+Airteagal 5 2.

Airteagal 5 2.

Áireofar na doiciméid seo a leanas san fhógra:

(a) 

an doiciméad fógartha a leagtar amach in Iarscríbhinn IA (‘an doiciméad fógartha’);

(b) 

an doiciméad gluaiseachta a leagtar amach in Iarscríbhinn IB (‘an doiciméad gluaiseachta’).

Soláthróidh an fógróir an fhaisnéis a luaitear sa doiciméad fógartha agus, i gcás inarb ábhartha, an fhaisnéis a luaitear sa doiciméad gluaiseachta.

I gcás nach é táirgeoir dramhaíola bunaidh dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (6)(a)(i), an fógróir, áiritheoidh an fógróir go síneoidh an táirgeoir dramhaíola bunaidh nó ceann de na daoine a luaitear in Airteagal 3, pointe 6(a)(ii), (iii) nó (v), i gcás inarb indéanta, an doiciméad fógartha freisin. Áiritheoidh déileálaí nó bróicéir go mbeidh údarú i scríbhinn acu ó dhuine de na daoine dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (6)(a)(i), (ii) nó (iii), chun gníomhú thar a gceann, agus go n-áireofar údarú i scríbhinn den sórt sin san fhógra.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas