|
+Airteagal 57 2. |
Airteagal 57 2.Áireofar ar na sáruithe atá faoi réir pionóis:
(a)
ráitis bhréige a dhéanamh, go háirithe i rith nósanna imeachta cineál cheadaithe AE, na nósanna imeachta a dtagann athghairm dá mbarr nó na nósanna imeachta a bhaineann le díolúintí;
(b)
torthaí tástála i ndáil le cineálcheadú AE nó i ndáil leis an bhfaireachán ar innill inseirbhíse a bhréagnú;
(c)
dálaí nó sonraí teicniúla a choinneáil siar a bhféadfadh athghairm, diúltú nó tarraingt siar inneall, nó diúltú nó tarraingt siar cineálcheadaithe AE teacht dá bharr;
(d)
straitéisí uathmhaolaithe a úsáid;
(e)
rochtain ar fhaisnéis a dhiúltú;
(f)
innill atá faoi réir chineálcheadú AE a chur ar an margadh gan chineálcheadú AE nó doiciméid nó marcanna reachtúla a bhréagnú le hintinn déanamh amhlaidh;
(g)
inneall idirthréimhse agus innealra soghluaiste nach innealra bóthair é ina suiteáiltear innill den sórt sin a chur ar an margadh, de shárú ar na forálacha maidir le díolúine;
(h)
srianta úsáide a leagtar amach in Airteagal 35(3) agus (4), a shárú;
(i)
inneall a chur ar an margadh a modhnaíodh i gcaoi nach bhfuil sé i gcomhréir le sonraíochtaí a chineálcheadaithe AE a thuilleadh;
(j)
inneall a shuiteáil in innealra soghluaiste nach innealra bóthair é i gcomhair úsáid nach í an úsáid eisiach dá bhforáiltear in Airteagal 4 í;
(k)
inneall sainchuspóra a chur ar an margadh faoi Airteagal 34(5) nó (6) le húsáid in innealra seachas an t-innealra a ndearnadh foráil dó sna míreanna sin;
(l)
inneall a chur ar an margadh faoi Airteagal 34(7) nó (8) agus Airteagal 58(9), (10) nó (11) le húsáid in innealra seachas an t- innealra a ndearnadh foráil dó sna míreanna sin;
(m)
innealra soghluaiste nach innealra bóthair é a chur ar an margadh ina bhfuil innill suiteáilte atá faoi réir cineálcheadaithe AE faoin Rialachán seo, gan cheadú den sórt sin;
(n)
innealra soghluaiste nach innealra bóthair é a chur ar an margadh ar innealra é a sháraíonn srian maidir leis an innealra soghluaiste a leagtar amach in Airteagal 34(8). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|