+Airteagal 58 Forálacha idirthréimhseacha
---+Airteagal 58 1.
---+Airteagal 58 2.
---+Airteagal 58 3.
---+Airteagal 58 4.
---+Airteagal 58 5.
---+Airteagal 58 6.
---+Airteagal 58 7.
---+Airteagal 58 8.
---+Airteagal 58 9.
---+Airteagal 58 10.
---+Airteagal 58 11.
---+Airteagal 58 12.
---+Airteagal 58 13.

Airteagal 58 Forálacha idirthréimhseacha

Forálacha idirthréimhseacha

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 58 1.
Gan dochar do Chaibidil II ná do Chaibidil III, ní fhágfaidh an Rialachán seo aon chineálcheadú AE, roimh na dátaí chun na hinnill a leagtar amach in Iarscríbhinn III a chur ar an margadh, neamhbhailí ná ní chuirfidh sé deireadh le haon díolúine.
Airteagal 58 2.
I gcomhréir leis an reachtaíocht ábhartha is infheidhme ar an 5 Deireadh Fómhair 2016, féadfaidh údaráis cheadúcháin leanúint orthu ag deonú cineálcheaduithe AE d'innill a leagtar amach in Iarscríbhinn III go dtí na dátaí éigeantacha do chineálcheadú AE agus féadfaidh siad leanúint orthu ag deonú díolúintí i gcomhréir leis an reachtaíocht sin go dtí na dátaí éigeantacha chun innill a leagtar amach in Iarscríbhinn III a chur ar an margadh.

I gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme ar an 5 Deireadh Fómhair 2016, féadfaidh na Ballstáit leanúint orthu ag ceadú innill a chur ar an margadh go dtí na dátaí éigeantacha chun innill a chur ar an margadh a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

Airteagal 58 3.
De mhaolú ón Rialachán seo, is féidir innill a bhfuil cineálcheadú AE faighte acu cheana féin de bhun na reachtaíochta ábhartha is infheidhme ar an 5 Deireadh Fómhair 2016, nó a chomhlíonann na ceanglais arna leagan amach ag an gCoimisiún Lárnach um Loingseoireacht na Réine (CCNR) agus arna leagan amach mar CCNR Céim II, i gcreat an Choinbhinsiúin Athbhreithnithe um Loingseoireacht na Réine, is féidir leanúint dá gcur ar an margadh go dtí na dátaí chun innill a chur ar an margadh a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

I gcásanna den sórt sin, ní chuirfidh na húdaráis náisiúnta toirmeasc, bac ná srianadh ar innill atá i gcomhréir leis an gcineál ceadaithe a chur ar an margadh.

Airteagal 58 4.
Is féidir leanúint d'innill nár thit faoi raon feidhme Threoir 97/68/CE ar an 5 Deireadh Fómhair 2016 a chur ar an margadh ar bhonn na rialacha náisiúnta atá i bhfeidhm, más ann dóibh, go dtí na dátaí chun innill a chur ar an margadh a leagtar amach in Iarscríbhinn III.
Airteagal 58 5.
Gan dochar d'Airteagal 5(3), d'Airteagal 18(2) agus, i gcás inarb infheidhme, do Threoir 2008/57/CE agus do Rialachán (AE) Uimh. 1302/2014 ón gCoimisiún ( 8 ), is féidir innill idirthréimhseacha agus, i gcás inarb infheidhme, an t-innealra soghluaiste nach innealra bóthair é ina suiteáiltear na hinnill idirthréimhseacha sin, a chur ar an margadh i gcónaí i rith na hidirthréimhse ar an gcoinníoll go bhfuil dáta táirgthe nach mó é ná18 mí tar éis thús na hidirthréimhse ag an innealra ina suiteáiltear an t-inneall idirthréimhseach.

I gcás innill d’fhochatagóirí de chatagóir NRE arb é an 1 Eanáir 2020 an dáta a leagtar amach in Iarscríbhinn III chun innill Chéim V a chur ar an margadh, údaróidh na Ballstáit síneadh 12 mhí sa bhreis ar an idirthréimhse agus ar an tréimhse 18 mí dá dtagraítear sa chéad fhomhír do OEManna a bhfuil táirgeadh iomlán bliantúil acu is lú ná 100 aonad d’innealra soghluaiste nach innealra bóthair é atá feistithe le hinnill dócháin inmheánaigh. Chun críoch an táirgeadh iomlán bliantúil sin a ríomh, measfar gach OEM atá faoi rialú an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh chéanna a bheith ina OEM aonair.

I gcás innill d’fhochatagóirí de chatagóir NRE arb é an 1 Eanáir 2020 an dáta a leagtar amach in Iarscríbhinn III chun innill Chéim V a úsáidtear i gcraenacha soghluaiste a chur ar an margadh, cuirfear síneadh 12 mhí leis an idirthréimhse agus leis an tréimhse 18 mí dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

I gcás innill de chatagóir NRS a bhfuil cumhacht níos lú ná 19 kW acu a úsáidtear i gcaiteoirí sneachta, cuirfear síneadh 24 mhí leis an idirthréimhse agus leis an tréimhse 18 mí dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

I gcás innill de gach fochatagóir arb é an 1 Eanáir 2019 an dáta a leagtar amach in Iarscríbhinn III chun innill Chéim V a chur ar an margadh, seachas na hinnill dá dtagraítear sa cheathrú fomhír, cuirfear síneadh 12 mhí leis an idirthréimhse agus leis an tréimhse 18 mí dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

I gcás innill de gach fochatagóir arb é an 1 Eanáir 2020 an dáta a leagtar amach in Iarscríbhinn III chun innill Chéim V a chur ar an margadh, seachas na hinnill dá dtagraítear sa dara agus sa tríú fomhír, cuirfear síneadh 9 mí leis an idirthréimhse agus cuirfear síneadh 6 mhí leis an tréimhse 18 mí dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Airteagal 58 6.

Faoi réir mhír 5 den Airteagal seo, comhlíonfaidh innill idirthréimhseacha ar a laghad ceann amháin de na ceanglais seo a leanas:

(a) 

beidh siad i gcomhréir le cineálacha innill nó le haicme inneall nach bhfuil a gcineálcheadú AE bailí a thuilleadh de bhun phointe (a) d'Airteagal 30(2); agus atá cumhdaithe ag cineálcheadú bailí AE ar dhátaí táirgthe na n-inneall atá i gcomhréir leis na teorainneacha astaíochtaí infheidhme is déanaí atá sainithe sa reachtaíocht ábhartha a bhí infheidhme ar an 5 Deireadh Fómhair 2016;

(b) 

bainfidh siad le raon cumhachta nach raibh faoi réir cineálcheadaithe d'astaíochtaí truailleán ar leibhéal an Aontais ar an 5 Deireadh Fómhair 2016; nó

(c) 

úsáidfear iad, nó beidh sé ceaptha iad a úsáid i bhfeidhmiú nach raibh faoi réir cineálcheadaithe a bhain le hastaíochtaí truailleán ar leibhéal an Aontais ar an 5 Deireadh Fómhair 2016.

Airteagal 58 7.

Beidh an tréimhse chun innill idirthréimhseacha a chur ar an margadh teoranta do:

(a) 

24 mhí ón dáta infheidhme chun innill a chur ar an margadh a leagtar amach in Iarscríbhinn III, sa chás a leagtar amach sa chéad fhomhír de mhír 5;

(b) 

36 mhí ón dáta infheidhme chun innill a chur ar an margadh a leagtar amach in Iarscríbhinn III, sa chás a leagtar amach sa dara agus sa tríú fomhír de mhír 5;

(c) 

48 mí ón dáta infheidhme chun innill a chur ar an margadh a leagtar amach in Iarscríbhinn III, sa chás a leagtar amach sa cheathrú fomhír de mhír 5;

▼M1

(d) 

36 mhí ón dáta infheidhme chun innill a chur ar an margadh a leagtar amach in Iarscríbhinn III, sa chás a leagtar amach sa chúigiú fomhír de mhír 5;

▼M2

(e) 

33 mhí ón dáta infheidhme chun innill a chur ar an margadh a leagtar amach in Iarscríbhinn III, sa chás a leagtar amach sa séú fomhír de mhír 5.

▼B

Airteagal 58 8.
Áiritheoidh monaróirí go gcomhlíonfaidh innill idirthréimhseacha a chuirfear ar an margadh le linn na hidirthréimhse an mharcáil dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 32(2).
Airteagal 58 9.
D'ainneoin Airteagal 5(3), Airteagal 18(2) agus Airteagal 22, ar feadh tréimhse nach faide ná an 17 Meán Fómhair 2026, féadfaidh na Ballstáit údarú a thabhairt chun innill de chatagóir RLL a chur ar an margadh ag a bhfuil glanchumhacht uasta atá níos mó ná 2 000  kW agus nach gcomhlíonann na teorainneacha astaíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn II, a bheidh le suiteáil in innill féinghluaiste nach dtéann ach ar ghréasán iarnróid 1 520  mm atá iargúlta go teicniúil. Le linn na tréimhse sin mar íosthréimhse, comhlíonfaidh na hinnill sin a chuirfear ar an margadh na teorainneacha astaíochtaí ar ghá d'innill a chomhlíonadh chun go gcuirtí ar an margadh iad an 31 Nollaig 2011. Deonóidh údaráis cheadúcháin na mBallstát cineálcheadú AE agus údaróidh siad innill den sórt sin a chur ar an margadh.
Airteagal 58 10.
D'ainneoin Airteagal 5(3) agus Airteagal 18(2), údaróidh na Ballstáit innill athsholáthair a chur ar an margadh, go ceann tréimhse nach faide ná 15 bliana, amhail ó na dátaí is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn III maidir le hinnill Chéim V a chur ar an margadh, ar an gcoinníoll go bhfuil na hinnill i gcatagóir atá coibhéiseach le NRS agus go bhfuil cumhacht tagartha nach lú ná 19 kW acu nó ar an gcoinníoll go bhfuil siad i gcatagóir atá coibhéiseach le NRG, i gcás ina bhfuil an t-inneall athsholáthair agus an t-inneall bunaidh i gcatagóir innill agus i raon cumhachta nach raibh faoi réir cineálcheadú ar leibhéal an Aontais ar an 31 Nollaig 2016.
Airteagal 58 11.

D'ainneoin Airteagal 5(3) agus Airteagal 18(2), údaróidh na Ballstáit innill athsholáthair a chur ar an margadh, go ceann tréimhse nach faide ná 20 bliain, amhail ó na dátaí is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn III maidir le hinnill Chéim V a chur ar an margadh, ar an gcoinníoll go bhfuil na hinnill:

(a) 

i gcatagóir NRE agus go bhfuil cumhacht tagartha nach lú ná 19 kW agus nach mó ná 560 kW acu agus ar an gcoinníoll go bhfuil siad i gcomhréir le céim astaíochtaí a chuaigh in éag tráth nach déanaí ná 20 bliain sular cuireadh na hinnill sin ar an margadh agus atá ar a laghad chomh dian céanna leis na teorainneacha astaíochtaí a raibh ar an inneall atá le hionadú a chomhlíonadh tráth a cuireadh ar an margadh den chéad uair é;

(b) 

i gcatagóir atá coibhéiseach le NRE agus go bhfuil cumhacht tagartha atá níos mó ná 560 kW acu, i gcás ina bhfuil an t-inneall athsholáthair agus an t-inneall bunaidh i gcatagóir innill nó i raon cumhachta nach raibh faoi réir cineálcheadú ar leibhéal an Aontais ar an 31 Nollaig 2016;

Airteagal 58 12.
Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan an Rialachán seo a chur i bhfeidhm ar feadh tréimhse nach faide ná an 17 Meán Fómhair 2016, i ndáil le hinnill atá suiteáilte in innealra buainte cadáis.
Airteagal 58 13.
Áiritheoidh monaróirí go gcomhlíonfaidh innill athsholáthair an mharcáil dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 32(2).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas