+Airteagal 5 1.

Airteagal 5 1.

I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag fógróir dramhaíl dá dtagraítear in Airteagal 4(1), (2) nó (3) a loingsiú, cuirfidh an fógróir réamhfhógra i scríbhinn (‘fógra’) faoi bhráid na n-údarás inniúil uile lena mbaineann.

Ní fhéadfaidh fógróir dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (6)(a)(ii), (iii) nó (iv), fógra a thíolacadh ach amháin i gcás ina bhfuil cead faighte ag an bhfógróir nó ina bhfuil an fógróir cláraithe i gcomhréir le Caibidil IV de Threoir 2008/98/CE.

I gcás ina dtíolacann fógróir fógra ginearálta maidir le roinnt loingsithe dá dtagraítear in Airteagal 13, comhlíonfaidh an fógróir na ceanglais a leagtar síos san Airteagal sin freisin.

I gcás ina bhfuil loingsiú beartaithe le haghaidh saoráid réamhthoilithe de bhun Airteagal 14, beidh feidhm ag na ceanglais nós imeachta i míreanna 12, 14, 15 agus 16 den Airteagal sin.

I gcás ina bhfuil loingsiú beartaithe le haghaidh aisghabháil eatramhach nó diúscairt eatramhach, beidh feidhm ag Airteagal 15 freisin.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas