+Airteagal 57 Pionóis
---+Airteagal 57 1.
---+Airteagal 57 2.

Airteagal 57 Pionóis

Pionóis

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 57 1.
Déanfaidh na Ballstáit foráil do phionóis i leith sárú arna dhéanamh ag oibreoirí eacnamaíocha nó OEManna ar an Rialachán seo agus ar na gníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme a ghlactar de bhun an Rialacháin seo ag. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra faoi na forálacha sin don Choimisiún faoin 7 Deireadh Fómhair 2018. agus tabharfaidh siad fógra gan mhoill don Choimisiún faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanann difear do na forálacha sin.

Déanfaidh na Ballstáit na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear na pionóis chun feidhme.

Airteagal 57 2.

Áireofar ar na sáruithe atá faoi réir pionóis:

(a) 

ráitis bhréige a dhéanamh, go háirithe i rith nósanna imeachta cineál cheadaithe AE, na nósanna imeachta a dtagann athghairm dá mbarr nó na nósanna imeachta a bhaineann le díolúintí;

(b) 

torthaí tástála i ndáil le cineálcheadú AE nó i ndáil leis an bhfaireachán ar innill inseirbhíse a bhréagnú;

(c) 

dálaí nó sonraí teicniúla a choinneáil siar a bhféadfadh athghairm, diúltú nó tarraingt siar inneall, nó diúltú nó tarraingt siar cineálcheadaithe AE teacht dá bharr;

(d) 

straitéisí uathmhaolaithe a úsáid;

(e) 

rochtain ar fhaisnéis a dhiúltú;

(f) 

innill atá faoi réir chineálcheadú AE a chur ar an margadh gan chineálcheadú AE nó doiciméid nó marcanna reachtúla a bhréagnú le hintinn déanamh amhlaidh;

(g) 

inneall idirthréimhse agus innealra soghluaiste nach innealra bóthair é ina suiteáiltear innill den sórt sin a chur ar an margadh, de shárú ar na forálacha maidir le díolúine;

(h) 

srianta úsáide a leagtar amach in Airteagal 35(3) agus (4), a shárú;

(i) 

inneall a chur ar an margadh a modhnaíodh i gcaoi nach bhfuil sé i gcomhréir le sonraíochtaí a chineálcheadaithe AE a thuilleadh;

(j) 

inneall a shuiteáil in innealra soghluaiste nach innealra bóthair é i gcomhair úsáid nach í an úsáid eisiach dá bhforáiltear in Airteagal 4 í;

(k) 

inneall sainchuspóra a chur ar an margadh faoi Airteagal 34(5) nó (6) le húsáid in innealra seachas an t-innealra a ndearnadh foráil dó sna míreanna sin;

(l) 

inneall a chur ar an margadh faoi Airteagal 34(7) nó (8) agus Airteagal 58(9), (10) nó (11) le húsáid in innealra seachas an t- innealra a ndearnadh foráil dó sna míreanna sin;

(m) 

innealra soghluaiste nach innealra bóthair é a chur ar an margadh ina bhfuil innill suiteáilte atá faoi réir cineálcheadaithe AE faoin Rialachán seo, gan cheadú den sórt sin;

(n) 

innealra soghluaiste nach innealra bóthair é a chur ar an margadh ar innealra é a sháraíonn srian maidir leis an innealra soghluaiste a leagtar amach in Airteagal 34(8).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas