+Airteagal 53 Oibleagáidí oibriúcháin na seirbhísí teicniúla
---+Airteagal 53 1.
---+Airteagal 53 2.
---+Airteagal 53 3.
---+Airteagal 53 4.
|
Airteagal 53 Oibleagáidí oibriúcháin na seirbhísí teicniúla
Oibleagáidí oibriúcháin na seirbhísí teicniúla
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 53 1.
|
Tabharfaidh seirbhísí teicniúla faoi na catagóirí gníomhaíochtaí dár ainmníodh iad thar ceann an údaráis cheadúchain ag ainmniú agus i gcomhréir leis an measúnú agus na nósanna imeachta tástála dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus sna gníomhartha tarmligthe agus sna gníomhartha cur chun feidhme a ghabhann leis. Déanfaidh seirbhísí teicniúla maoirseacht ar na tástálacha is gá don chineálcheadú AE nó d'iniúchtaí a leagtar amach sa Rialachán seo nó i gceann amháin de na gníomhartha tarmligthe nó de na gníomhartha cur chun feidhme a ghabhann leis, nó déanfaidh siad féin iad, mura gceadaítear nósanna imeachta malartacha. Ní dhéanfaidh na seirbhísí teicniúla tástálacha, measúnuithe ná iniúchtaí nach ndearnadh iad a ainmniú ina leith.
|
|
Airteagal 53 2.
|
Déanfaidh seirbhísí teicniúla na nithe seo a leanas i gcónaí:
(a)
cead a thabhairt don údarás ceadúcháin ainmniúcháin breathnú orthu ag déanamh a le linn an mheasúnuithe má mheasann na t-údarás sin gur cuí sin; agus
(b)
gan dochar d'Airteagal 45(9) agus d'Airteagal 54, cibé faisnéis a iarrtar orthu maidir leis na catagóirí gníomhaíochtaí a dhéanann siad agus a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a sholáthar don údarás ceadúcháin ainmniúcháin.
|
|
Airteagal 53 3.
|
I gcás ina bhfionnann seirbhís theicniúil nár chomhlíon monaróir na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, déanfaidh sí sin a thuairisciú don údarás ceadúcháin ainmniúcháin a chuirfidh de cheangal ar an monaróir bearta ceartaitheacha iomchuí a dhéanamh. Ní eiseoidh an t-údarás ceadúcháin ainmniúcháin deimhniú ar chineálcheadú AE go dtí go mbeidh na bearta ceartaitheacha iomchuí déanta ag an monaróir chun sástacht an údaráis ceadúcháin sin.
|
|
Airteagal 53 4.
|
Nuair a fhaigheann seirbhís theicniúil, ag feidhmiú thar ceann an údaráis cheadúcháin ag ainmniú, amach le linn faireachán a dhéanamh ar chomhréireacht an táirgthe i ndiaidh deimhniú ar chineálcheadú AE a eisiúint, nach gcomhlíonann cineál innill nó aicme innill an Rialachán sin a thuilleadh, cuirfidh sí é in iúl don údarás ceadúcháin ainmniúcháin. Déanfaidh an t-údarás ceadúcháin na bearta cuí amhail dá bhforáiltear in Airteagal 26.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|