+Airteagal 27 Cur isteach agus malartú leictreonach faisnéise
---+Airteagal 27 1.
---+Airteagal 27 2.
---+Airteagal 27 3.
---+Airteagal 27 4.
---+Airteagal 27 5.
---+Airteagal 27 6.
|
Airteagal 27 Cur isteach agus malartú leictreonach faisnéise
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 27 1.
|
Cuirfear isteach agus malartófar an fhaisnéis agus na doiciméid seo a leanas trí mhodhanna leictreonacha, trí mhol an lárchórais dá dtagraítear i mír 3 nó trí chórais nó bogearraí idir-inoibritheacha eile atá ar fáil i gcomhréir le mír 4:
(a)
i gcás na dramhaíola dá dtagraítear in Airteagal 4(1), (2) agus (3):
(i)
fógra faoi loingsiú de bhun Airteagail 5 agus 13;
(ii)
iarrataí ar fhaisnéis agus ar dhoiciméadacht de bhun Airteagail 5 agus 8;
(iii)
faisnéis agus doiciméadacht de bhun Airteagail 5 agus 8;
(iv)
faisnéis agus cinntí de bhun Airteagal 8;
(v)
cinntí maidir le loingsiú faoina dtugtar fógra agus, más infheidhme, aistarraingt toilithe de bhun Airteagal 9;
(vi)
faisnéis agus coinníollacha maidir le loingsiú de bhun Airteagal 10;
(vii)
faisnéis de bhun Airteagal 11;
(viii)
faisnéis agus agóidí i gcoinne loingsithe de bhun Airteagal 12;
(ix)
faisnéis faoi chinntí chun réamhthoiliú a eisiúint do shaoráidí aisghabhála sonracha de bhun Airteagal 14(8) agus (10);
(x)
faisnéis agus cinntí de bhun Airteagal 14(12) agus (15);
(xi)
dearbhuithe go bhfuarthas dramhaíl de bhun Airteagail 15 agus 16;
(xii)
deimhnithe le haghaidh aisghabhála nó diúscartha de bhun Airteagail 15 agus 16;
(xiii)
réamhfhaisnéis maidir le tús loingsithe de bhun Airteagal 16;
(xiv)
na doiciméid atá le cur ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 16;
(xv)
faisnéis de bhun Airteagal 17;
(b)
maidir le dramhaíl dá dtagraítear in Airteagal 4(4), agus (5) faisnéis agus doiciméadacht, dearbhú agus deimhnithe de bhun Airteagal 18;
(c)
faisnéis agus doiciméid a bhaineann leis an nós imeachta maidir le réamhfhógra agus réamhthoiliú i scríbhinn agus maidir leis na ceanglais ghinearálta faisnéise de bhun Airteagail 34 agus 35 agus Theidil IV, V agus VI, i gcás inarb infheidhme.
|
|
Airteagal 27 2.
|
Chun liosta na faisnéise agus na doiciméadachta a choinneáil cothrom le dáta, mar a cheanglaítear faoi mhír 1, le haon athruithe ar na córais lena malartú agus lena dtíolacadh trí mheán leictreonach, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 80 chun mír 1 a leasú chun an liosta faisnéise agus doiciméadachta a leasú.
|
|
Airteagal 27 3.
|
Oibreoidh an Coimisiún lárchóras a chumasóidh cur isteach agus malartú leictreonach na faisnéise agus na ndoiciméad dá dtagraítear i mír 1. Soláthróidh an lárchóras sin mol a úsáidfear le haghaidh mhalartú na faisnéise agus na ndoiciméad dá dtagraítear i mír 1 i bhfíor-am idir córais nó bogearraí atá ar fáil chun sonraí a idirmhalartú go leictreonach. Úsáidfear an mol dá dtagraítear sa chéad fhomhír freisin chun faisnéis agus doiciméid dá dtagraítear i mír 1 a mhalartú i bhfíor-am le haghaidh loingsithe laistigh den Aontas le hidirthuras trí thríú tíortha, onnmhairiú ón Aontas, allmhairiú isteach san Aontas agus idirthuras tríd an Aontas, i gcás ina ndéanfaidh na húdaráis inniúla, oifigí custam onnmhairiúcháin, imeachta agus iontrála, údaráis a bhfuil baint acu le cigireachtaí agus oibreoirí eacnamaíocha i dtríú tíortha nasc leis an mol sin trí chóras nó bogearraí atá ar fáil, agus sa chás sin beidh feidhm mutatis mutandis ag mír 4, nó tríd an suíomh gréasáin dá dtagraítear sa tríú fomhír den mhír seo. Leis an lárchóras sin déanfar suíomh gréasáin a sholáthar freisin chun an fhaisnéis agus na doiciméid dá dtagraítear i mír 1 a ullmhú agus a phróiseáil le haghaidh loingsithe laistigh den Aontas, le haghaidh loingsithe laistigh den Aontas le hidirthuras trí thríú tíortha, d’onnmhairiú ón Aontas, d’allmhairiú isteach san Aontas agus d’idirthuras tríd an Aontas. Féadfaidh na húdaráis inniúla, na húdaráis a bhfuil baint acu le cigireachtaí agus le hoibreoirí eacnamaíocha sna Ballstáit agus i dtríú tíortha nach n-úsáideann córais ná bogearraí le haghaidh idirmhalartú leictreonach sonraí an suíomh gréasáin sin a úsáid chun an fhaisnéis agus na doiciméid dá dtagraítear i mír 1 a chur isteach agus a mhalartú go díreach trí mheán leictreonach. Beidh na bogearraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, sa dara fomhír agus sa tríú fomhír idir-inoibritheach leis an lárchóras dá dtagraítear i mír 3, malartóidh siad faisnéis agus doiciméid tríd an lárchóras sin i bhfíor-am agus oibreofar iad i gcomhréir leis na ceanglais agus na rialacha a leagtar síos sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún de bhun mhír 5. Éascóidh an lárchóras coinneáil doiciméad i gcomhréir le hAirteagal 20. Déanfaidh an lárchóras sin foráil freisin maidir lena idir-inoibritheacht leis an timpeallacht um fhaisnéis leictreonach faoi iompar lastais arna bunú faoi Rialachán (AE) 2020/1056. Laistigh de 4 bliana ó ghlacadh an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5, áiritheoidh an Coimisiún idirnascadh an lárchórais sin le Timpeallacht Ionad Ilfhreastail an Aontais Eorpaigh maidir le Custaim trí Chóras Malartaithe Deimhnithe Ionad Ilfhreastail an Aontais Eorpaigh maidir le Custam arna bhunú le Rialachán (AE) 2022/2399.
|
|
Airteagal 27 4.
|
Féadfaidh na Ballstáit a gcórais nó a mbogearraí féin atá ar fáil a oibriú lena gceadaítear d’údaráis inniúla, d’údaráis a bhfuil baint acu le cigireachtaí agus, i gcás inarb iomchuí, d’oibreoirí eacnamaíocha sna Ballstáit an fhaisnéis agus na doiciméid dá dtagraítear i mír 1 a ullmhú agus a phróiseáil agus an fhaisnéis agus na doiciméid dá dtagraítear i mír 1 a chur isteach agus a mhalartú go leictreonach. Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go mbeidh na córais agus na bogearraí sin idir-inoibritheach leis an lárchóras dá dtagraítear i mír 3, go n-oibreofar iad i gcomhréir leis na ceanglais agus na rialacha a leagtar síos sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún de bhun mhír 5, agus go gceadóidh siad do mhalartú faisnéise agus doiciméad trí mhol an lárchórais i bhfíor-am. Éascóidh na córais dá dtagraítear sa chéad fhomhír coinneáil doiciméad i gcomhréir le hAirteagal 20.
|
|
Airteagal 27 5.
|
Ar a dhéanaí faoin 21 Bealtaine 2025, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun an méid seo a leanas a bhunú:
(a)
na ceanglais is gá don idir-inoibritheacht idir an lárchóras dá dtagraítear i mír 3 agus córais nó bogearraí eile dá dtagraítear i mír 4, lena n-áirítear prótacal maidir le malartú sonraí agus samhail sonraí chun sonraí a mhalartú dá dtagraítear in Iarscríbhinní IA, IB agus VII, chomh maith leis an deimhniú dá dtagraítear in Airteagal 15;
(b)
aon cheanglas teicniúil agus eagraíochtúil eile, lena n-áirítear ceanglais maidir le gnéithe slándála, rialachas sonraí agus rúndacht sonraí, a bhfuil gá leo chun an cur isteach agus malartú leictreonach faisnéise agus doiciméad dá dtagraítear i mír 1 a chur chun feidhme go praiticiúil, agus Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle á chur san áireamh (
10
).
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 81(2).
|
|
Airteagal 27 6.
|
Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar fheidhmiúlacht an lárchórais gach dhá bhliain. Cuirfear torthaí na n-athbhreithnithe sin in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus do na Ballstáit. Déanfar aiseolas ó úsáideoirí, amhail údaráis inniúla agus fógróirí, a chur san áireamh san athbhreithniú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|