+Airteagal 5 Oibleagáidí na mBallstát
---+Airteagal 5 1.
---+Airteagal 5 2.
---+Airteagal 5 3.
---+Airteagal 5 4.
---+Airteagal 5 5.
|
Airteagal 5 Oibleagáidí na mBallstát
Oibleagáidí na mBallstát
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 5 1.
|
Bunóidh nó ceapfaidh na Ballstáit údaráis cheadúcháin agus údaráis um fhaireachas margaidh i gcomhréir leis an Rialachán seo.
|
|
Airteagal 5 2.
|
Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir le bunú agus ceapadh na n-údarás ceadúcháin agus na n-údarás um fhaireachas margaidh dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear a n-ainmneacha, a seoltaí poist agus a seoltaí ríomhphoist, agus a réimsí freagrachta. Foilseoidh an Coimisiún liosta agus sonraí na n-údarás ceadúcháin ar a shuíomh gréasáin.
|
|
Airteagal 5 3.
|
Ní cheadóidh na Ballstáit ach na nithe seo a leanas a chur ar an margadh:
(a)
innill a chumhdaítear le cineálcheadú bailí AE a deonaíodh i gcomhréir leis an Rialachán seo, beag beann ar cé acu atá siad suiteáilte cheana in innealra soghluaiste nach innealra bóthair é nó nach bhfuil; agus
(b)
innealra soghluaiste nach innealra bóthair é ina bhfuil innill amhail dá dtagraítear i bpointe (a) suiteáilte.
|
|
Airteagal 5 4.
|
Ní chuirfidh na Ballstáit toirmeasc, srian ná bac ar na táirgí seo a leanas a chur ar an margadh:
(a)
innill ar fhorais a bhaineann le gnéithe dá ndéantús agus dá bhfeidhmiú a chumhdaítear leis an Rialachán seo, i gcás ina gcomhlíonann na hinnill sin a cheanglais;
(b)
innealra soghluaiste nach innealra bóthar é, ar fhorais a bhaineann le hastaíochtaí truailleán gásach agus cáithníneach ó innill atá suiteáilte in innealra den sórt sin, i gcás ina dtiocfaidh na hinnill sin faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus ina gcomhlíonfar a cheanglais.
|
|
Airteagal 5 5.
|
Eagróidh na Ballstáit agus cuirfidh siad i gcrích faireachas margaidh agus rialú inneall ar an margadh i gcomhréir le Caibidil III de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|