|
+Airteagal 9 7. |
Airteagal 9 7.Déanfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann a dtoiliú intuigthe nó a dtoiliú i scríbhinn a tharraingt siar, arna iarraidh sin don fhógróir nó i gcás ina mbeidh eolas acu ar aon cheann de na nithe seo a leanas:
(a)
nach bhfuil comhdhéanamh na dramhaíola mar a tugadh fógra faoi;
(b)
nach ndearnadh na coinníollacha a fhorchuirtear ar an loingsiú a urramú;
(c)
nach ndearnadh an dramhaíl a aisghabháil nó a dhiúscairt i gcomhréir le cead na saoráide ina ndéantar an aisghabháil nó an diúscairt;
(d)
go bhfuil an dramhaíl le loingsiú, le haisghabháil nó le diúscairt nó gur loingsíodh, gur aisghabhadh nó gur diúscraíodh í ar bhealach nach bhfuil i gcomhréir leis an bhfaisnéis a sholáthraítear sna doiciméid fógartha agus ghluaiseachta nó atá ag gabháil leo mar iarscríbhinn;
(e)
an ráthaíocht airgeadais a fhoirceannadh;
(f)
an conradh a fhoirceannadh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|