|
+IARSCRÍBHINN V |
IARSCRÍBHINN VIARSCRÍBHINN V FEIDHM LOBHADH CHÉAD ORD, MODHEOLAÍOCHTAÍ AGUS LUACHANNA LEATHRÉ MAINNEACHTANA LE HAGHAIDH TÁIRGÍ ADHMAID LOMÁNAITHE Ceisteanna modheolaíocha
—
Mura féidir táirgí adhmaid lománaithe a dhealú sna catagóirí úsáide talún arb iad talamh foraoisithe agus talamh foraoise bainistithe, féadfaidh Ballstát roghnú glacadh leis gur ar thalamh foraoise bainistithe a tharla na hastaíochtaí agus na haistrithe ar fad agus na táirgí adhmaid lománaithe a áireamh sna cuntais.
—
Is ar bhonn ocsaídiú ar an toirt a dhéanfar cuntas ar tháirgí adhmaid lománaithe i láithreán le haghaidh diúscairt dramhaíola soladaí agus ar tháirgí adhmaid lománaithe a ndearnadh iad a lománú chun críocha fuinnimh.
—
Ní thabharfaidh an Ballstát allmhairithe cuntas ar tháirgí adhmaid lománaithe allmhairithe, is cuma faoina n-áit tionscnaimh (“cur chuige an táirgthe”).
—
Maidir le táirgí adhmaid lománaithe onnmhairithe, tagraíonn sonraí atá sonrach do thír faoi leith do luachanna leathré atá sonrach do thír faoi leith agus don úsáid a bhaintear as táirgí adhmaid lománaithe sa tír allmhairithe.
—
I gcás luachanna leathré atá sonrach do thír faoi leith maidir le táirgí adhmaid lománaithe a chuirtear ar an margadh san Aontas, níor cheart go ndiallfaidis na luachanna leathré atá in úsáid ag an mBallstát allmhairithe.
—
Féadfaidh na Ballstáit, chun críocha faisnéise amháin, sonraí a sholáthar ina gcuid aighneachtaí maidir le sciar an adhmaid as ar baineadh úsáid chun críocha fuinnimh agus a onnmharaíodh ó áit lasmuigh den Aontas, mar aon le sonraí maidir le tíortha tionscnaimh adhmaid den sórt sin.
Féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as modheolaíochtaí agus as luachanna leathré atá sonrach do thír ar leith in ionad na modheolaíochtaí agus na luachanna leathré mainneachtana a shonraítear san Iarscríbhinn seo ar an gcoinníoll go gcinnfear na modheolaíochtaí agus na luachanna sin ar bhonn sonraí atá trédhearcach agus infhíoraithe agus ar an gcoinníoll go mbeidh na modheolaíochtaí a mbaintear úsáid astu chomh sonrach ar a laghad agus chomh beacht ar a laghad is atá siad siúd a shonraítear san Iarscríbhinn seo. Na luachanna leathré mainneachtana: Ciallaíonn “luach leathré” líon na mblianta a thógtar chun méid an charbóin atá stóráilte i gcatagóir táirgí adhmaid lománaithe a laghdú go dtí leath dá luach tosaigh. Is mar a leanas a bheidh na luachanna leathré mainneachtana:
(a)
2 bhliain do pháipéar;
(b)
25 bliana do phainéil adhmaid;
(c)
35 bliana d’adhmad sáfa. Féadfaidh na Ballstáit na táirgí atá bunaithe ar ábhar adhmaid, lena n-áirítear coirt, a thagann laistigh de na catagóirí dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) thuas, a shonrú, bunaithe ar Threoirlínte IPCC arna nglacadh ag Comhdháil na bPáirtithe in UNFCCC nó ag Comhdháil na bPáirtithe ag feidhmiú mar Chruinniú na bPáirtithe i gComhaontú Pháras, ar choinníoll go mbeidh na sonraí a bheidh ar fáil trédhearcach agus infhíoraithe. Féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint freisin as ceann ar bith de na catagóirí sin ar fochatagóirí iad atá sonrach do thír faoi leith. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|