|
+Airteagal 4 2. |
Airteagal 4 2.Beidh loingsithe na ndramhaíolacha seo a leanas atá beartaithe lena n-aisghabháil faoi réir an nós imeachta um réamhfhógra agus réamhthoiliú i scríbhinn, a leagtar síos i gCaibidil 1:
(a)
dramhaíolacha a liostaítear in Iarscríbhinn IV;
(b)
dramhaíolacha nach n-aicmítear faoi iontráil aonair amháin in Iarscríbhinn III, Iarscríbhinn IIIB ná Iarscríbhinn IV;
(c)
meascáin dramhaíolacha, mura liostaítear iad in Iarscríbhinn IIIA;
(d)
dramhaíl a aicmítear mar dhramhaíl ghuaiseach sa liosta dramhaíola arna bhunú de bhun Airteagal 7 de Threoir 2008/98/CE;
(e)
dramhaíolacha a liostaítear in Iarscríbhinn III nó Iarscríbhinn IIIB agus meascáin dramhaíolacha a liostaítear in Iarscríbhinn IIIA atá éillithe ag ábhair eile sa mhéid seo a leanas:
(i)
a dhéanann méadú leordhóthanach ar na rioscaí a bhaineann leis na dramhaíolacha chun go mbeadh sí iomchuí lena cur faoi réir an nós imeachta um réamhfhógra agus réamhthoiliú i scríbhinn, agus an liosta dramhaíola dá dtagraítear in Airteagal 7 de Threoir 2008/98/CE chomh maith leis na hairíonna guaiseacha a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin á gcur i gcuntas; nó
(ii)
go gcuirtear cosc ar dhramhaíolacha a aisghabháil ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol;
(f)
dramhaíolacha nó meascáin dramhaíolacha ina bhfuil truailleáin orgánacha mharthanacha nó atá éillithe le truailleáin orgánacha mharthanacha de réir bhrí Rialachán (AE) 2019/1021 i gcainníochtaí a chomhlíonann nó a sháraíonn teorainn tiúchana a shonraítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán sin, nach n-aicmítear mar dhramhaíl ghuaiseach. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|