deimhnithe cineálcheadú AE a dheonú, agus, i gcás inarb iomchuí, iad a tharraingt siar nó diúltú iad a eisiúint, agus deimhnithe cineálcheadú AE a dheonú;

(d) 

gníomhú mar an pointe teagmhála d'údaráis cheadúcháin na mBallstát eile;

(e) 

na seirbhísí teicniúla a ainmniú; agus

(f) 

a áirithiú go gcomhlíonfaidh an monaróir a chuid oibleagáidí i leith chomhréireacht an táirgthe;

(56) 

ciallaíonn “seirbhís theicniúil” eagraíocht nó comhlacht arna hainmniú nó arna ainmniú ag an údarás ceadúcháin mar shaotharlann tástála chun tástálacha a dhéanamh, nó mar chomhlacht um measúnú comhréireachta chun an measúnú tosaigh agus tástálacha nó cigireachtaí eile a dhéanamh, thar ceann an údaráis cheadúcháin, nó an t-údarás féin nuair a bhíonn na feidhmeanna sin á ndéanamh aige;

(57) 

ciallaíonn “faireachas margaidh” na gníomhaíochtaí agus na bearta a dhéanann údaráis náisiúnta chun a áirithiú go gcomhlíonann innill a chuirtear ar fáil ar an margadh reachtaíocht chomhchuibhithe ábhartha an Aontais;

(58) 

ciallaíonn “údarás um fhaireachas margaidh” údarás Ballstáit atá freagrach as faireachas margaidh a dhéanamh ina chríoch;

(59) 

ciallaíonn “údarás náisiúnta” údarás ceadúcháin nó aon údarás eile a bhfuil baint aige le faireachas margaidh, rialú teorann nó cur ar an margadh i mBallstát, nó atá freagrach astu, i ndáil le hinnill atá le suiteáil in innealra soghluaiste nach innealra bóthair é nó i ndáil le hinnealra soghluaiste nach innealra bóthair é ina bhfuil innill suiteáilte;

(60) 

ciallaíonn “úsáideoir deiridh” aon duine nádúrtha nó dlítheanach, seachas an monaróir, OEM, an t-allmhaireoir nó an dáileoir, atá freagrach as an t-inneall atá suiteáilte in innealra soghluaiste nach innealra bóthair é a oibriú;

(61) 

ciallaíonn “straitéis rialaithe astaíochtaí” gné nó tacar gnéithe dearaidh atá ionchorpraithe i ndearadh foriomlán innill, nó in innealra soghluaiste nach innealra bóthair é ina bhfuil an t-inneall suiteáilte, agus a úsáidtear chun astaíochtaí a rialú;

(62) 

ciallaíonn “córas rialaithe astaíochtaí” aon ghaireas, córas nó gné den dearadh a rialaíonn nó a laghdaíonn astaíochtaí;

(63) 

ciallaíonn “straitéis uathmhaolaithe” straitéis rialaithe astaíochtaí lena laghdaítear éifeachtacht na rialuithe astaíochtaí faoi dhálaí comhthimpeallacha oibrithe nó faoi dhálaí oibrithe innill a bhíonn ann le linn ghnáthoibriú meaisín nó lasmuigh de nósanna imeachta tástála cineál-cheadú an AE;

(64) 

Ciallaíonn “aonad leictreonach rialaithe” gaireas leictreonach innill atá ina chuid den chóras rialaithe astaíochtaí agus a úsáideann sonraí ó bhraiteoirí innill le paraiméadair innill a rialú;

(65) 

Ciallaíonn “athchúrsáil gás sceite” nó “EGR” gaireas teicniúil atá ina cuid de chóras rialaithe sceite agus a laghdaíonn astaíochtaí trí gháis sceite atá díchurtha ón gcuasán/ó na cuasáin dócháin a threorú ar ais isteach san inneall le meascadh le haer atá ag teacht isteach roimh an dóchán nó lena linn, seachas comhuainiú comhla a úsáid le méid an gháis iarmhartaigh sceite sa chuasán /sna cuasáin dócháin a mheasctar leis an aer atá ag teacht isteach roimh an dóchán nó lena linn;

(66) 

ciallaíonn “córas iarchóireála sceite” catalaíoch, scagaire cáithníní, córas de NOx scagaire comhcheangailte cáithníneach de NOx nó aon ghaireas laghdaithe astaíochtaí eile, seachas athchúrsáil gás sceite (EGR) agus turbaluchtairí, atá ina chuid den chóras rialaithe astaíochtaí ach atá suiteáilte i suíomh bhealach iartheachtach i ndáil le comhlaí an innill;

(67) 

ciallaíonn “crioscaíl” córas rialála astaíochtaí na feithicle nó córas tiomána na feithicle, lena n-áirítear aon bhogearra nó aon ghnéithe eile den rialú loighistice de chóras den sórt sin, a dhíghníomhú, a choigeartú nó a mhodhnú, arb é an toradh atá air, bíodh sé beartaithe nó ná bíodh, gur chun donais a théann feidhmíocht astaíochta an innill;

(68) 

ciallaíonn “timthriall tástála” seicheamhach pointí tástála, lena luas agus torc sainmhínithe féin ag gach ceann acu, atá le leanúint ag inneall nuair a bhíonn sé á thástáil faoi fhoistine nó coinníollacha neamhbhuana oibriúcháin;

(69) 

ciallaíonn “timthriall tástála foistine” timthriall tástála ina gcoinnítear luas innill agus torc ag foireann chríochta luachanna ainmniúla tairiseacha. Is ionann tástálacha foistine agus tástálacha mód scoite nó tástálacha modúla rampáilte;

(70) 

ciallaíonn “timthriall díomuan tástála” timthriall tástála le seicheamh luas normalaithe agus luachanna toirc a athraíonn ó shoicind go soicind le ham;

(71) 

ciallaíonn “cás an chromáin” na spásanna iata istigh san inneall, nó lasmuigh de, a bhíonn ceangailte le humar na hola trí dhuchtanna istigh san umar nó lasmuigh de a thugann deis astaithe do gháis agus do ghal;

(72) 

ciallaíonn “athghiniúint” teagmhas ina n-athraíonn leibhéil astaíochtaí le linn d'fheidhmíocht an chórais iarchóireála sceite a bheith á hathchóiriú trí dhearadh, agus is féidir a rangú mar athghiniúint leanúnach nó athghiniúint (thréimhsiúil) ainmhinic;

(73) 

ciallaíonn “tréimhse mharthanachta astaíochtaí” nó “EDP” an líon uaireanta nó, i gcás ianrb infheidhme, an fad a úsáidtear le tosca meatha a shocrú;

(74) 

ciallaíonn “tosca meatha” an tacar de thosca a léiríonn an gaol atá idir astaíochtaí ag tús agus deireadh an tréimhse mharthanachta astaíochtaí;

(75) 

ciallaíonn “tástáil fhíorúil” samhail ríomhaire, lena n-áirítear ríomh, a dhéantar le leibhéal feidhmíochta innill a thaispeáint mar chúnamh don chinnteoireacht gan úsáid an innill fhisicí a bheith riachtanach.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas