|
+Airteagal 4 4. |
Airteagal 4 4.Áiritheoidh gach Ballstát nach mó ná an buiséad le haghaidh 2026 go 2029 suim na ndifríochtaí idir na nithe seo a leanas do gach bliain sa tréimhse ó 2026 go 2029:
(a)
a astaíochtaí agus a aistrithe gás ceaptha teasa ar a chríoch agus i ngach ceann de na catagóirí tuairiscithe talún dá dtagraítear in Airteagal 2(2), pointí (a) go (j); agus
(b)
an meánluach dá shonraí fardail gás ceaptha teasa do na blianta 2021, 2022 agus 2023, mar a tíolacadh in 2032. Sainmhíneofar an buiséad do 2026 go 2029 mar shuim na ndifríochtaí do gach bliain sa tréimhse ó 2026 go 2029 don Bhallstát sin idir na nithe seo a leanas:
(a)
teorainnluachanna bliantúla na n-astaíochtaí agus na n-aistrithe gás ceaptha teasa do na blianta sin, arna mbunú ar bhonn conair líneach i dtreo 2030; agus
(b)
an meánluach dá shonraí fardail gás ceaptha teasa do na blianta 2021, 2022 agus 2023, mar a tíolacadh in 2025. Is ar an meánluach do na sonraí fardail gás ceaptha teasa do na blianta 2021, 2022 agus 2023 a thosóidh conair líneach Bhallstáit in 2022, agus is é an críochphointe a bheidh aici do 2030 an luach a gheofar tríd an luach a leagtar amach don Bhallstát sin i gcolún C d’Iarscríbhinn IIa a chur leis an meánluach do na sonraí fardail gás ceaptha teasa do na blianta 2016, 2017 agus 2018. Déanfar buiséad 2026 go 2029 a shainiú ar bhonn na sonraí fardail gás ceaptha teasa a tíolacadh in 2025 agus déanfar comhlíonadh an bhuiséid sin a mheasúnú ar bhonn na sonraí fardail gás ceaptha teasa a thíolacfar in 2032. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|