|
+Airteagal 39 1. |
Airteagal 39 1.Beidh toirmeasc ar onnmhairí na ndramhaíolacha seo a leanas ón Aontas atá beartaithe lena n-aisghabháil i dtíortha nach bhfuil feidhm ag Cinneadh ECFE maidir leo:
(a)
dramhaíolacha a liostaítear mar dhramhaíl ghuaiseach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo;
(b)
dramhaíolacha a liostaítear mar dhramhaíl ghuaiseach sa liosta dramhaíola dá dtagraítear in Airteagal 7 de Threoir 2008/98/CE;
(c)
dramhaíolacha dá dtagraítear in Airteagal 4(3) agus dramhaíolacha a liostaítear i gCuid 2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo;
(d)
dramhaíl phlaisteach a aicmítear faoi iontráil B3011;
(e)
dramhaíolacha a liostaítear in Iarscríbhinn III nó Iarscríbhinn IIIB agus meascáin de chineálacha dramhaíolacha a liostaítear in Iarscríbhinn IIIA atá éillithe le hábhair eile a mhéid a mhéadaíonn na rioscaí a bhaineann leis an dramhaíl go leordhóthanach chun go mbeidh sé iomchuí iad a chur faoi bhráid an nóis imeachta um réamhfhógra agus réamhthoiliú i scríbhinn, agus na hairíonna guaiseacha in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2008/98/CE á gcur san áireamh, nó lena gcuirtear cosc ar aisghabháil na dramhaíolacha ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol;
(f)
dramhaíolacha nó meascáin dramhaíolacha ina bhfuil POPanna nó atá éillithe le POPanna i gcainníochtaí a shroicheann nó a sháraíonn teorainn tiúchana a shonraítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021;
(g)
dramhaíolacha guaiseacha nach n-aicmítear faoi iontráil aonair amháin in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo ná sa liosta dramhaíola dá dtagraítear in Airteagal 7 de Threoir 2008/98/CE;
(h)
meascáin dramhaíolacha guaiseacha agus meascáin dramhaíolacha guaiseacha le dramhaíl neamhghuaiseach nach n-aicmítear faoi iontráil aonair amháin in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo ná sa liosta dramhaíola dá dtagraítear in Airteagal 7 de Threoir 2008/98/CE;
(i)
dramhaíolacha ar fhógair an tír cinn scríbe ina leith go bhfuil siad guaiseacha faoi Airteagal 3 de Choinbhinsiún Basel;
(j)
dramhaíolacha a bhfuil toirmeasc curtha ar a n-allmhairiú ag an tír cinn scríbe;
(k)
dramhaíolacha a bhfuil cúis ag an údarás inniúil seolta a chreidiúint ina leith nach mbainisteofar iad ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, dá dtagraítear in Airteagal 59, sa tír cinn scríbe lena mbaineann; 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|