+Airteagal 45 Ceanglais maidir le seirbhísí teicniúla
---+Airteagal 45 1.
---+Airteagal 45 2.
---+Airteagal 45 3.
---+Airteagal 45 4.
---+Airteagal 45 5.
---+Airteagal 45 6.
---+Airteagal 45 7.
---+Airteagal 45 8.
---+Airteagal 45 9.

Airteagal 45 Ceanglais maidir le seirbhísí teicniúla

Ceanglais maidir le seirbhísí teicniúla

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 45 1.
Ainmneoidh údarás ceadúcháin seirbhís theicniúil i gcomhréir le hAirteagal 47 agus comhlíonfaidh sé na ceanglais a leagtar síos i mír 2 go mír 9 den Airteagal seo.
Airteagal 45 2.
Bunófar seirbhís theicniúil faoin dlí náisiúnta de chuid Ballstáit agus beidh pearsantacht dhlítheanach aici.
Airteagal 45 3.
Beidh an tseirbhís theicniúil ina comhlacht triú páirtí a bheidh neamhspleách ar phróiseas deartha, monaraithe, soláthair nó cothabhála na n-inneall ar a ndéanann sí measúnú.

Maidir le comhlacht, ar le cumann gnó nó le cónaidhm ghairmiúil é agus a fheidhmíonn thar ceann gnóthais a bhaineann le dearadh, le monarú, le soláthar, le cóimeáil, le suiteáil, le húsáid nó le cothabháil na n-inneall ar a ndéanann sé measúnú, tástáil nó iniúchadh, féadfar a mheas go gcomhlíonann sé ceanglais na chéad fhomhíre, ar an gcoinníoll go léiríonn sé go bhfuil sé neamhspleách agus nach bhfuil aon choinbhleacht leasa ann.

Airteagal 45 4.
Ní bheidh an tseirbhís theicniúil, lena n-áirítear an bhainistíocht ardleibhéil agus an pearsanra atá freagrach as na catagóirí gníomhaíochtaí dá n-ainmnítear an tseirbhís theicniúil i gcomhréir le hAirteagal 47(1) a dhéanamh ina dearthóir, ina soláthraí, ina suiteálaí nó ina cothabhálaí ar na hinnill a mheasúnaíonn sí agus ní fheidhmeoidh sí thar ceann páirtithe a bhíonn ag gabháil do na gníomhaíochtaí sin. Ní choiscfidh an srianadh seo úsáid na n-inneall measúnaithe dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, is gá d'oibriú na seirbhíse teicniúla nó úsáid inneall den sórt sin chun críocha pearsanta.

Áiritheoidh an tseirbhís theicniúil nach ndéanfar imeachtaí a cuid fochuideachtaí ná a cuid fochonraitheoirí difear dá rúndacht, dá hoibiachtúlacht ná dá neamhchlaontacht na gcatagóirí gníomhaíochtaí dár ainmníodh í.

Airteagal 45 5.
Déanfaidh an tseirbhís theicniúil na catagóirí gníomhaíochtaí dár ainmníodh í leis an ionracas gairmiúil is mó is féidir agus an inniúlacht theicniúil riachtanach sa réimse sonrach agus beidh a foireann saor ó aon bhrú nó ó aon mhealltaí, go háirithe ó thaobh airgid, a mbeadh tionchar aige ar a breithiúnas nó ar thorthaí a gcuid imeachtaí measúnaithe, brú agus mealladh go háirithe brú nó mealltaí den sórt sin ó dhaoine nó grúpaí daoine a bhfuil leas acu i dtorthaí na n-imeachtaí sin.
Airteagal 45 6.

Taispeánfaidh an tseirbhís theicniúil dá húdarás ceadúcháin go bhfuil sí in ann an réimse uile catagóirí gníomhaíochtaí a bhfuil sé ag iarraidh go n-ainmneofar chuige iad i gcomhréir le hAirteagal 47(1) a dhéanamh, trína áirithiú go bhfuil an méid seo a leanas aici:

(a) 

pearsanra a bhfuil na scileanna iomchuí agus eolas teicniúil sonrach agus oiliúint ghairmeach acu, chomh maith le taithí imleor chuí, chun an tasc a chur i gcrích;

(b) 

tuairiscí ar na nósanna imeachta atá ábhartha do na catagóirí gníomhaíochtaí dá n-iarann sé a bheith ainmnithe, ag áirithiú trédhearcacht agus in-atáirgtheacht na nósanna imeachta sin leis sin;

(c) 

nósanna imeachta d'fheidhmíocht na gcatagóirí gníomhaíochtaí dá n-iarrann sé a bheith ainmnithe, a chuireann san áireamh go cuí céim chastachta theicneolaíocht an innill atá i gceist, bíodh an t-inneall á mhonarú de bhun ollphróiseas táirgthe nó phróiseas táirgthe srathach; agus

(d) 

an modh is gá chun na tascanna atá bainteach leis na catagóirí gníomhaíochtaí dá n-iarrann sé a bheith ainmnithe a fheidhmiú ar mhodh iomchuí agus go mbíonn rochtain aici ar an trealamh uile nó na háiseanna is gá.

Airteagal 45 7.
Beidh an tseirbhís theicniúil, lena n-áirítear a bainistíocht ardleibhéil agus a pearsanra mheasúnaithe neamhchlaonta. Ní ghabhfaidh siad d'aon ghníomhaíocht a d'fhéadfadh teacht salach ar neamhspleáchas a breithiúnais ná a hionracas i ndáil leis na catagóirí imeachtaí dá n-ainmnítear iad.
Airteagal 45 8.
Rachaidh an tseirbhís theicniúil faoi árachas dliteanais a chumhdaíonn a gníomhaíochtaí mura ndéanfaidh an Ballstát an dliteanas a ghlacadh air féín i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, nó go bhfuil an Ballstát freagrach í féin go díreach as an measúnú.
Airteagal 45 9.
Beidh pearsanra seirbhíse teicniúla faoi cheangal na rúndacht gairmiúla i ndáil leis an bhfaisnéis uile a fuarthas agus iad i mbun a gcuid cúraimí faoin Rialachán seo nó faoi aon fhoráil den dlí náisiúnta a thugann feidhm di.

Ní bheidh pearsanra na seirbhíse teicniúla faoi cheangal ag an oibleagáid dá dtagraítear sa chéad fhomhír, i ndáil le faisnéis a chomhroinnt leis an údarás ceadúcháin ainmnithe, nó nuair a éilíonn dlí an Aontais nó dlí náisiúnta comhroinnt den sórt sin.

Cosnófar cearta dílseánaigh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas