|
+Airteagal 58 5. |
Airteagal 58 5.Gan dochar d'Airteagal 5(3), d'Airteagal 18(2) agus, i gcás inarb infheidhme, do Threoir 2008/57/CE agus do Rialachán (AE) Uimh. 1302/2014 ón gCoimisiún (
8
), is féidir innill idirthréimhseacha agus, i gcás inarb infheidhme, an t-innealra soghluaiste nach innealra bóthair é ina suiteáiltear na hinnill idirthréimhseacha sin, a chur ar an margadh i gcónaí i rith na hidirthréimhse ar an gcoinníoll go bhfuil dáta táirgthe nach mó é ná18 mí tar éis thús na hidirthréimhse ag an innealra ina suiteáiltear an t-inneall idirthréimhseach. I gcás innill d’fhochatagóirí de chatagóir NRE arb é an 1 Eanáir 2020 an dáta a leagtar amach in Iarscríbhinn III chun innill Chéim V a chur ar an margadh, údaróidh na Ballstáit síneadh 12 mhí sa bhreis ar an idirthréimhse agus ar an tréimhse 18 mí dá dtagraítear sa chéad fhomhír do OEManna a bhfuil táirgeadh iomlán bliantúil acu is lú ná 100 aonad d’innealra soghluaiste nach innealra bóthair é atá feistithe le hinnill dócháin inmheánaigh. Chun críoch an táirgeadh iomlán bliantúil sin a ríomh, measfar gach OEM atá faoi rialú an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh chéanna a bheith ina OEM aonair. I gcás innill d’fhochatagóirí de chatagóir NRE arb é an 1 Eanáir 2020 an dáta a leagtar amach in Iarscríbhinn III chun innill Chéim V a úsáidtear i gcraenacha soghluaiste a chur ar an margadh, cuirfear síneadh 12 mhí leis an idirthréimhse agus leis an tréimhse 18 mí dá dtagraítear sa chéad fhomhír. I gcás innill de chatagóir NRS a bhfuil cumhacht níos lú ná 19 kW acu a úsáidtear i gcaiteoirí sneachta, cuirfear síneadh 24 mhí leis an idirthréimhse agus leis an tréimhse 18 mí dá dtagraítear sa chéad fhomhír. I gcás innill de gach fochatagóir arb é an 1 Eanáir 2019 an dáta a leagtar amach in Iarscríbhinn III chun innill Chéim V a chur ar an margadh, seachas na hinnill dá dtagraítear sa cheathrú fomhír, cuirfear síneadh 12 mhí leis an idirthréimhse agus leis an tréimhse 18 mí dá dtagraítear sa chéad fhomhír. I gcás innill de gach fochatagóir arb é an 1 Eanáir 2020 an dáta a leagtar amach in Iarscríbhinn III chun innill Chéim V a chur ar an margadh, seachas na hinnill dá dtagraítear sa dara agus sa tríú fomhír, cuirfear síneadh 9 mí leis an idirthréimhse agus cuirfear síneadh 6 mhí leis an tréimhse 18 mí dá dtagraítear sa chéad fhomhír. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|