+Airteagal 22 Glacadh ar ais nuair nach féidir loingsiú toilithe a chur i gcrích mar a bhí beartaithe
---+Airteagal 22 1.
---+Airteagal 22 2.
---+Airteagal 22 3.
---+Airteagal 22 4.
---+Airteagal 22 5.
---+Airteagal 22 6.
---+Airteagal 22 7.
---+Airteagal 22 8.
---+Airteagal 22 9.
---+Airteagal 22 10.
---+Airteagal 22 11.
---+Airteagal 22 12.

Airteagal 22 Glacadh ar ais nuair nach féidir loingsiú toilithe a chur i gcrích mar a bhí beartaithe

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 22 1.
I gcás ina bhfaighidh aon cheann de na húdaráis inniúla lena mbaineann amach nach féidir loingsiú dramhaíola, nó aisghabháil nó diúscairt dramhaíola, a thoiligh na húdaráis inniúla lena mbaineann, a chur i gcrích mar a bhí beartaithe i gcomhréir le téarmaí na ndoiciméad fógartha agus gluaiseachta nó an chonartha dá dtagraítear in Airteagal 6, agus i gcás nach loingsiú neamhdhleathach é an loingsiú sin, cuirfidh údarás den sórt sin an t-údarás inniúil seolta ar an eolas faoin méid sin láithreach. I gcás ina ndiúltaíonn saoráid aisghabhála nó diúscartha do loingsiú a fuair sí, cuirfidh an tsaoráid an t-údarás inniúil cinn scríbe ar an eolas faoin méid sin láithreach.
Airteagal 22 2.
Áiritheoidh an t-údarás inniúil seolta, ach amháin sna cásanna dá dtagraítear i mír 3, go nglacfaidh an fógróir an dramhaíl atá i gceist ar ais chuig a limistéar dlínse nó chuig áit eile laistigh den tír seolta, nó, i gcás inarb ábhartha, déanfaidh duine a meastar gurb é an fógróir é amhlaidh i gcomhréir le mír 11 nó 12 é sin, chun socrú a dhéanamh le haghaidh a haisghabhála nó a diúscartha. I gcás inar dodhéanta é sin, comhlíonfaidh an t-údarás inniúil sin féin, nó duine nádúrtha nó dlítheanach thar a cheann, an Airteagail seo.

An glacadh ar ais dá dtagraítear sa chéad fhomhír, tarlóidh sé laistigh de 90 lá, nó laistigh d’aon tréimhse eile a fhéadfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann a chomhaontú eatarthu féin, i ndiaidh don údarás inniúil seolta tabhairt faoi deara nó i ndiaidh dó a bheith curtha ar an eolas ag na húdaráis inniúla cinn scríbe nó idirthurais nach féidir an loingsiú dramhaíola a bhfuarthas toiliú ina leith, ná a aisghabháil nó diúscairt, a chur i gcrích mar a bhí beartaithe, agus i ndiaidh dó a bheith curtha ar an eolas faoi na cúiseanna leis sin. D’fhéadfadh comhairle mar sin a bheith ann mar thoradh ar fhaisnéis a chuir údaráis inniúla eile isteach, inter alia, chuig na húdaráis cinn scríbe nó idirthurais.

Airteagal 22 3.
Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid glacadh ar ais a leagtar amach i mír 2 má tá na húdaráis inniúla seolta, idirthurais agus cinn scríbe lena mbaineann sásta gur féidir leis an bhfógróir an dramhaíl a aisghabháil nó a dhiúscairt ar bhealach malartach sa tír cinn scríbe nó in áit eile, nó, i gcás inarb ábhartha, gur féidir le duine a meastar gurb é an fógróir é i gcomhréir le mír 11 nó 12 déanamh amhlaidh, nó, más dodhéanta é sin, gur féidir leis an údarás inniúil seolta nó duine nádúrtha, nó dlítheanach thar a cheann, é sin a dhéanamh.

Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid glacadh ar ais a leagtar amach i mír 2 más rud é gur meascadh an dramhaíl arna loingsiú, le linn na hoibríochta ag an tsaoráid lena mbaineann, le dramhaíl eile ar bhealach doleigheasta, sa chaoi go ndearnadh athrú ar a comhdhéanamh nó ar a cineál nó a d’fhág nach féidir an dramhaíl atá i gceist a dheighilt a thuilleadh, sular cuireadh ar a shúile d’údarás inniúil lena mbaineann nárbh féidir an loingsiú faoina dtugtar fógra a chur i gcrích dá dtagraítear i mír 1. Déanfar meascán dramhaíolacha den sórt sin a aisghabháil nó a dhiúscairt ar bhealach malartach i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo.

Airteagal 22 4.
I gcásanna socruithe malartacha dá dtagraítear i mír 3, áiritheoidh an fógróir, nó, i gcás inarb ábhartha, an duine a meastar gurb é an fógróir é i gcomhréir le mír 11 nó 12, nó, más dodhéanta é sin, an t-údarás inniúil seolta nó an duine nádúrtha nó dlítheanach thar a cheann, go ndéanfar an dramhaíl lena mbaineann a bhainistiú ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol i gcomhréir le hAirteagal 59.
Airteagal 22 5.
I gcásanna glacadh ar ais dá dtagraítear i mír 2, cuirfear fógra nua isteach, seachas i gcás ina gcomhaontaíonn na húdaráis inniúla lena mbaineann gur leor iarraidh chuí-réasúnaithe arna déanamh ag an údarás inniúil seolta tosaigh.

I gcás inarb iomchuí, is é an fógróir tosaigh nó, i gcás inarb ábhartha, duine a meastar gurb é an fógróir é i gcomhréir le mír 11 nó 12, nó, más dodhéanta é sin freisin, an t-údarás inniúil seolta tosaigh nó duine nádúrtha nó dlítheanach thar a cheann, a chuirfidh isteach fógra nua.

Ní chuirfidh na húdaráis inniúla in aghaidh ná ní dhéanfaidh siad agóid i gcoinne cur ar ais dramhaíola ó loingsiú nach féidir a chur i gcrích mar a bhí beartaithe, ná in aghaidh nó i gcoinne na hoibríochta aisghabhála agus diúscartha lena mbaineann.

Airteagal 22 6.
I gcásanna socruithe malartacha lasmuigh den tír cinn scríbe tosaigh dá dtagraítear i mír 3, is é an fógróir tosaigh nó, i gcás inarb ábhartha, duine a meastar gurb é an fógróir é i gcomhréir le mír 11 nó 12, a chuirfidh fógra nua isteach, nó, más dodhéanta é sin, is é an t-údarás inniúil seolta tosaigh nó duine nádúrtha nó dlítheanach a dhéanfaidh é sin thar a cheann.

I gcás ina gcuirfidh an fógróir fógra nua den sórt sin isteach, cuirfear faoi bhráid údarás inniúil na tíre seolta tosaigh é freisin.

Airteagal 22 7.
I gcásanna ina bhfuil socruithe eile ann sa tír cinn scríbe thosaigh dá dtagraítear i mír 3, ní bheidh gá le fógra nua agus is leor iarraidh chuí-réasúnaithe. Déanfar an fógróir tosaigh iarraidh chuí-réasúnaithe den sórt sin, ina lorgófar comhaontú leis an socrú eile, a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil cinn scríbe agus seolta nó, más dodhéanta é sin, cuirfidh an t-údarás inniúil seolta tosaigh faoi bhráid an údaráis inniúil cinn scríbe í.
Airteagal 22 8.
Mura bhfuil aon fhógra nua le cur isteach i gcomhréir le mír 5 nó mír 7, is é an fógróir tosaigh a chomhlánóidh doiciméad gluaiseachta nua i gcomhréir le hAirteagal 15 nó le hAirteagal 16, nó, i gcás inarb ábhartha, is duine a meastar gurb é an fógróir é i gcomhréir le mír 11 nó 12 a chomhlánóidh é nó, más dodhéanta é sin, déanfaidh an t-údarás inniúil seolta tosaigh nó duine nádúrtha nó dlítheanach é a chomhlánú thar a cheann.

I gcás ina gcuirfidh an t-údarás inniúil seolta tosaigh fógra nua isteach i gcomhréir le mír 5 nó 6, ní bheidh gá le ráthaíocht airgeadais nua ná le hárachas coibhéiseach.

Airteagal 22 9.
Beidh deireadh le hoibleagáid an fhógróra nó, i gcár inarb infheidhme, le hoibleagáid na tíre seolta maidir leis an dramhaíl a ghlacadh ar ais nó socrú eile a dhéanamh le haghaidh aisghabhála nó diúscartha a luaithe a eiseoidh an tsaoráid an deimhniú aisghabhála neamheatramhaí nó an deimhniú diúscartha neamheatramhaí dá dtagraítear in Airteagal 16(6), nó, i gcás inarb iomchuí, in Airteagal 15(6). I gcás na haisghabhála eatramhaí nó na diúscartha neamheatramhaí dá dtagraítear in Airteagal 7(6), beidh deireadh le fo-oibleagáid na tíre seolta a luaithe a eiseoidh an tsaoráid an deimhniú dá dtagraítear in Airteagal 15(4).

I gcás ina n-eisíonn saoráid deimhniú aisghabhála nó diúscartha sa chaoi go mbíonn loingsiú neamhdhleathach ann dá dheasca, agus go scaoiltear an ráthaíocht airgeadais mar gheall air sin, beidh feidhm ag Airteagal 25(8) agus Airteagal 26(2).

Airteagal 22 10.
I gcás ina dtagtar ar dhramhaíl ó loingsiú nach féidir a chur i gcrích mar a bhí beartaithe, nó ina dtagtar ar aisghabháil nó ar dhiúscairt an loingsithe sin laistigh de Bhallstát, is é an t-údarás inniúil a bhfuil dlínse aige ar an limistéar inar thángthas ar an dramhaíl a bheidh freagrach as a áirithiú go ndéanfar socruithe le haghaidh stóráil shábháilte na dramhaíola go dtí go nglacfar ar ais í nó go dtí go ndéanfar í a aisghabháil go neamheatramhach nó a dhiúscairt go neamheatramhach ar bhealach malartach.
Airteagal 22 11.
I gcás nach gcomhlíonann fógróir dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (6)(a)(iv) aon cheann de na hoibleagáidí glacadh ar ais a leagtar amach san Airteagal seo agus in Airteagal 24, is é táirgeoir bunaidh na dramhaíola, táirgeoir nua na dramhaíola nó an bailitheoir a shonraítear in Airteagal 3, pointe (6)(a)(i), (ii) nó (iii), faoi seach, a rinne an déileálaí nó an bróicéir a údarú chun gníomhú thar a cheann, a meastar gurb é an fógróir é chun críocha na n-oibleagáidí glacadh ar ais sin.
Airteagal 22 12.
I gcás nach gcomhlíonann fógróir a shonraítear in Airteagal 3, pointe (6)(a)(i), (ii) nó (iii), aon cheann de na hoibleagáidí glacadh ar ais a leagtar amach san Airteagal seo agus in Airteagal 24, measfar gurb é sealbhóir na dramhaíola a shonraítear in Airteagal 3, pointe (6)(a)(v), an fógróir chun críche na n-oibleagáidí glacadh ar ais sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas