+Airteagal 49 Measúnú a dhéanamh ar scileanna seirbhísí teicniúla
---+Airteagal 49 1.
---+Airteagal 49 2.
---+Airteagal 49 3.
---+Airteagal 49 4.
|
Airteagal 49 Measúnú a dhéanamh ar scileanna seirbhísí teicniúla
Measúnú a dhéanamh ar scileanna seirbhísí teicniúla
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 49 1.
|
Tarraingeoidh an t-údarás ceadúcháin ainmniúcháin suas tuarascáil mheasúnaithe ag taispeáint gur measúnaíodh an tseirbhís theicniúil iarrthach maidir lena comhréireacht leis an Rialachán seo agus leis na gníomhartha tarmligthe a glacadh de bhun an Rialacháin seo. Féadfaidh deimhniú creidiúnaithe a d'eisigh comhlacht creidiúnaithe a bheith san áireamh sa tuarascáil measunaithe sin lena bhfianaítear go gcomhlíonann an tseiribhís theicniúil sin ceanglais an Rialacháin seo. Déanfar an measúnú ar a bhfuil an tuarascáil measúnaithe a bhunú i gcomhréir leis na forálacha arna sonrú i ngníomh tarmligthe a glacfar de bhun Airteagal 48.
|
|
Airteagal 49 2.
|
Athbhreithneoidh an t-údarás ceadúcháin ainmniúcháin an tuarascáil mheasúnaithe gach trí bliana ar a laghad.
|
|
Airteagal 49 3.
|
Cuirfear an tuarascáil chuig an gCoimisiún ar iarraidh. I gcásanna den sórt sin, nuair nach bhfuil an measúnú bunaithe ar dheimhniú creidiúnaithe arna eisiúint ag comhlacht náisiúnta creidiúnaithe, cuirfidh an t-údarás ceadúcháin ainmniúcháin fianaise dhoiciméadach ar fáil don Choimisiún lena bhfianaítear an méid seo a leanas:
(a)
inniúlacht na seirbhíse teicniúla;
(b)
na socruithe atá suite chun a dheimhniú go ndéanann an t-údarás ceadúcháin ainmniúcháin faireachán rialta ar an tseirbhís theicniúil;
(c)
go gcomhlíonann an tseirbhís theicniúil ceanglais an Rialacháin seo agus na ngníomhartha a glacfar dá bhun.
|
|
Airteagal 49 4.
|
Soláthróidh údarás ceadúcháin a bhfuil sé ar intinn aige a bheith ainmnithe mar sheirbhís theicniúil i gcomhréir le hAirteagal 47(2), doiciméid ar chomhréireacht trí bhíthin mheasúnú arna dhéanamh ag iniúchóirí atá neamhspleách ar an ngníomhaíocht atá á measúnú. Is féidir d'iniúchóirí den sórt sin a bheith san eagraíocht chéanna ar chuntar go ndéantar iad a bhainistiú ar leithligh ón bpearsanra atá i mbun na gníomhaíochta measúnaithe.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|