+Airteagal 22 3.
|
Airteagal 22 3.
Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid glacadh ar ais a leagtar amach i mír 2 má tá na húdaráis inniúla seolta, idirthurais agus cinn scríbe lena mbaineann sásta gur féidir leis an bhfógróir an dramhaíl a aisghabháil nó a dhiúscairt ar bhealach malartach sa tír cinn scríbe nó in áit eile, nó, i gcás inarb ábhartha, gur féidir le duine a meastar gurb é an fógróir é i gcomhréir le mír 11 nó 12 déanamh amhlaidh, nó, más dodhéanta é sin, gur féidir leis an údarás inniúil seolta nó duine nádúrtha, nó dlítheanach thar a cheann, é sin a dhéanamh. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid glacadh ar ais a leagtar amach i mír 2 más rud é gur meascadh an dramhaíl arna loingsiú, le linn na hoibríochta ag an tsaoráid lena mbaineann, le dramhaíl eile ar bhealach doleigheasta, sa chaoi go ndearnadh athrú ar a comhdhéanamh nó ar a cineál nó a d’fhág nach féidir an dramhaíl atá i gceist a dheighilt a thuilleadh, sular cuireadh ar a shúile d’údarás inniúil lena mbaineann nárbh féidir an loingsiú faoina dtugtar fógra a chur i gcrích dá dtagraítear i mír 1. Déanfar meascán dramhaíolacha den sórt sin a aisghabháil nó a dhiúscairt ar bhealach malartach i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|