+Airteagal 26 Costais maidir le glacadh ar ais i gcás loingsiú neamhdhleathach
---+Airteagal 26 1.
---+Airteagal 26 2.
---+Airteagal 26 3.
---+Airteagal 26 4.
---+Airteagal 26 5.
---+Airteagal 26 6.

Airteagal 26 Costais maidir le glacadh ar ais i gcás loingsiú neamhdhleathach

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 26 1.

Costais a eascraíonn as glacadh ar ais dramhaíola nó aisghabháil nó diúscairt dramhaíola ar bhealach malartach ó loingsiú neamhdhleathach, lena n-áirítear costais chun dramhaíl a iompar, a aisghabháil nó a dhiúscairt, de bhun Airteagal 25(2) nó (3) agus, ón dáta ar a gcuirfear an t-údarás inniúil seolta ar an eolas gur loingsiú neamhdhleathach atá ann, costais stórála de bhun Airteagal 25(12), gearrfar orthu seo a leanas iad:

(a) 

an fógróir nó duine a meastar gurb é an fógróir é, dá dtagraítear in Airteagal 25(2), pointe (a); nó, más dodhéanta é sin, i gcomhréir le pointe (c); nó, murar cuireadh fógra isteach, i gcomhréir le pointe (b);

(b) 

an duine a meastar gurb é an fógróir é, dá dtagraítear in Airteagal 25(2), pointe (b), nó daoine nádúrtha nó dlítheanacha eile de réir mar is iomchuí; nó, más dodhéanta é sin, i gcomhréir le pointe (c);

(c) 

an t-údarás inniúil seolta.

Airteagal 26 2.
Costais a eascraíonn as aisghabháil nó diúscairt de bhun Airteagal 25(8), lena n-áirítear costais fhéideartha iompair agus stórála de bhun Airteagal 25(12), gearrfar ar an gcoinsíní iad; nó, más dodhéanta é sin, ar an údarás inniúil cinn scríbe.
Airteagal 26 3.

Costais a eascraíonn as aisghabháil nó diúscairt de bhun Airteagal 25(10), lena n-áirítear costais fhéideartha iompair agus stórála de bhun Airteagal 25(12), gearrfar ar orthu seo a leanas iad:

(a) 

an fógróir nó an duine a meastar gurb é an fógróir é i gcomhréir le hAirteagal 25(2), pointe (b), Airteagal 25(6) nó Airteagal 25(7), nó an coinsíní, nó iad araon, ag brath ar chinneadh na n-údarás inniúil lena mbaineann; nó, más dodhéanta é sin, i gcomhréir le pointe (b);

(b) 

daoine nádúrtha nó dlítheanacha eile de réir mar is iomchuí; nó, más dodhéanta é sin freisin, i gcomhréir le pointe (c);

(c) 

na húdaráis inniúla seolta agus cinn scríbe.

Airteagal 26 4.
I gcásanna inar cuireadh fógra isteach agus nach gcomhlíonann an fógróir a fhreagrachtaí maidir leis na costais a mhuirearaítear, úsáidfear an ráthaíocht airgeadais nó an t-árachas coibhéiseach dá dtagraítear in Airteagal 7 sula ngearrfar costais i gcomhréir le míreanna 1, 2 nó 3 ar dhuine eile seachas an fógróir nó an coinsíní faoi seach. I gcás inar mó na costais ná méid an chumhdaigh a sholáthraítear leis an ráthaíocht airgeadais nó leis an árachas coibhéiseach, gearrfar na costais i gcomhréir le míreanna 1, 2 agus 3.
Airteagal 26 5.
Má mheastar gur loingsiú neamhdhleathach é loingsiú dramhaíola dá dtagraítear in Airteagal 4(4) nó (5), beidh feidhm ag an Airteagal seo mutatis mutandis maidir leis an duine a shocraíonn an loingsiú agus maidir leis na húdaráis inniúla lena mbaineann.
Airteagal 26 6.
Beidh feidhm ag an Airteagal seo gan dochar do dhlí an Aontais agus don dlí náisiúnta maidir le dliteanas.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas