+Airteagal 4 Creat nós imeachta foriomlán
---+Airteagal 4 1.
---+Airteagal 4 2.
---+Airteagal 4 3.
---+Airteagal 4 4.
---+Airteagal 4 5.

Airteagal 4 Creat nós imeachta foriomlán

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 4 1.
Beidh toirmeasc ar loingsithe dramhaíolacha atá beartaithe lena ndiúscairt, ach amháin má fhaightear toiliú i gcomhréir le hAirteagal 11. Chun toiliú a fháil i gcomhréir le hAirteagal 11 maidir le loingsiú atá beartaithe lena dhiúscairt, beidh feidhm ag an nós imeachta um réamhfhógra agus réamhthoiliú i scríbhinn a leagtar síos i gCaibidil 1.
Airteagal 4 2.

Beidh loingsithe na ndramhaíolacha seo a leanas atá beartaithe lena n-aisghabháil faoi réir an nós imeachta um réamhfhógra agus réamhthoiliú i scríbhinn, a leagtar síos i gCaibidil 1:

(a) 

dramhaíolacha a liostaítear in Iarscríbhinn IV;

(b) 

dramhaíolacha nach n-aicmítear faoi iontráil aonair amháin in Iarscríbhinn III, Iarscríbhinn IIIB ná Iarscríbhinn IV;

(c) 

meascáin dramhaíolacha, mura liostaítear iad in Iarscríbhinn IIIA;

(d) 

dramhaíl a aicmítear mar dhramhaíl ghuaiseach sa liosta dramhaíola arna bhunú de bhun Airteagal 7 de Threoir 2008/98/CE;

(e) 

dramhaíolacha a liostaítear in Iarscríbhinn III nó Iarscríbhinn IIIB agus meascáin dramhaíolacha a liostaítear in Iarscríbhinn IIIA atá éillithe ag ábhair eile sa mhéid seo a leanas:

(i) 

a dhéanann méadú leordhóthanach ar na rioscaí a bhaineann leis na dramhaíolacha chun go mbeadh sí iomchuí lena cur faoi réir an nós imeachta um réamhfhógra agus réamhthoiliú i scríbhinn, agus an liosta dramhaíola dá dtagraítear in Airteagal 7 de Threoir 2008/98/CE chomh maith leis na hairíonna guaiseacha a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin á gcur i gcuntas; nó

(ii) 

go gcuirtear cosc ar dhramhaíolacha a aisghabháil ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol;

(f) 

dramhaíolacha nó meascáin dramhaíolacha ina bhfuil truailleáin orgánacha mharthanacha nó atá éillithe le truailleáin orgánacha mharthanacha de réir bhrí Rialachán (AE) 2019/1021 i gcainníochtaí a chomhlíonann nó a sháraíonn teorainn tiúchana a shonraítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán sin, nach n-aicmítear mar dhramhaíl ghuaiseach.

Airteagal 4 3.
Beidh feidhm ag mír 2 den Airteagal seo maidir le loingsithe dramhaíola cathrach measctha arna bailiú ó theaghlaigh phríobháideacha, ó tháirgeoirí dramhaíola eile nó ón dá dhream, chomh maith le dramhaíl chathrach mheasctha a cuireadh faoi oibríocht cóireála dramhaíola nár athraigh a hairíonna go substaintiúil, lena n-áirítear breoslaí a dhíorthaítear ó dhramhaíl a phróiseáiltear ó dhramhaíl chathrach mheasctha, i gcás ina bhfuil an dramhaíl sin beartaithe lena haisghabháil. Beidh toirmeasc ar loingsithe dramhaíola den sórt sin atá beartaithe lena diúscairt.
Airteagal 4 4.

Beidh loingsithe na ndramhaíolacha seo a leanas atá beartaithe lena n-aisghabháil faoi réir na gceanglas ginearálta faisnéise a leagtar síos in Airteagal 18, más rud é gur mó ná 20 kg cainníocht na dramhaíola a loingsítear:

(a) 

dramhaíolacha a liostaítear in Iarscríbhinn III nó in Iarscríbhinn IIIB;

(b) 

meascáin dramhaíolacha, ar choinníoll nach ndéanann comhdhéanamh na meascán dochar dá n-aisghabháil atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus ar choinníoll go liostaítear meascáin den sórt sin in Iarscríbhinn IIIA.

Airteagal 4 5.

De mhaolú ar Airteagal 4(1) agus (2), maidir le loingsithe dramhaíola atá beartaithe go sainráite le haghaidh anailís saotharlainne nó tástálacha cóireála turgnamhacha chun measúnú a dhéanamh ar shaintréithe fisiceacha nó ceimiceacha na dramhaíola nó chun a n-oiriúnacht le haghaidh aisghabhála nó diúscartha a chinneadh, beidh siad faoi réir na gceanglas ginearálta faisnéise a leagtar síos in Airteagal 18 i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

nach mó cainníocht na dramhaíola ná an chainníocht is gá go réasúnach chun an anailís nó an triail a dhéanamh i ngach cás ar leith, ach gan níos mó ná 250 kg nó aon chainníocht níos mó arna comhaontú ar bhonn cás ar chás ag na húdaráis inniúla seolta agus cinn scríbe agus ag an duine a shocraíonn an loingsiú;

(b) 

i gcás ina n-iarrann an duine a shocraíonn an loingsiú cainníocht is airde ná 250 kg, soláthróidh an duine sin an fhaisnéis atá in Iarscríbhinn VII, a mhéid is féidir, do na húdaráis inniúla seolta agus cinn scríbe mar aon leis an míniú réasúnaithe ar na cúiseanna a bhfuil gá le cainníocht níos mó den sórt sin chun an anailís nó an triail a dhéanamh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas