|
+Airteagal 9 1. |
Airteagal 9 1.Deanfaidh na húdaráis inniúla cinn scríbe, na húdaráis inniúla seolta agus na húdaráis inniúla idirthurais, laistigh de 30 lá ón dáta a cuireadh an fógróir ar an eolas i gcomhréir le hAirteagal 8(12) go bhfuil an fógra comhlánaithe mar is ceart, ceann de na cinntí seo a leanas, a bheidh réasúnaithe go cuí, maidir leis an loingsiú:
(a)
toiliú a thabhairt gan choinníollacha;
(b)
toiliú le coinníollacha a thabhairt i gcomhréir le hAirteagal 10;
(c)
agóid a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 12;
(d)
gan toiliú a thabhairt, i gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 11. De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh an t-údarás inniúil seolta cinneadh a dhéanamh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, pointe (c) nó (d), tar éis dó an fógra a fháil agus sula measfaidh sé go ndearnadh mar is ceart é, más léir nár comhlíonadh na coinníollacha in Airteagal 11 nó go bhfuil forais ann le hagóid a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 12. De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh údarás inniúil lena mbaineann cinneadh a dhéanamh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, pointe (c) nó (d), roimh an dáta a cuireadh an fógróir ar an eolas i gcomhréir le hAirteagal 8(12), a luaithe a bheidh an fógra déanta mar is ceart, dá dtagraítear in Airteagal 5(5). Féadfar glacadh leis go bhfuil toiliú intuigthe faighte ó na húdaráis inniúla idirthurais mura ndéanfar agóid a thaisceadh laistigh den teorainn ama 30 lá dá dtagraítear sa chéad fhomhír. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|