+Airteagal 27 3.

Airteagal 27 3.

Oibreoidh an Coimisiún lárchóras a chumasóidh cur isteach agus malartú leictreonach na faisnéise agus na ndoiciméad dá dtagraítear i mír 1. Soláthróidh an lárchóras sin mol a úsáidfear le haghaidh mhalartú na faisnéise agus na ndoiciméad dá dtagraítear i mír 1 i bhfíor-am idir córais nó bogearraí atá ar fáil chun sonraí a idirmhalartú go leictreonach.

Úsáidfear an mol dá dtagraítear sa chéad fhomhír freisin chun faisnéis agus doiciméid dá dtagraítear i mír 1 a mhalartú i bhfíor-am le haghaidh loingsithe laistigh den Aontas le hidirthuras trí thríú tíortha, onnmhairiú ón Aontas, allmhairiú isteach san Aontas agus idirthuras tríd an Aontas, i gcás ina ndéanfaidh na húdaráis inniúla, oifigí custam onnmhairiúcháin, imeachta agus iontrála, údaráis a bhfuil baint acu le cigireachtaí agus oibreoirí eacnamaíocha i dtríú tíortha nasc leis an mol sin trí chóras nó bogearraí atá ar fáil, agus sa chás sin beidh feidhm mutatis mutandis ag mír 4, nó tríd an suíomh gréasáin dá dtagraítear sa tríú fomhír den mhír seo.

Leis an lárchóras sin déanfar suíomh gréasáin a sholáthar freisin chun an fhaisnéis agus na doiciméid dá dtagraítear i mír 1 a ullmhú agus a phróiseáil le haghaidh loingsithe laistigh den Aontas, le haghaidh loingsithe laistigh den Aontas le hidirthuras trí thríú tíortha, d’onnmhairiú ón Aontas, d’allmhairiú isteach san Aontas agus d’idirthuras tríd an Aontas. Féadfaidh na húdaráis inniúla, na húdaráis a bhfuil baint acu le cigireachtaí agus le hoibreoirí eacnamaíocha sna Ballstáit agus i dtríú tíortha nach n-úsáideann córais ná bogearraí le haghaidh idirmhalartú leictreonach sonraí an suíomh gréasáin sin a úsáid chun an fhaisnéis agus na doiciméid dá dtagraítear i mír 1 a chur isteach agus a mhalartú go díreach trí mheán leictreonach.

Beidh na bogearraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, sa dara fomhír agus sa tríú fomhír idir-inoibritheach leis an lárchóras dá dtagraítear i mír 3, malartóidh siad faisnéis agus doiciméid tríd an lárchóras sin i bhfíor-am agus oibreofar iad i gcomhréir leis na ceanglais agus na rialacha a leagtar síos sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún de bhun mhír 5.

Éascóidh an lárchóras coinneáil doiciméad i gcomhréir le hAirteagal 20.

Déanfaidh an lárchóras sin foráil freisin maidir lena idir-inoibritheacht leis an timpeallacht um fhaisnéis leictreonach faoi iompar lastais arna bunú faoi Rialachán (AE) 2020/1056.

Laistigh de 4 bliana ó ghlacadh an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5, áiritheoidh an Coimisiún idirnascadh an lárchórais sin le Timpeallacht Ionad Ilfhreastail an Aontais Eorpaigh maidir le Custaim trí Chóras Malartaithe Deimhnithe Ionad Ilfhreastail an Aontais Eorpaigh maidir le Custam arna bhunú le Rialachán (AE) 2022/2399.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas