+Airteagal 37 Ceanglais shonracha na monaróirí i ndáil le táirgeadh a thuairisciú
---+Airteagal 37 1.
---+Airteagal 37 2.
---+Airteagal 37 3.
---+Airteagal 37 4.
---+Airteagal 37 5.
|
Airteagal 37 Ceanglais shonracha na monaróirí i ndáil le táirgeadh a thuairisciú
Ceanglais shonracha na monaróirí i ndáil le táirgeadh a thuairisciú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 37 1.
|
Cuirfidh an monaróir liosta faoi bhráid an údaráis cheadúcháin a thug cineálcheadú AE, ar liosta é ina mbeidh líon na n-inneall do gach cineál innill agus do gach fochatagóir innill a tháirgfear i gcomhréir leis an Rialachán seo agus i gcomhréir le cineálcheadú AE ó rinneadh an tuarascáil táirgeachta is déanaí a chur isteach, nó ón tráth a raibh feidhm le ceanglais an Rialacháin seo don chéad uair. Déanfar an liosta sin a chur isteach:
(a)
laistigh de 45 lá i ndiaidh dheireadh gach bliana féilire;
(b)
díreach tar éis gach ceann de na dátaí chun na hinnill dá dtagraítear in Iarscríbhinn III a chur ar an margadh;
(c)
faoi aon dáta eile a fhéadfaidh an t-údarás ceadúcháin a shonrú.
|
|
Airteagal 37 2.
|
Sonrófar sa liosta dá dtagraítear i mír 1 conas atá na huimhreacha aitheantais comhghaolaithe leis na cineálacha innill agus, i gcás inarb iomchuí, aicmí inneall comhfhreagracha agus le huimhreacha cineálcheadaithe AE i gcás nach n-aithníonn córas códaithe an innill na comhghaolta sin.
|
|
Airteagal 37 3.
|
Léireoidh an liosta dá dtagraítear i mír 1 aon chás ina scoireann an monaróir de chineál ceadaithe innill nó aicme cheadaithe inneall a tháirgeadh.
|
|
Airteagal 37 4.
|
Coinneoidh an monaróir cóip den liosta dá dtagraítear i mír 1 ar feadh íosthréimhse 20 bliain tar éis deireadh le bailíocht chineálcheadaithe ábhartha an Aontais.
|
|
Airteagal 37 5.
|
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos formáid an liosta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh faoin 31 Nollaig 2016, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 56(2).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|