+Airteagal 24 Tástálacha arna gceangal le haghaidh cineálcheadú AE
---+Airteagal 24 1.
---+Airteagal 24 2.
---+Airteagal 24 3.
---+Airteagal 24 4.
---+Airteagal 24 5.
---+Airteagal 24 6.
---+Airteagal 24 7.
---+Airteagal 24 8.
---+Airteagal 24 9.
---+Airteagal 24 10.
---+Airteagal 24 11.
---+Airteagal 24 12.
|
Airteagal 24 Tástálacha arna gceangal le haghaidh cineálcheadú AE
Tástálacha arna gceangal le haghaidh cineálcheadú AE
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 24 1.
|
Léireofar comhlíonadh na saintreoracha teicniúla a leagtar síos sa Rialachán seo trí bhíthin tástálacha iomchuí a dhéanfaidh seirbhísí teicniúla ainmnithe. Maidir leis na nósanna imeachta tomhais agus leis na nósanna imeachta tástála agus freisin maidir leis an trealamh agus leis na huirlisí faoi leith a úsáidtear chun na tástálacha sin a dhéanamh, déanfar iad a leagan síos in Airteagal 25.
|
|
Airteagal 24 2.
|
Déanfaidh an monaróir a oiread inneall a bhfuil gá leo faoi na gníomhartha tarmligthe ábhartha a chur ar fáil don údarás ceadúcháin chun na tástálacha a cheanglaítear a dhéanamh.
|
|
Airteagal 24 3.
|
Déanfar na tástálacha is gá ar innill atá ionadaíoch do chineál an innill nó, i gcás inarb infheidhme, do mháthair-inneall na haicme innill atá le ceadú. In ainneoin na chéad fhomhíre, féadfaidh an monaróir, le comhaontú an údaráis ceadaithe, inneall a roghnú ina gcomhcheanglaítear roinnt de na gnéithe is míbhuntáistí i ndáil leis an leibhéal feidhmíochta is gá, cé nach inneall ionadaíoch é do chineál an innill ná, i gcás inarb infheidhme, do mháthair-inneall na haicme innill atá le ceadú. Féadfar modhanna tástála fíorúla a úsáid chun cabhrú leis an gcinnteoireacht i rith an phróisis roghnaithe.
|
|
Airteagal 24 4.
|
Chun críocha tástálacha ar chineálcheadú AE a dhéanamh, is in Iarscríbhinn IV a leagtar amach na timthriallta tástála sin is infheidhme Cuirfear in iúl sa doiciméad faisnéise na timthriallta tástála is infheidhme maidir le gach cineál innill a chuirtear san áireamh i gcineálcheadú AE.
|
|
Airteagal 24 5.
|
Déanfar inneall atá ionadaíoch do chineál an innill nó, i gcás inarb infheidhme, do mháthair-inneall na haicme innill, nó inneall arna roghnú i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 3, a thástáil ar dhinimiméadar agus úsáid á baint as an timthriall foistine neamhbhóthair tástála a shainaithnítear i dTábla IV-1 go Tábla IV-10 d'Iarscríbhinn IV. Féadfaidh na monaróir roghnú an tástáil seo a dhéanamh agus úsáid á baint as an modh móid scoite tástála nó as an modh rampa-mhodúil tástála. Seachas sna cásanna dá dtagraítear i mír 7 agus i mír 8, ní gá an timthriall foistine luais seasmhaigh tástála a úsáid chun tástáil a dhéanamh ar inneall luais athraithigh i gcatagóir ar leith a úsáidtear in oibríocht luais seasmhaigh atá sa chatagóir chéanna.
|
|
Airteagal 24 6.
|
I gcás innill le rialtóir is féidir a shocrú ag luas malartach, freastalófar ar cheanglais mhír 5 ag gach luas seasmhach is infheidhme agus cuirfear in iúl sa doiciméad faisnéise ar chineálcheadú na luasanna is infheidhme do gach cineál innill.
|
|
Airteagal 24 7.
|
I gcás innill i gcatagóir IWP a cheaptar lena úsáid in oibríocht luais éagsúil agus in oibríocht luais seasmhaigh araon, comhlíonfar go leithleach ceanglais mhír 5 maidir le gach timthriall foistine tástála is infheidhme agus cuirfear in iúl sa doiciméad faisnéise gach timthriall foistine tástála ar comhlíonadh na ceanglais sin ina leith.
|
|
Airteagal 24 8.
|
I gcás innill i gcatagóir IWP a cheaptar lena úsáid in áit innill i gcatagóir IWA i gcomhréir le hAirteagal 4(2), comhlíonfar ceanglais mhír 5 den Airteagal seo maidir le gach timthriall foistine tástála is infheidhme a leagtar amach i dTábla IV-5 agus i dTábla IV-6 d'Iarscríbhinn IV agus cuirfear in iúl sa doiciméad faisnéise gach timthriall foistine tástála ar comhlíonadh an ceanglas sin ina leith.
|
|
Airteagal 24 9.
|
Cé is moite d'innill a cineálcheadaíodh de bhun Airteagail 34(5) agus (6), maidir le hinnill luais athraithigh sa chatagóir NRE a bhfuil glanchumhacht atá níos mó ná, nó atá cothrom le, 19 kW acu ach nach bhfuil níos mó ná 560 kW, chomh maith le ceanglais mhír 5 den Airteagal seo a chomhlíonadh, déanfar iad a thástáil ar dhinimiméadar agus úsáid á baint as an timthriall díomuan tástála a shainaithnítear i dTábla IV-11 d'Iarscríbhinn IV.
|
|
Airteagal 24 10.
|
Maidir le hinnill i bhfochatagóir NRS-v-2b agus i bhforchatagóir NRS-v-3 a bhfuil uasluas atá níos lú ná, nó atá cothrom le, 3 400 rpm acu, chomh maith le ceanglais mhír 5 a chomhlíonadh, déanfar iad a thástáil ar dhinimiméadar agus úsáid á baint as an timthriall díomuan tástála a shainaithnítear i dTábla IV-12 d'Iarscríbhinn IV.
|
|
Airteagal 24 11.
|
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 55 lena gcomhlánaítear an rialachán seo trí na sonraíochtaí teicniúla mionsonraithe agus saintréithe an timthrialla foistine tástála agus an timthrialla dhíomuain dá dtagraítear san Airteagal seo a leagan síos, lena n-áirítear an modh comhfhreagrach maidir le hualach innill agus le socruithe luais a chinneadh. Glacfar na gníomhartha tarmligthe sin faoin 31 Nollaig 2016.
|
|
Airteagal 24 12.
|
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos formáid aonair na dtástálacha is gá do chineálcheadú AE. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh faoin 31 Nollaig 2016, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 56(2).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|