+Airteagal 5 Fógra
---+Airteagal 5 1.
---+Airteagal 5 2.
---+Airteagal 5 3.
---+Airteagal 5 4.
---+Airteagal 5 5.
---+Airteagal 5 6.
---+Airteagal 5 7.
---+Airteagal 5 8.
---+Airteagal 5 9.
---+Airteagal 5 10.
---+Airteagal 5 11.
|
Airteagal 5 Fógra
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 5 1.
|
I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag fógróir dramhaíl dá dtagraítear in Airteagal 4(1), (2) nó (3) a loingsiú, cuirfidh an fógróir réamhfhógra i scríbhinn (‘fógra’) faoi bhráid na n-údarás inniúil uile lena mbaineann. Ní fhéadfaidh fógróir dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (6)(a)(ii), (iii) nó (iv), fógra a thíolacadh ach amháin i gcás ina bhfuil cead faighte ag an bhfógróir nó ina bhfuil an fógróir cláraithe i gcomhréir le Caibidil IV de Threoir 2008/98/CE. I gcás ina dtíolacann fógróir fógra ginearálta maidir le roinnt loingsithe dá dtagraítear in Airteagal 13, comhlíonfaidh an fógróir na ceanglais a leagtar síos san Airteagal sin freisin. I gcás ina bhfuil loingsiú beartaithe le haghaidh saoráid réamhthoilithe de bhun Airteagal 14, beidh feidhm ag na ceanglais nós imeachta i míreanna 12, 14, 15 agus 16 den Airteagal sin. I gcás ina bhfuil loingsiú beartaithe le haghaidh aisghabháil eatramhach nó diúscairt eatramhach, beidh feidhm ag Airteagal 15 freisin.
|
|
Airteagal 5 2.
|
Áireofar na doiciméid seo a leanas san fhógra:
(a)
an doiciméad fógartha a leagtar amach in Iarscríbhinn IA (‘an doiciméad fógartha’);
(b)
an doiciméad gluaiseachta a leagtar amach in Iarscríbhinn IB (‘an doiciméad gluaiseachta’).
Soláthróidh an fógróir an fhaisnéis a luaitear sa doiciméad fógartha agus, i gcás inarb ábhartha, an fhaisnéis a luaitear sa doiciméad gluaiseachta. I gcás nach é táirgeoir dramhaíola bunaidh dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (6)(a)(i), an fógróir, áiritheoidh an fógróir go síneoidh an táirgeoir dramhaíola bunaidh nó ceann de na daoine a luaitear in Airteagal 3, pointe 6(a)(ii), (iii) nó (v), i gcás inarb indéanta, an doiciméad fógartha freisin. Áiritheoidh déileálaí nó bróicéir go mbeidh údarú i scríbhinn acu ó dhuine de na daoine dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (6)(a)(i), (ii) nó (iii), chun gníomhú thar a gceann, agus go n-áireofar údarú i scríbhinn den sórt sin san fhógra.
|
|
Airteagal 5 3.
|
Áireofar an fhaisnéis agus an doiciméadacht a liostaítear i gCuid 1 d’Iarscríbhinn II sa doiciméad fógartha nó san iarscríbhinn a ghabhann leis. Áireofar sa doiciméad gluaiseachta nó san iarscríbhinn a ghabhann leis an fhaisnéis agus an doiciméadacht dá dtagraítear i gCuid 2 d’Iarscríbhinn II, a mhéid is féidir tráth an fhógra.
|
|
Airteagal 5 4.
|
Arna iarraidh sin d’aon cheann de na húdaráis inniúla lena mbaineann, soláthróidh an fógróir an fhaisnéis agus an doiciméadacht a cheanglaítear faoi mhír 3 agus an fhaisnéis bhreise agus an doiciméadacht bhreise a leagtar amach i gCuid 3 d’Iarscríbhinn II do na húdaráis inniúla uile lena mbaineann. Cuirfidh an t-údarás inniúil a rinne an iarraidh na húdaráis inniúla eile lena mbaineann ar an eolas faoin iarraidh sin.
|
|
Airteagal 5 5.
|
Measfar go ndearnadh fógra mar is ceart a luaithe is deimhin leis an údarás inniúil seolta gur comhlánaíodh an doiciméad fógartha agus na doiciméid ghluaiseachta i gcomhréir le míreanna 3 agus 4.
|
|
Airteagal 5 6.
|
Measfar fógra a bheith comhlánaithe mar is ceart a luaithe is deimhin leis na húdaráis inniúla go léir lena mbaineann gur comhlánaíodh an doiciméad fógartha agus an doiciméad gluaiseachta i gcomhréir le míreanna 3 agus 4 nó a luaithe a bheidh an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile a d’iarr siad i gcomhréir le mír 4 faighte.
|
|
Airteagal 5 7.
|
Soláthróidh an fógróir cóip den chonradh arna thabhairt i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 6 agus dearbhú lena ndeimhnítear gurb ann dó i gcomhréir le hIarscríbhinn IA do na húdaráis inniúla lena mbaineann tráth an fhógra.
|
|
Airteagal 5 8.
|
Soláthróidh an fógróir dearbhú gur bunaíodh ráthaíocht airgeadais nó árachas coibhéiseach i gcomhréir le hAirteagal 7 tríd an gcuid iomchuí den doiciméad fógartha a chomhlánú. Maidir leis an ráthaíocht airgeadais nó an t-árachas coibhéiseach dá dtagraítear in Airteagal 7 nó, i gcás ina gceadaíonn na húdaráis inniúla lena mbaineann amhlaidh, dearbhú lena ndeimhnítear gurb ann dó i gcomhréir leis an bhfoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn IA, soláthrófar í nó é chuig na húdaráis inniúla lena mbaineann mar chuid den doiciméad fógartha tráth an fhógra. De mhaolú ar an dara fomhír, féadfar an doiciméadacht dá dtagraítear san fhomhír sin a sholáthar, i gcás ina gceadaíonn na húdaráis inniúla lena mbaineann amhlaidh, tar éis an fógra a thíolacadh, ar a dhéanaí tráth a chomhlánaítear an doiciméad gluaiseachta i gcomhréir le hAirteagal 16(2).
|
|
Airteagal 5 9.
|
Cumhdófar leis an bhfógra an loingsiú ón suíomh óna dtosaíonn an loingsiú agus cumhdófar leis aon aisghabháil eatramhach nó neamheatramhach nó diúscairt eatramhach nó neamheatramhach. I gcás ina ndéantar aisghabháil eatramhach nó neamheatramhach nó diúscairt eatramhach nó neamheatramhach ina dhiaidh sin i dtír nach í an chéad tír cinn scríbe í, sonrófar an aisghabháil neamheatramhach nó diúscairt neamheatramhach agus suíomh na haisghabhála nó na diúscartha sin san fhógra agus tá feidhm ag Airteagal 15(7).
|
|
Airteagal 5 10.
|
Ní shonrófar ach cód sainaitheanta dramhaíola amháin mar a luaitear in Iarscríbhinn III, Iarscríbhinn IIIA, Iarscríbhinn IIIB nó Iarscríbhinn IV sa doiciméad fógartha agus sa doiciméad gluaiseachta. I gcásanna nach n-aicmítear dramhaíl faoi iontráil aonair amháin in Iarscríbhinn III, Iarscríbhinn IIIB nó Iarscríbhinn IV, ní dhéanfar ach cód sainaitheanta dramhaíola amháin ón liosta dramhaíola dá dtagraítear in Airteagal 7 de Threoir 2008/98/CE a shonrú sa doiciméad fógartha agus sa doiciméad gluaiseachta, seachas i gcás na nithe seo a leanas:
(a)
dramhaíolacha nach n-aicmítear faoi iontráil aonair amháin in Iarscríbhinn III, Iarscríbhinn IIIB nó Iarscríbhinn IV is féidir a shonrú agus úsáid á baint as níos mó ná cód sainaitheanta dramhaíola amháin ón liosta dramhaíola dá dtagraítear in Airteagal 7 de Threoir 2008/98/CE, i gcás ina bhfuil saintréithe fisiceacha agus ceimiceacha comhchosúla go bunúsach ag gach dramhaíl a chumhdaítear leis an bhfógra, ach nach meascán dramhaíolacha í; nó
(b)
meascáin dramhaíolacha nach n-aicmítear faoi iontráil aonair amháin in Iarscríbhinn III, Iarscríbhinn IIIA, Iarscríbhinn IIIB nó Iarscríbhinn IV, dá sonraítear an cód sainaitheanta dramhaíola ón liosta dramhaíola dá dtagraítear in Airteagal 7 de Threoir 2008/98/CE agus an cód sainaitheanta dramhaíola ó Iarscríbhinn III, IIIB nó IV le haghaidh gach codáin den dramhaíl in ord tábhachta sa doiciméad fógartha agus sa doiciméad gluaiseachta, nó i gcás nach bhfuil na cóid sainaitheanta sin ar fáil do gach codán, déanfar an cód sainaitheanta dramhaíola ón liosta dramhaíola dá dtagraítear in Airteagal 7 de Threoir 2008/98/CE don mheascán agus do gach codán den dramhaíl a shonrú in ord tábhachta sa doiciméad fógartha agus sa doiciméad gluaiseachta.
|
|
Airteagal 5 11.
|
Féadfar dramhaíolacha nó meascáin dramhaíolacha a shonraítear i gcomhréir le mír 10 den Airteagal seo a shonrú tuilleadh trí na cóid sainaitheanta dramhaíola ábhartha a sholáthar ón liosta dramhaíola dá dtagraítear in Airteagal 7 de Threoir 2008/98/CE agus trí chóid sainaitheanta ábhartha eile a sholáthar.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|