+Airteagal 55 An tarmligean a fheidhmiú
---+Airteagal 55 1.
---+Airteagal 55 2.
---+Airteagal 55 3.
---+Airteagal 55 4.
---+Airteagal 55 5.
---+Airteagal 55 6.

Airteagal 55 An tarmligean a fheidhmiú

An tarmligean a fheidhmiú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 55 1.
Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
Airteagal 55 2.
Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 19(2), in Airteagal 24(11), in Airteagal 25(4), in Airteagal 26(6), in Airteagal 34(9), in Airteagal 42(4), in Airteagal 43(5) agus in Airteagal 48 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 10 mbliana ón 6 Deireadh Fómhair 2016. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná an 6 Eanáir 2026 agus 9 mí roimh dheireadh gach tréimhse 5 bliana ina dhiaidh sin, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar síneadh a chur le tarmligean na cumhachta go hintuigthe go ceann tréimhsí 5 bliana, mura gcuireann Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle in aghaidh síneadh den sórt sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
Airteagal 55 3.
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 19(2), in Airteagal 24(11), in Airteagal 25(4), in Airteagal 26(6), in Airteagal 34(9), in Airteagal 42(4), in Airteagal 43(5) agus in Airteagal 48 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.
Airteagal 55 4.
Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
Airteagal 55 5.
A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
Airteagal 55 6.
Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 19(2), Airteagal 24(11), Airteagal 25(4), Airteagal 26(6), Airteagal 34(9), Airteagal 42(4), Airteagal 43(5) agus Airteagal 48 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas