+Airteagal 39 Toirmeasc ar onnmhairí dramhaíolacha guaiseacha agus dramhaíolacha áirithe eile
---+Airteagal 39 1.
---+Airteagal 39 2.
---+Airteagal 39 3.
---+Airteagal 39 4.
---+Airteagal 39 5.
|
Airteagal 39 Toirmeasc ar onnmhairí dramhaíolacha guaiseacha agus dramhaíolacha áirithe eile
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 39 1.
|
Beidh toirmeasc ar onnmhairí na ndramhaíolacha seo a leanas ón Aontas atá beartaithe lena n-aisghabháil i dtíortha nach bhfuil feidhm ag Cinneadh ECFE maidir leo:
(a)
dramhaíolacha a liostaítear mar dhramhaíl ghuaiseach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo;
(b)
dramhaíolacha a liostaítear mar dhramhaíl ghuaiseach sa liosta dramhaíola dá dtagraítear in Airteagal 7 de Threoir 2008/98/CE;
(c)
dramhaíolacha dá dtagraítear in Airteagal 4(3) agus dramhaíolacha a liostaítear i gCuid 2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo;
(d)
dramhaíl phlaisteach a aicmítear faoi iontráil B3011;
(e)
dramhaíolacha a liostaítear in Iarscríbhinn III nó Iarscríbhinn IIIB agus meascáin de chineálacha dramhaíolacha a liostaítear in Iarscríbhinn IIIA atá éillithe le hábhair eile a mhéid a mhéadaíonn na rioscaí a bhaineann leis an dramhaíl go leordhóthanach chun go mbeidh sé iomchuí iad a chur faoi bhráid an nóis imeachta um réamhfhógra agus réamhthoiliú i scríbhinn, agus na hairíonna guaiseacha in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2008/98/CE á gcur san áireamh, nó lena gcuirtear cosc ar aisghabháil na dramhaíolacha ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol;
(f)
dramhaíolacha nó meascáin dramhaíolacha ina bhfuil POPanna nó atá éillithe le POPanna i gcainníochtaí a shroicheann nó a sháraíonn teorainn tiúchana a shonraítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021;
(g)
dramhaíolacha guaiseacha nach n-aicmítear faoi iontráil aonair amháin in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo ná sa liosta dramhaíola dá dtagraítear in Airteagal 7 de Threoir 2008/98/CE;
(h)
meascáin dramhaíolacha guaiseacha agus meascáin dramhaíolacha guaiseacha le dramhaíl neamhghuaiseach nach n-aicmítear faoi iontráil aonair amháin in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo ná sa liosta dramhaíola dá dtagraítear in Airteagal 7 de Threoir 2008/98/CE;
(i)
dramhaíolacha ar fhógair an tír cinn scríbe ina leith go bhfuil siad guaiseacha faoi Airteagal 3 de Choinbhinsiún Basel;
(j)
dramhaíolacha a bhfuil toirmeasc curtha ar a n-allmhairiú ag an tír cinn scríbe;
(k)
dramhaíolacha a bhfuil cúis ag an údarás inniúil seolta a chreidiúint ina leith nach mbainisteofar iad ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, dá dtagraítear in Airteagal 59, sa tír cinn scríbe lena mbaineann;
|
|
Airteagal 39 2.
|
Ní bheidh feidhm ag mír 1 den Airteagal seo maidir le dramhaíl atá faoi réir oibleagáid glacadh ar ais de bhun Airteagal 22 nó 25.
|
|
Airteagal 39 3.
|
I gcásanna eisceachtúla, féadfaidh Ballstáit foráil a dhéanamh, ar bhonn fianaise dhoiciméadach arna soláthar ag an bhfógróir, go n-eisiafar dramhaíl ghuaiseach shonrach a liostaítear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo nó sa liosta dramhaíola dá dtagraítear in Airteagal 7 de Threoir 2008/98/CE ón toirmeasc ar onnmhairiú dá dtagraítear i mír 1, i gcás nach léiríonn an dramhaíl sin aon cheann de na hairíonna a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2008/98/CE, agus na critéir agus na scoithluachanna agus teorainneacha tiúchana is infheidhme á gcur san áireamh maidir le haicmiú dramhaíola mar dhramhaíl ghuaiseach mar a shonraítear san Iarscríbhinn sin. I gcás ina ndearnadh tástáil chun measúnú a dhéanamh ar airí guaiseach dramhaíola agus trí leas a bhaint as tiúchan na substaintí guaiseacha mar a shonraítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2008/98/CE, is ag torthaí na tástála a bheidh tosaíocht.
|
|
Airteagal 39 4.
|
Fiú mura liostaítear dramhaíl mar dhramhaíl ghuaiseach in Iarscríbhinn V ná sa liosta dramhaíola dá dtagraítear in Airteagal 7 de Threoir 2008/98/CE, nó fiú má liostaítear i gCuid 1, Liosta B d’Iarscríbhinn V í, ní hionann sin agus a rá nach dtréithreofar a leithéid de dhramhaíl mar dhramhaíl ghuaiseach i gcásanna eisceachtúla, agus go mbeidh sí faoi réir an toirmisc ar onnmhairiú dá bhrí sin má léiríonn sí aon cheann de na hairíonna a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2008/98/CE, agus na critéir agus na scoithluachanna agus teorainneacha tiúchana is infheidhme á gcur san áireamh maidir le haicmiú dramhaíola mar dhramhaíl ghuaiseach de réir mar a shonraítear san Iarscríbhinn sin. I gcás ina ndearnadh tástáil chun measúnú a dhéanamh ar airí guaiseach dramhaíola agus trí leas a bhaint as tiúchan na substaintí guaiseacha a shonraítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2008/98/CE, is ag torthaí na tástála a bheidh tosaíocht.
|
|
Airteagal 39 5.
|
Sna cásanna dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4, cuirfidh an t-údarás inniúil lena mbaineann an t-údarás inniúil cinn scríbe atá beartaithe ar an eolas roimh dó cinneadh a dhéanamh maidir le toiliú le loingsithe beartaithe chuig an tír sin. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi chásanna mar sin roimh dheireadh gach bliana féilire. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig na Ballstáit uile, chuig Rúnaíocht Choinbhinsiún Basel i gcás ina dtagraíonn an fhaisnéis d’iontráil a liostaítear i gCoinbhinsiún Basel agus chuig Rúnaíocht ECFE i gcás ina dtagraíonn an fhaisnéis d’iontráil a liostaítear i gCinneadh ECFE. Ar bhonn na faisnéise a sholáthrófar, féadfaidh an Coimisiún barúlacha a thabhairt agus tugtar de chumhacht dó gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 80 chun Iarscríbhinn V a leasú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|